Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bheadh-se ‘cineal-seafoideach’-post-a-fhagail-folamh-toisc-gan-aon-ghaeilge-a-bheith-ag-duine-–-an-taoiseach

Bheadh sé ‘cineál seafóideach’ post a fhágáil folamh toisc gan aon Ghaeilge a bheith ag duine – An Taoiseach

| Tuairisc.ie |

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh sé “cineál seafóideach” duine a chur ó dhoras agus post a fhágáil folamh toisc gan aon Ghaeilge a bheith aige.

Phléigh an Taoiseach ceist an bhille Ghaeilge nua inniu ag a chruinniú deireadh bliana le comhfhreagraithe polaitíochta Theach Laighean. Agus ceist a chuir comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta, Mícheál Ó Leidhin, air á freagairt aige, dúirt an Taoiseach gur mhaith leis go mbeadh an bille teanga conspóideach achtaithe le linn an chéad leath de 2020.

Cé go ndúirt an Taoiseach go ndéanfaí aon leasuithe “fiúntacha” ón bhfreasúra a mheas sa bhliain nua, dúirt sé go gcaithfí aird a thabhairt ar an imní a léirigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ranna agus forais eile faoin deacracht a bhainfeadh le príomhchuspóir an bhille a bhaint amach.

Tá easaontas idir páirtithe an fhreasúra agus an Rialtas faoi fhiúntas an bhille a foilsíodh le déanaí, go háirithe mar gheall ar an easpa spriocamanna agus sonraí cinnte faoi dhualgais ann. Dheimhnigh an Taoiseach inniu gur chuir  ranna eile go láidir i gcoinne cuid de na moltaí a bhí ann maidir leis an reachtaíocht nua a bhfuil sé mar sprioc aici go mbeadh 20% d’oibrithe sa tseirbhís phoiblí ina nGaeilgeoirí uair éigin amach anseo.

“Is cinnte go raibh roinnt imní agus agóidí ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar a bhí ag ranna rialtais agus ag forais eile mar gurb é a dtuairim nuair atá sé deacair daoine a earcú ar aon nós, gur deacra fós a bheidh sé má shocraítear go gcaithfidh 20% d’earcaithe a bheith ina nGaeilgeoirí.

“Ní fhéadfaidh mise neamhaird a thabhairt ar an imní sin, agus níor stuama an mhaise dom a dhéanamh. Tráth a bhfuil sé deacair daoine a earcú de bharr lánfhostaíocht a bheith sa tír seo, feictear dom go mbeadh sé cineál seafóideach duine a chur ó dhoras agus post a fhágáil folamh toisc gan aon Ghaeilge a bheith ag an duine sin.


Na sceana á ngéarú sa Dáil do bhille ‘lag’ teanga

Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?


“Is léir mar sin go gcaithfear an rud seo a dhéanamh i gceart agus an bhéim a chur ar Ghaeilgeoirí a earcú do na poist sin sa líne thosaigh ina mbítear ag déileáil le daoine a bheadh ag plé leis an Rialtas i nGaeilge,” arsa an Taoiseach.

Cuireadh i leith an Rialtais sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil “praiseach” déanta acu den bhille teanga tar éis dóibh “ocht mbliana a chaitheamh ar gor air”.

Deir an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” atá sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach deir an freasúra gur údar mór “díomá” atá ann.

Ag labhairt dóibh le Tuairisc.ie, dúirt mórpháirtithe an fhreasúra go léir go raibh “díomá” orthu faoin mbille nua a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite agus thug siad le fios go mbeadh leasuithe suntasacha á mholadh acu ina leith.

Fágann seasamh an fhreasúra agus baill  choiste Oireachtais na Gaeilge go ndéanfar an bille a leasú i dTithe an Oireachtais chun, mar shampla, go mbeidh spriocam luaite leis an bplean earcaíochta ann, leasú a dhealraíonn sé atá curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta agus a chomhghleacaithe rialtais.

Meastar go bhféadfadh go bhfágfadh an t-easaontas idir an rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas an bhille go gcuirfear moill ar an mbille i dTithe an Oireachtais agus gur ar éigean a bheidh sé achtaithe roimh an olltoghchán atáthar ag súil leis an bhliain seo chugainn.

Níos mó