Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-chead-reilig-phriobhaideach-sa-ghaeltacht-le-hoscailt-ar-an-gceathru-rua

An chéad reilig phríobháideach sa Ghaeltacht le hoscailt ar an gCeathrú Rua

Osclófar agus beannófar reilig nua príobháideach i gConamara an tseachtain seo chugainn. Nollaig.

Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne a bheidh ag cur tús le seal saoil na reilige i gCladhnach ar an gCeathrú Rua.  Ócáid ar leith a bheidh inti mar ní dóigh go bhfuil a leithéid seo de reilig in áit ar bith eile i gcontae na Gaillimhe ná ar fud na Gaeltachta.

Reilig í seo a ndearnadh forbairt uirthi go príobháideach.  Bobby Mac Donnchadha, fear gnó as Eanach Mheáin i gceantar na nOileán i gConamara a chaith a chuid airgid féin ar fhorbairt ne reilige ar a chuid talún féin.  Díreach le hais na reilige atá i gCladhnach cheana féin, reilig atá ionann agus a bheith plódaithe anois, atá an reilig nua  Tá spás inti le haghaidh 650 uaigh agus beidh spás do 1,000 corp inti ach a mbeidh sí críochnaithe.

Fógróidh an tAire Stáit Kyne an reilig oscailte ar maidin Dé Luain seo chugainn, an 9 Nollaig, agus beannófar an talamh an uair sin chomh maith. As sin amach beidh áirithintí dá dtógáil ar phlásóga ar €1,250 agus íocfaidh sé sin as dhá uaigh.  Beidh €350 le n-íoc as oscailt agus dúnadh isteach uaigh.

Tá cead pleanála faighte le haghaidh na reilige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá na plásóga marcáilte amach cheana féin.  Tá cosán coincréite curtha ar chúl na bplásóg rud a fhágann gur féidir clocha cuimhneacháin a leagan ar an mbunchloch sin.

Beidh spás suite i lár na reilige do dhaoine a bheadh ag freastal ar shochraid nó a bheadh ag tabhairt cuairte ar uaigh.

Breathnaíonn sé go bhfuil obair mhaith déanta ar an bpíosa talún seo atá gearrtha amach as an sliabh i gCladhnach.

Fiú in aimsir fhliuch mhí na Samhna, bhí an fód go breá tirim faoi do chois nuair a thug Tuairisc.ie cuairt ar an reilig nua.

Beidh costas dá chur ar oscailt agus ar dhúnadh uaigheanna mar go mbeidh meaisín beag á úsáid.  Dúirt Bobby Mac Donncha go bhféadfadh baol timpiste a bheith ag baint leis na seanbhealaí oibre – cur i gcás go dtitfeadh bruach isteach ar dhaoine a bheadh ag sluaisteáil.  De bharr coinníollacha sláinte agus sábháilteachta caithfear a bheith airdeallach faoi seo agus tá cúrsaí árachais le cur san áireamh freisin.

Dúirt Bobby Mac Donnchadha go mbeadh sé sásta an reilig a dhíol le Comhairle Chontae na Gaillimhe bunaithe ar ghnáthchleachtais gnó.  Ach mura bhfuil an Chomhairle sásta iarraidh a thabhairt faoi sin leanfar ar aghaidh ag láimhsiú na reilige ar bhonn príobháideach.

Cé nach é seo an bealach traidisiúnta a ndéantaí riaradh ar reiligeacha, d’fhéadfadh an fhorbairt seo a bheith ina shampla d’fhiontraithe eile.

Tarraingíodh cruinniú do Chomhairleoirí Contae Chonamara in aon turas le gairid faoin nganntan spáis i reiligeacha an cheantair.  Is beag dul chun cinn a rinneadh agus deirtear nach bhfuil an t-airgead ná an talamh ag an gComhairle Contae faoi láthair chun an fhadhb a leigheas.

Cuireann forbairt na reilige nua agus an oscailt oifigiúil Dé Luain seo chugainn cor nua i scéal na reiligeacha – agus sa saol freisin bhféidir – i gConamara.

Níos mó