Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-5-‘eispeireas’-is-feidir-a-thabhairt-don-nollaig

5 ‘eispéireas’ is féidir a thabhairt don Nollaig

| An Gael Glas |

Tá an Nollaig buailte linn arís, agus arís eile beidh carnán bronntanas faoi chrainnte ar fud na hÉireann, boscaí móra cairtchláir agus plaisteacha réidh le caitheamh amach an lá dar gcionn. Is maith linn go léir bronntanas a fháil, agus is fearr le cuid againn iad a thabhairt fiú! Ach is tubaiste í an Nollaig don chomhshaol, agus is minic a dhéantar dearmad ar bhronntanais áirithe i ndiaidh tamaill. Mura bhfuil do chuid siopadóireachta déanta agat go dtí seo, caith súil ar an liosta seo do smaointe nach ngortóidh an pláinéad chomh mór céanna le bronntanas ‘jóc’ eile déanta as plaisteach ag páistí óga san Oirthear.


Ticéid

Faigh ticéd féile don chara is fearr leat i mbliana!

Ní haon smaoineamh úr an ceann seo! Ach tá sé ar cheann de na bronntanais is fearr is féidir a thabhairt do dhuine — ticéad do cheolchoirm, dráma nó ócáid eile a thaitneoidh go mór leis. Má tá aithne an-mhaith agat ar an duine, beidh na ceoltóirí, aisteoirí, drámaí nó ealaíontóirí is fearr leis ar eolas agat. Bíonn an oiread sin rudaí ag tarlú ar fud na tíre achan mhí, beidh taispeántas nó féile, ceoldráma nó ceolchoirm ar siúl a fheilfidh do gach duine. Má tá sé i gceist agat airgead mór a chaitheamh ar an duine, d’fhéadfá ticéad traenach go Baile Átha Cliath nó Béal Feirste a fháil freisin, agus ócáid thar oíche a dhéanamh den bhronntanas. Fiú mura bhfuil an ticéad ar fáíl go fóill, is leor dearbhán lámhdhéanta agus geallúint ann go gceannófaí ar ball é (Féile na Gealaí ar an 12 Meitheamh, mar shampla!) 

Dúshlán

Turas sléibhe Galz Gone Wild

D’fhéadfadh sé go n-éireodh go han-mhaith le bronntanas mar seo, nó go mbeadh an ghráin ag an duine eile air, mar sin bí cúramach! Ach is iontach an féirín é don duine ceart táille iontrála do dhúshlán éigin ar nós maratóin, nó comórtas Ironman a íoc, nó táille ballraíochta in eagraíocht ar nós Shléibhteoireacht Éireann nó táille na spórtlainne áitiúla a chlúdach.

Ar mhaith leis an duine an sliabh is airde in Éirinn a dhreapadh, b’fhéidir, nó go díreach spórt nua a chleachtadh? Tá comhlachtaí atá dírithe ar dhaoine nach bhfuil mórán taithí acu ar scileanna áirithe ar nós na sléibhteoireachta nó na cadhcála ag teacht chun cinn ar fud na tíre, agus costais an-réasúnta ach ar thurais lae. Tá Galz Gone Wild iontach do na mná! 

Céard faoi imeacht spraíúil ach dúshlánach ar nós Turf Warrior, Tough Mudder nó Mud Monster?

Tá cumainn Ghaelacha ar nós Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Gaeil na Gaillimhe ar an bhfód i gcathracha éagsúla timpeall na hÉireann — céard a déarfá le stocaí nua peile agus táille bliana don chumann? 

Dúlra 

Tá an domhan agus a bhfuil ann iontach, ach is minic muid dall ar áilleacht an nádúir agus an dúlra atá thar timpeall orainn. Ar an dea-uair, tá an chuid is mó den dúlra saor in aisce. Is maith liomsa dearbhán lámhdhéanta a thabhairt do dhuine a gheallann lá faoin tuath ag áit éigin álainn ar nós na Boirne nó Clochán na bhFomhórach. Seans gurbh fhearr leatsa suim bheag airgid a chaitheamh ar bhronntanas, ach is féidir teacht i dtír ar an nádúr go fóill agus airgead á chaitheamh agat. 

Céard faoi thuras amach ó iarthar an Chláir ag breathnú ar dheilfeanna le Carrigaholt Dolphin Watch (tá níos mó acu ansin ná mar atá sa Daingean!), nó cuairt ar Ionad Náisiúnta na Seabhac i gCill Mhantáin le haghaidh seisiún seabhcóireachta? Tá Wild Food Mary i gContae Uíbh Fháilí iontach do dhaoine ar mhaith leo a gcuid beatha féin a bhailiú ó chrainnte an bhóthair ach gan tuairim acu cén áit le tosú. 

Bia

Is féidir an t-uafás rudaí a dhéanamh le ‘bronntanas bia’. Ar ndóigh, an ceann is éasca ná duine a thabhairt amach do bhialann ghalánta agus béile mór blasta a cheannach dó. Ach nárbh fhearr béile trí chúrsa a réiteach thú féin sa bhaile agus do chroí agus anam a chur isteach sa bhronntanas? Nó más beadaí ceart é do chara, nach gceannófá ranganna cócaireachta dó — rud éigin spéisiúil nach bhfuil déanta cheana aige: véigeanachas nó bia na hÁise/na hAfraice? 

Ranganna 

Athbhliain athmhise, mar a deir an seanfhocal, agus buíochas le Dia go mbeidh go leor scoileanna oíche ag cur tús le téarma nua ranganna i mí Eanáir, cúpla seachtain i ndiaidh na Nollag. An bhfuil do chailín de shíor ag rá gur mhaith léi an Ghaeilge a fhoghlaim? Tá ranganna Ghaelchultúir ar fáíl! Ar mhaith le d’athair barr feabhais a chur ar a scileanna líníochta? Tá ranganna líníochta ar fáil i scoileanna ealaíne ar fud na hÉireann! Ar mhaith le do dheartháir máistreacht a fháil ar an gcniotáil? Tá rang ann chuige sin freisin. Ealaín, ceol, teangacha, ceirdeanna, agus araile agus araile agus araile. Is dóigh gurb é seo an bronntanas is fearr a d’fhéadfá a thabhairt do dhuine eile — scil nua a thabharfaidh saol nua dó. 

Níos mó