Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-pop-up-i-gcorcaigh-+-4-imeacht-eile!

Pop Up i gCorcaigh + 4 imeacht eile!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Pop Up Gaeltacht // An Balla, Corcaigh, Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair @ 20:00

Beidh snagcheol go leor le clos ó dheas i gCorcaigh mar a bhíonn go hiondúil timpeall an ama seo den bhliain agus an fhéile cheoil ag díriú ar an stíl sin faoi lán tseoil.

Má bhíonn sibh sa taobh sin tíre, ar chúis amháin nó eile, bí ar an eolas faoi Phop Up Gaeltacht Chorcaí agus ócáid mhí Dheireadh Fómhair! Buailfidh lucht labhartha na teanga le chéile in An Balla, Cúirt Hanover, tráthnóna Aoine. Mura féidir leat a bheith i láthair, beidh tú in ann grianghraif ón ócáid a fheiscint ar a gcuid leathanach ar na meáin shóisialta – Instagram agus Facebook.


Éigse Chluainín // Cluainín, Co. Liatroma, 25-28 Deireadh Fómhair

An bhfuil trácht cloiste agaibh ar Éigse Chluainín? Is i gContae Liatroma a bheidh a leithéid ar bun – féile a mhairfidh ar feadh ceithre lá, an deireadh seachtaine fada seo romhainn! Tá meascán mearaí d’ócáidí le bheith ar bun sa taobh sin tíre.

Beidh an dráma Medea, (thuas, a rabhas ag trácht air an tseachtain seo caite), le feiscint; eagrófar Pop Up Gaeltacht i dtábhairne Hegarty’s; seolfar leabhair éagsúla agus beidh ranganna Gaeilge ar bun chomh maith. Mar chuid de Chabaret Chluainín, ar an Satharn, cloisfear ón gceoltóir Sive (príomh-íomhá), Grooveline, Acabella agus Máirtín Mac Con Iomaire. Tá siúlóid treoraithe beartaithe chomh maith, mar aon le seisiúin chócaireachta!

Tá an clár ina iomláine le feisicnt ach cuairt a thabhairt ar theglenscentre.com


Comóradh 50 bliain ar Shéamus Ó Grianna, ‘Máire’ // Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, 25-28 Deireadh Fómhair

Is in Áislann Rann na Feirste a bheidh comóradh á dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Séamus Ó Grianna, nó ‘Máire’ mar a thug sé air féin. Cailleadh an t-údar 50 bliain ó shin in 1969. I rith an deireadh seachtaine fada seo, bí ag súil le hoíche mhór dhrámaíochta ar an Aoine! Beidh aos óg na háite ar ardán, mar aon le Noel Ó Gallachóir le seó nuascríofa faoi shaol Mháire, agus cuirfidh Aisteoirí Rann na Feirste dráma bunaithe ar ghearrscéal dá chuid i láthair na ndaoine.

Nochtfar leac chuimhneacháin ag oscailt oifigiúil na féile, agus cloisfear léachtaí faoin bhfear é féin ó Chathal Goan, an tOllamh Nollaig Mac Congáil, an Dr. Tony Mac Ruairí agus Róise Ní Bhaoill, i measc daoine eile. Ní díreach caint a chloisfear ach ceol chomh maith, Dé Sathairn – le Muintir Uí Dhomhnaill: Tríona, Máighréad agus a gcuid cairde. Mura bhfuil sé ar bhur gcumas dul ó thuaidh, gheobhaidh sibh léargas ar Shéamus ar chlár faisnéise atá curtha le chéile ag Damien Ó Dónaill agus a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu (Dé hAoine 25 DF) ag 14:00.


Seoladh albaim, Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay // The Cobblestone, BÁC, Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair @ 20:00

Is i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh a mhúnlaigh Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay a gcaidreamh ceoil agus anois tá an bheirt tagtha le chéile chun a gcéad albam a sheoladh.

Is ó Chorca Dhuibhne do Nicole agus is as Dún na nGall do Kyle, agus stíleanna na n-áiteanna sin le sonrú ar rianta an dlúthdhiosca Barra Taoide/High Tides. Ní leo féin atá siad, le haoicheoltóirí agus cairde móra ina dteannta, leithéidí Hamish Napier, Colm Broderick, Paul McClure agus Lucia MacPartlin. Seoladh an t-albam i gCorcaigh i rith na seachtaine agus chuig Baile Átha Cliath a rachaidh siad Dé hAoine, mar a seolfar é i dtábhairne The Cobblestone i Margadh na Feirme; as sin chuig An Daingean leo, áit a mbeidh seoladh acu i dtigh tábhairne na Cúirte ar an 1 Samhain agus i Seisiún Fhánada i nDún na nGall i lár na míosa seo chugainn. Ádh mór orthu.


Comórtas Ceoil – The Fiddler of Dooney // Eaglais Mheitidisteach, Sráid an Fhíona, Sligeach, Dé Sathairn 26 DF @ 11:00 (sóisear); Dé Domhnaigh 27 DF @ 14:00 (sinsear)

Uair sa bhliain bronntar aitheantais ar fhidléirí a bhfuil cumas thar na bearta iontu ó thaobh an cheoil de. Is mar chuid den gcomórtas ar a dtugtar The Fiddler of Dooney a dhéantar amhlaidh.

Comórtas a eagraítear i Sligeach atá i gceist agus atá ainmnithe i ndiaidh an dáin a chum W.B. Yeats, a raibh ceangal mór aige leis an gcontae. Tá dhá chraobh i gceist agus dá réir bronnfar duaiseanna orthu siúd a bheidh buach i rannóg na sinsear agus na sóisear. Tá Cathal Hayden, Bríd Harper, Séamus agus Manus McGuire i measc na mbuaiteoirí le blianta beaga anuas. Cé a thabharfaidh an svae leo i mbliana? Neosfaidh an aimsir… gach rath ar na hiomaitheoirí ar fad!

Níos mó