Glacadh sa Dáil agus sa Seanad inniu le rún faoi athcheapachán an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill.
Aontaíodh sa dá thigh go gcuirfí ainmniúchán Uí Dhomhnaill faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an chéad chéim eile sa phróiseas athcheapacháin.
Tá Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile.
Má ghlactar i dTithe an Oireachtais leis an ainmniúchán, Uachtarán na hÉireann a athcheapfadh Ó Domhnaill ina dhiaidh sin.
Is as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara do Rónán Ó Domhnaill agus is é an dara duine a ceapadh ina choimisinéir teanga in Éirinn.
I mí Márta 2014 a cheap Uachtarán na hÉireann Ó Domhnaill ina choimisinéir teanga. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga, a d’éirigh as a chúram mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na teanga.
Iar-iriseoir agus iar-chomhfhreagraí le Nuacht TG4/RTÉ é Rónán Ó Domhnaill.
Bhí a iarfhostóirí i measc na ndreamanna a ndearna sé iniúchadh orthu ó ceapadh é.
Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige, dúirt sé gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge.