Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-liteartha-an-daingin-+-4-imeacht-eile

Féile Liteartha an Daingin + 4 imeacht eile

| Sinead Ni Uallachain |

Féile Liteartha an Daingin // 22-24 Samhain, An Daingean, Co. Chiarraí 

Cuirfear tús i mbliana le féile nua ar leithinis Chorca Dhuibhne, is é sin Féile Liteartha an Daingin. Tá oiread féilte ar bun timpeall na tíre, go háirithe sa Daingean agus sa cheantar máguaird, go gcaithfidh go mbíonn sé deacair ag an lucht eagraithe, je ne sais quoi faoi leith a aimsiú le haird na ndaoine a tharraingt.

Treise, má sea, leis an dream áirithe seo atá tar éis ócáidí Gaeilge agus Béarla le dealramh a thiomsú don gclár, idir imeachtaí le húdair éagsúla agus cheardlanna chomh maith. Beidh Fintan O’Toole ag imeacht ó dheas, lena chuid tuairimí ar Éirinn agus cad a thitfidh amach le linn na bliana 2020 a roinnt – cá mbeimid ó thaobh an Bhreatimeachta de, cad a tharlóidh do chultúr na hÉireann agus an mbeadh tionchar ag Éire Aontaithe ar theanga na Gaeilge? Cíorfaidh sé na ceisteanna sin, mar aon le tuilleadh faoinár sochaí.

Labhróidh an t-údar Caroline Foran le Deanna O’Connor i dtaca le féinmhuinín agus dúlagar imní; agus beidh beirt na leabhar faoi Aisling – na scríbhneoirí Sarah Breen agus Emer McLysaght – i dtábhairne The Dingle Pub, d’ócáid thaitneamhach le bia agus deoch, agallamh beo leo beirt agus seisiún do cheisteanna agus freagraí. 

Ó thaobh na Gaeilge de, beidh oíche ómóis ann do Mhaidhc Dainín Ó Sé, le ceol, rince agus amhráin óna mhuintir agus a chairde, ina measc Páidí Mharthain Mac Gearailt agus Fergus Flaherty. A chara dílis, Mícheál de Mórdha a bheidh ina fhear an tí.

Tabharfaidh Máiréad Uí Dhomhnaill éachtaint dúinn ar shaol agus shaothar cheathrar a d’fhág oidhreacht shaibhir litríochta againn, sin iad: Seán Ó Lúing, Annraoi Ó Liatháin, Úna Ní Mhaoileoin agus Dónall Mac Amhlaigh.

Agus léireofar ómós do Danny Sheehy, Domhnall Mac Síthigh, nuair a chasfaidh a chairde ceolmhara Glen Hansard, Muireann Nic Amhlaoibh agus Matt Griffin dánta dá chuid, agus ceol curtha leo. Míneoidh siad na cúiseanna a roghnaigh siad na dánta áirithe seo. Ana-dheireadh seachtaine geallta ó dheas, caith súil ar chlár iomlán na féile ag dinglelit.ie

Seoladh an leabhair, ‘Sa Teach seo Anocht’ // An Ceathrú Póilí, Béal Feirste, Dé Sathairn 23 Samhain @ 16:00

Sa Teach seo Anocht an teideal atá ar úrscéal nua Mhichíl Uí Chonghaile. Baineann scéal an leabhair le fear atá ar tí ní hamháin an tigh inar tógadh é a fhágaint, ach a bhean agus a mhac óg chomh maith. Seo blaiseadh:

Anocht m’oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar a bhfuillim i mo chónaí le mo bhean le deich mbliana anaus agus le mo mhac Shane lena leath sin. Máidin amárach fágfaidh mé an teach seo, mo bhean … is mo mhac i mo dhiaidh. 

Is faoi Fhionntán de Brún a bheidh sé an saothar nua seo a sheoladh ag an deireadh seachtaine, i mBéal Feirste. Is in An Ceathrú Póilí, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a dhéanfar amhlaidh. Mar a tharlaíonn tá ceardlann do scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag comhlacht foilsitheoireachta an údair, Cló Iar-Chonnacht Dé Sathairn chomh maith, i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste – ach an sprioc caite le bheith san áireamh do sin, faraor. Deireadh seachtaine gnóthach roimh fhoireann na bhfoilsitheoirí!  

Cruinniú Cinn Bhliana Na Gaeil Óga // Penny Hill, Leamhcán, Dé Sathairn 23 Samhain @ 18:00

Tá borradh nach beag faoi Na Gaeil Óga, agus iad ag treabhadh ghort na caide agus na hiománaíochta ó bunaíodh iad siar sa bhliain 2010. Tá líon na bhfoirne méadaithe ó shin agus líon na ndaoine ar mian leo bheith páirteach leo chomh maith. Má tá tú ar dhuine acusan, bí ar an eolas go reáchtálfar Cruinniú Cinn Bhliana tráthnóna Shatharn – deis dóibh siúd a mbeadh spéis acu cúnamh a thabhairt a n-ainm a chur chun cinn. Cloisfear tuairiscí na n-oifigeach ón gcoiste agus rachfar siar ar bhóithrín na smaointe chun súil a chaitheamh ar gach atá bainte amach ag an gclub i rith na bliana 2019.

Closeup on handmade ornaments for sale at the local craft market. Colorful background

Aonach ceirde Chluain Dolcáin // Áras Chrónáin, Dé Domhnaigh 24 Samhain @ 14:00

Ní fada uainn an Nollaig! Má tá bronntanais á lorg agaibh, seans go dtiocfaidh sibh ar chuid acu ag Aonach Ceirde Chluain Dolcáin ag an deireadh seachtaine. Beidh breis is 35 seastán ar an láthair agus ábhar éagsúla ceardaíochta ar díol ag muintir na háite agus an cheantair mháguaird. Beidh siopa beag caife ann ar an lá chomh maith agus deis ag lucht freastail a bheith san áireamh do chrannchur an lae, ach ticéad a cheannach – beidh ciseán mór d’earraí le buachaint! 

Saor-chead isteach.

Pop Up Gaeltacht na Samhna, The Four Provinces, Camaigh, Baile Átha Cliath Déardaoin 28 Samhain @ 20:00

Tá beoir Four Provinces blaiste agam agus táim tógtha léi! Tá obair mhór déanta ag dream an chomhlachta, agus le déanaí d’osclaíodar tábhairne sa Chamaigh, leis an teideal céanna air. Bhí áthas orm a fheiscint mar sin, gur roghnaíodh é mar láthair do Phop-Up Gaeltacht na míosa seo. Beidh slua ag bailiú le chéile ann, ar an Déardaoin deireanach don mhí, mar is iondúil. Go n-éirí leis an dream eagraithe agus leo siúd a bheidh ag caitheamh siar ag an imeacht!

Níos mó