Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cursa-gaidhlig-ar-fail-ar-duolingo-ar-deireadh

Cúrsa Gàidhlig ar fáil ar Duolingo ar deireadh

| Maitiu O Coimin |

Tá an cúrsa Gàidhlig ar an aip foghlama teangacha Duolingo ar fáil don ghnáthphobal ar deireadh. Fógraíodh níos luaithe i mbliana go rabhthas ag obair ar an gcúrsa agus go raibh súil ag Duolingo é a bheith ar fáil in 2020, ach tá an cúrsa Gàidhlig ar fáil tráthnóna. 

Tá éileamh mór, shílfeá, ar chúrsa Gàidhlig le fada an lá. Is minic lucht an diaspóra Albanaigh ag seoladh teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta do Duolingo ag iarraidh cúrsa a chur ar fáil dóibh. Cuirfidh cainteoirí Gaeilge in Éirinn an-spéis sa chúrsa nua freisin agus bealach an-éasca ar fáil anois dúinn teanga ár gcomrádaithe Gaelacha a fhoghlaim. 

Faoi láthair, tá trí ‘leibhéal’ ar an gcúrsa Gàidhlig, agus rannóga ar nós ‘frásaí’, ‘bia’, ‘mothúcháin’, ‘an teaghlach’ agus ‘dathanna’ ar fáil ann. Is dóigh go gcuirfear leis na leibhéil agus na rannóga sin de réir a chéile, mar a tharla le teangacha eile ar an aip foghlama teanga. 

Ar ndóigh cuireadh an Ghaeilge ar fáil ar Duolingo i mí Lúnasa 2014. Ó shin chláraigh breis agus ceithre mhilliún duine don chúrsa sin, agus beagán faoi bhun an mhilliúin á úsáid go rialta leis an nGaeilge a fhoghlaim. 

“An t-oideachas a chur ar fáil do chách saor in aisce agus go spraíúil, sin an sprioc atá againn,” arsa Colin Watkins, bainisteoir Duolingo in Albain.

“Tá súil againn go mbeidh gach duine ar mhaith leo borradh a chur faoi Ghaeilge na hAlban ag roinnt an chúrsa lena gclann agus lena gcairde.”

Is é Duolingo an aip teanga is mó ar domhan. Is acmhainn ar leith atá ann a thabharfaidh an chéad bhlaiseadh den teanga do dhaoine a bhfuil suim acu inti, agus dóibhsean atá ag iarraidh a scileanna teanga a thabhairt chun cinn. Cé gur dócha nach dtabharfaidh Duolingo féin líofacht teanga do dhuine, is dea-thosú a bheadh ann dóibhsean atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. 

Tá feachtas ar siúl le fada ag an gcuntas scige @TheDailyGael ar Twitter cúrsa Gàidhlig a fháil ar Duolingo. Ag labhairt dó le NÓS an samhradh seo, dúirt duine a bhaineann leis an gcuntas anaithnid go bhfuil “suim mhór ag go leor daoine in Albain agus ar fud an domhain” sa nGàidhlig agus ndéanfaidh Duolingo é níos éasca ar dhaoine í a fhoghlaim. 

Seoladh Duolingo in 2011 agus faoi láthair tá níos mó ná 300 milliún úsáideoir ag foghlaim thart ar 90 teanga, teangacha mionlaithe ina measc.

Níos mó