Chinn Senedd na Breataine Bige tráthnóna inné gur dhá ainm, seachas ainm Breatnaise amháin, a thabharfar feasta ar an bparlaimint in Caerydd.
Vótáil móramh ar son ‘Senedd’ agus ‘The Welsh Parliament’ a thabhairt ar chomhthionól na Breataine Bige. D’fhág sin gur diúltaíodh do leasú gur i mBreatnais amháin a bheadh teideal na hinstitiúide feasta.
Mhol Rhun ap Iorwerth, feisire de chuid Plaid Cymru, an rún nach dtabharfaí ach ‘Senedd’ ar an chomhthionól ach diúltaíodh dá mholadh le 39 vóta in aghaidh 16.
Léirigh pobalbhreith de chuid YouGov poll go raibh 45% den phobal i bhfabhar ‘Senedd’ amháin a thabhairt ar an chomhthionól agus 28% a dúirt go mb’fhearr leo leagan sa dá theanga.
Bhí feachtas á reáchtáil ag daoine aitheanta as an Bhreatain Bheag ag éileamh gur ‘Senedd Cymru’ amháin a thabharfaí ar pharlaimint na tíre sin feasta.
Nuair a pléadh an rún den chéad uair mí ó shin, dúirt an t-iarChéad-Aire Carwyn Jones, a bhí i bhfabhar dhá ainm a thabhairt ar an chomhthionól go raibh “an baol ann” nach dtuigfeadh daoine ‘Senedd’.
Rinne Leena Sarah Farat ón chumann Breatnaise ‘Cymdeithas yr Iaith Cymdeithas yr Iaith Gymraeg’ trácht ar Dháil Éireann agus Bundestag na
Gearmáine agus an cás á dhéanamh aici ar son ainm Breatnaise amháin.
“Mura bhfuil gá le leagan Béarla de ‘Dáil’ nó ‘Bundestag’, cén fáth nach féidir linne amhlaidh a dhéanamh i gcás ‘Senedd’?” a dúirt sí.
“Tá muid ag iarraidh go mbeadh muinín ag polaiteoirí as ár dteanga, as an Bhreatain Bheag agus as a muintir go léir, bíodh siad ina gcainteoirí Breatnaise nó ná bíodh, agus ainm Breatnaise amháin a thabhairt dár Senedd, ainm ar linne ar fad é,” ar sí.