Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caith-me-uaim-an-carr-ar-mhaithe-le-rothai-beaga-an-tsaoil

Caith mé uaim an carr ar mhaithe le rothaí beaga an tsaoil

| Ronan O Dalaigh |

Dhá mhí ó shin, dhíol mé mo Volkswagen Passat le haghaidh an leagan is nua…Dawes ar dhath an airgid (rothar). Bhí cúpla cúis leis:

1. Bhí mé bréan de thrácht na mórchathrach. Rith sé liom nach raibh mé ‘i dtrácht’, ach gur mise an trácht! Mar a deir daoine iontacha: más athrú atá uait sa saol, is fútsa atá. 

2. Tá mé iarraidh a bheith níos aclaí ná na leaids eile ar fhoireann peile Na Gaeil Óga, rud atá fíor-dheacair a bhaint amach! Bhí uair an chloig breise sa lá den aclaíocht de dhíth orm.

3. Titfidh formhór an domhain as a chéile go hiomlán mura n-athraíonn muid ó a bheith ag brath ar charbón. Spreagadh beag!

Ach caithfidh mé a bheith ionraic agus a rá go raibh cur chuige sách sádach agam agus mé ag beartú éirí as an tiomáint le dul ag rothaíocht ar shráideanna fiáine Bhaile Átha Cliath. Is maith liom rudaí deacra agus mé féin a chur i mbaol ar mhaithe leis an chraic agus an aidréanailín. Bhí mé nach mór cinnte go mbeadh íobairt mhór i gceist agus nach mbeadh ach bua amháin leis i ndáiríre — cúpla céad like ar Instagram. 

Bhí mé ag súil le bheith fuair, fliuch, briste ag busanna agus moill orm i ngach áit. I ndáiríre, seo thíos fírinne scéal na rothaíochta sa chathair. 

Mar eolas, tá mé ag tiomáint timpeall Bhaile Átha Cliath ó bhí mé 17, sin os cionn 10 mbliana. Dá bharr, tá na sráideanna ar fad ar eolas agam, tá a fhios agam cá háit gur féidir páirceáil saor in aisce a fháil (Lána Digges, in aice leis an óstán nua The Merlin os rud é go mbíonn na glantóirí sráide ansin ní thagann na clampers riamh, is minic gur fhág mé carr ann ar feadh trí lá thar dheireadh seachtaine ar an drabhlás gan íoc agus ní bheadh clampa air riamh).Tá a fhios agam cén t-am den lá is fearr le héalú ón trácht agus araile.

Leis an eolas agus taithí sin bhí mé cinnte nach mbeadh sa rothaíocht ach breis ama. Díomasach a bhí mé. An chéad rud ar thug mé faoi deara ná an tsábháil airgid, Íosa Críost dár sábháil! Chaith mé €120 ar rothar athláimhe ón Rediscovery Centre i mBaile Munna. Bhí an t-airgead sin ar ais agam laistigh de 30 nóiméad. 

Gan trácht a dhéanamh ar an airgead a fuair mé ó dhíol an chairr, fuair mé €480 ar ais ón árachas nuair a chur mé an polasaí ar ceal — bua eile an sásamh a rá le na bastaird in earnáil an árachais in Éirinn go bhfuil mo chuid airgead ar ais uaim, sound!. Laistigh de sheachtain, bhí costas an rothair sábháilte i dtáillí páirceála (ní minic a bhíonn spás leis an Uasal Digges). 

Mótarcháin, e-Flow, Pitstop, Applus Car Testing Services (dream a ritheann an NCT ar bhrabús ollmhór), Shell agus na comhlachtaí déistineacha ola ar fad, sin liosta beag de na comhlachtaí ar fad nach gá dom a íoc níos mó. Is dócha gur shábháil mé ar a laghad €5,000 sa bhliain. 

An dara rud is mó a thug sásamh dom, a chuir iontas orm, agus a spreag mé ná an aithne nua a chuir mé ar an gcathair. Lánaí nua, eastáit tithíochta nua, páirceanna nua, bóithre nua, daoine nua agus an saol sin a ritheann leis an rothaíocht. 

Tá mé tite i ngrá arís le a bheith ag taisteal timpeall na cathrach. Seachas fuath a bheith agam air, bím anois ag súil leis! Agus tá craic iontach ag baint leis, rith sé liom le déanaí go bhfuil mé éirithe as smaoineamh faoin taisteal mar rud strusmhar — ‘an mbeadh trácht ann’, ‘ní bheadh mé in ann pionta a bheith agam má thógaim an carr’, ‘cé chomh fada a thógfaidh an turas’. Ní cuma faoi sin agus tú i do ridire rothaíochta, ar aghaidh liom ar an rothar agus bua an tsaoil a bhaint amach. 

Agus an t-am? Ar an méan, tógann sé an mhéid céanna ama orm taisteal timpeall na cathrach gach seachtain. Má fhágaim i lár an broidtrátha sábhálaim go leor ama —  bím níos tapúla ná an bus fiú. Ar an deireadh seachtaine caillim beagán ama, ach is cuma liom faoi sin toisc go bhfuil mé ag baint suilt as agus níl aon deifir orm. 

An t-aon laige atá ann ná an easpa bonneagair atá tógtha ag an stát agus an easpa measa atá ag na saps sa Chomhairle Cathrach ar an rothar. Is spórt atá ann uaireanta, agus cé go mbíonn mé gléasta mar chrann Nollag caithfidh mé an mhéar láir a thabhairt do thiománaithe nach bhfuil 28 soicind sa bhreis acu ar mhaithe le gan mé a mharú. 

Rothaí beaga an tsaoil, is breá liom iad.

Níos mó