Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tiocfaidh-an-la-a-bheidh-naire-ar-mheiricea-faoi-sceal-kaepernick

Tiocfaidh an lá a bheidh náire ar Mheiriceá faoi scéal Kaepernick

| Maire Treasa Ni Cheallaigh |

Tá cúpla alt scríofa agam faoi chás an imreora peile Meiriceánaí, Colin Kaepernick, agus an drochbhail a cuireadh air mar gheall ar a sheasamh in aghaidh drochíde na bpóilíní in aghaidh daoine dubha. 

Níor imir sé le trí bliana, ón uair go ndeachaigh sé síos ar a ghlúin agus amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe á sheinm roimh chluichí. Ghlac sé leis an ‘seasamh’ seo, le haird a tharraingt ar líon na ndaoine dubha atá á gcaitheamh agus á marú ag póilíní i Meiriceá, go minic gan chúis ná fianaise.

Ó shin, tá an tslí bheatha a bhí aige caillte aige, tá sé tarraingthe óna chéile ag na milliúin, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ina measc. Go tobann, le seachtain fógraíodh go mbeadh siad ag tabhairt deis do Kaepernick taispeántas a dhéanamh ós comhair cóitseálaithe éagsúla in iarracht áit a fháil dó ar fhoireann éigin. 

Sin togha, ach ní mórán fógra a tugadh do Kaepernick ná do na foirne éagsúla. Mar sin, is beag seans go n-éireoidh leis aon áit a fháil, agus má éiríonn, ní haon fhoireann mór a bheidh ann, go háirithe agus é ag tarlú le linn an tséasúir imeartha agus foirne gnóthach cheana féin ag imirt cluichí.

Go deimhin, níl ach 11 foireann in ann glacadh le duine nua, as 32 foireann. Insíonn sé sin a scéal féin. 

Theastódh a leithéid go géar ó na Dallas Cowboys, ach b’fhearr leis an úinéir atá acu déanamh gan é mar gheall ar a agóid.

Tá sé ráite ag Kaepernick go bhfuil sé aclaí agus go bhfuil trí bliana caite aige ag fanacht leis an deis seo. In 2017, thóg sé cás in aghaidh na sraithe peile, ag rá gur fágadh gan conradh é mar gheall ar chlaonpháirtíocht idir na húinéirí ar fad nár aontaigh leis. 

Mí Feabhra, ba léir gur thuig na húinéirí nach n-éireodh leo ina aghaidh sa gcás, nó thuig siad nach mbeadh aon phoiblíocht mhaith le fáil as agus tháinig siad ar réiteach príobháideach leis. Ní fios cé mhéad airgid a fuair sé, ach seans maith nach raibh a dhóthain ann. 

Tá rudaí sa saol atá níos tábhachtaí ná peil agus spórt, creid nó ná creid é. Ach is minic gurbh iad na lúthchleasaithe a chaitheann solas ar na mórcheisteanna sóisialta. Sheas Muhammad Ali in aghaidh na n-údarás tráth, agus d’fhulaing sé. D’íoc gleacaithe i Meiriceá as labhairt amach faoi dhochtúir a rinne ionsaithe gnéis ar ghasúir a bhí ag traenáil i dtreo na gCluichí Oilimpeacha. 

Seans maith go bhfuil fulaingt déanta ag Kaepernick ón lá a rugadh é mar gheall ar an dath atá ar a chraiceann. Agus nuair a labhair sé amach, ag baint úsáid as an gcáil a bhí air, is fir gheala a chuir smacht air. Agus cén fáth nach ndéanfadh agus fear mór geal saibhir eile sa Teach Bán? Tiocfaidh an lá a bheidh náire ar Mheiriceá faoin scéal seo. 

Níos mó