Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bearfaidh-bo-eigin-lao-eigin-la-eigin’-–-cur-chuige-bille-teanga-cainte-ag-uachtaran-oireachtas-na-gaeilge

‘Béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin’ – cur chuige bille teanga cáinte ag Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

| Tuairisc.ie |

‘Béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin’ an fhealsúnacht atá taobh thiar don bhille teanga nua a gcuirfear tús lena phlé i nDáil Éireann ar maidin.

Sin a bhí le rá ag Uachtarán nuathofa Oireachtas na Gaeilge Gearóid Denvir faoin reachtaíocht teanga chonspóideach ar ghlac an rialtas léi an tseachtain seo caite.

Tá an reachtaíocht nua in ainm is an t-acht teanga a leasú chun cur leis na seirbhísí atá ar fáil ón Stát i nGaeilge agus cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú.

Ach tá cáineadh go leor déanta ar an mbille ó foilsíodh é toisc a laige is atá sé dar le mórán.

Is é Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, an t-údar agus iar-ollamh le Gaeilge Gearóid Denvir, an saineolaí is déanaí a bhfuil amhras mór léirithe aige faoi fhiúntas an bhille.

‘Béarfaidh bó éigin lao éigin lá éigin’ an fhealsúnacht atá taobh thiar dó [an bille]. Níl aon spriocdhátaí ná spriocanna cinnte luaite, níl aon chinnteacht ann. Tá sé lán le briathra bladair ach cén uair a chuirfear na moltaí seo i bhfeidhm? Níl ann ach tuilleadh de na geallúintí céanna agus bréagmhaisiúcháin,” a dúirt Gearóid Denvir.

Tá an bille cáinte go láidir chomh maith ag an sochtheangeolaí agus saineolaí ar an reachtaíocht teanga John Walsh a dúirt go raibh bille teanga “níos treise agus níos téagartha tuillte ag pobal na Gaeilge”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh tada sa reachtaíocht teanga nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát freastal ar phobal na Gaeltachta “ina dteanga dhúchais”.


Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?


Cé go ndúirt sé gur “chéim thábhachtach” é foilsiú an Bhille, a gealladh i dtosach breis is seacht mbliana ó shin, dúirt an Coimisinéir Teanga gur “údar imní” na laigí, dar leis, atá air.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an bhille agus mhaígh siad go bhféadfadh sé “cothrom na Féinne agus comhionannas a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ón Stát den chéad uair riamh” agus “éagóir stairiúil” a chur “ina ceart”.

Bhí sé sin “ar fad ag brath”, áfach, ar leasuithe a bheith déanta ar an mbille i dTithe an Oireachtais, a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge Seán Ó Coinn go mbeidh an eagraíocht teanga “ag iarraidh gach tacaíocht a thabhairt lena chinntiú go n-éireoidh le cuspóirí an Bhille”.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur “tús dearfach” le “próiseas fadtéarmach” a bhí sa bhille agus gur “ré nua don Ghaeilge é freisin”.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaidh an bille teanga nua ar ghlac an Rialtas an leis an tseachtain seo caite “difear mór don Ghaeilge agus do shaol na teanga sa tír seo”.

Tá cáineadh láidir déanta ar an mbille agus ar an Rialtas ag mórpháirtithe an fhreasúra go léir.

Níos mó