Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘coinneal-na-nollag’-i-mbearna-agus-imeachtai-eile-nollaigiula!

‘Coinneal na Nollag’ i mBearna agus imeachtaí eile Nollaigiúla!

| Sinead Ni Uallachain |

Cruinniú Cinn Bhliana Chlub an Chonartha Cóisir na Nollag // Dé hAoine 6 Nollaig óna 19:00

Beidh baill choiste Chlub an Chonartha ag teacht le chéile anocht chun todhchaí na háite a phlé ag a gCruinniú Cinn Bhliana. Más mian leat a bheith páirteach leo amach anseo, is féidir leat a bheith i láthair, ach teagmháil a dhéanamh leo roimh ré, runai@anclub.ie

Beidh cóisir na Nollag ar bun i ndiaidh an chruinnithe ansin! Beidh ceol agus craic ann…pióga na Nollag le blaiseadh chomh maith! 

Seoladh an leabhair ‘Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí’ // Leabharlann Ráth Chairn, Co. na Mí Dé hAoine 6 Nollaig @ 19:30

Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí teideal leabhar le Simon Ó Cróinín, a sheolfar tráthnóna i Ráth Chairn Glas na Mí. Díríonn an leabhar ar obair na mbeach agus ar iarrachtaí thriúr fear chun bonn a chur faoin mbeachaireacht ar bhánta an chontae. Tugtar eolas beacht sa leabhar faoi thalamh, plandaí, ainmhithe agus muintir na Mí — seoid dóibh siúd atá ag cur fúthu ann agus iad siúd a bhfuil spéis i gcoitinne acu sa nádúr. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh agus is faoin scríbhneoir Liam Mac Cóil a bheidh sé tráthnóna é a sheoladh in ionad oiriúnach, Leabharlann Ráth Chairn.

Coinneal na Nollag, Fáilte & Dóchas // Séipéal Bhearna, Bearna, Dé hAoine 6 Nollaig @ 19:30

Fógraíodh níos luaithe i mbliana gurb í Caitlín Ní Chualáin a ceapadh ina hamhránaí cónaithe in Ionad an Léann Éireannaigh, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Agus í sa ról sin, tá imeacht faoi leith eagraithe aici a bheidh ar bun tráthnóna. Is é sin an cheolchoirm dar teideal ‘Coinneal na Nollag, Fáilte & Dóchas’, ceiliúradh dúchasach ar an Nollaig. Aon airgead a bhaileofar, tabharfar do Phobal Shíomóin na Gaillimhe é, cúis mhaith. Is le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta atá an ócáid seo ag tarlúint. 

An Dara Réalt // An Taibhdhearc, Cathair na Gaillimhe, 7-20 Nollaig 

An Dara Réalt is teideal do gheamaireacht na Nollag a bheidh sa Taibhdhearc i mbliana! Doireann Langford a scríobh é, agus páirteach ann tá cliar chumasach, oilte — Diarmuid de Faoite cuirim i gcás, Aindrias de Staic, Máiréad Ní Chonghaile agus Hilary Bowen Walsh i measc eile, mar aon le daoine óga lán tallainne chomh maith!

Baineann an scéal le Peter Pan, an carachtar cáiliúil a chruthaigh J.M Barrie — ach cad go díreach a tharla do, nuair a d’éirigh sé níos sine? Nochtfar dúinn in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ón 7-20 Nollaig. B’fhiú glaoch orthu go luath chun ticéad a fháil, más spéis leat a bheith i láthair — tá ana-thóir orthu! Beidh an gheamaireacht seo, faoi stiúir Chillian Uí Dhonnachadha, le feiscint ag amanna éagsúla, le seónna oíche, lae agus aimsir scoile beartaithe.

Ceolchoirm na Nollag // Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh, Baile an Fheirtéaraigh, Dé hAoine 13 Nollaig @ 17:00

Ní fada uainn an Nollaig anois… agus déarfadh daoine áirithe go bhfuil sí linn cheana féin! Tá béim agam an tseachtain seo ar chuid mhaith imeachtaí a bhaineann leis an tréimhse seo don bhliain! Seachtain ó inniu, ar an mBuailtín, a bheidh Ceolchoirm na Nollag ar siúl. Ceoltóirí agus daltaí áitiúla ó ranganna ceoil Chaitríona Uí Mhurchú, (ceoltóir cumasach atá ag cur fúithi ar an leithinis) a bheidh ag soláthar na siamsaíochta. Beidh tae agus caifé ar fáil chomh maith, ar shuíomh álainn, lán staire — Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh!

Níos mó