Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-lucas:-an-t-ealaiontoir-a-bhionn-ag-ealaion-lena-chuid-ealaine

Lucas: An t-ealaíontóir a bhíonn ag ealaíon lena chuid ealaíne

| Eoin O Dubhghaill |

Tháinig an scannán Star Wars: The Rise Of Skywalker amach inniu. An scannán, dar le muintir Disney, a chuirfidh deireadh le scéal na Siúlaithe Spéire (oibríonn an t-ainm níos fearr as Gaeilge nach n-oibríonn) 42 bliain tar éis do Luke breith den chéad uair ar a chlaíomh solais féin (ok, stopfaidh mé anois). 

Ach, chomh maith leis an scannán The Rise Of Skywalker, tháinig na sean-scannáin ó na hochtóidí ar an suíomh sruthaithe nua Disney an mhí seo caite, agus thug daoine faoi deara go raibh rud éigin difriúil leo. 

Is cosúil, go ndearna Lucas cúpla athrú lena chuid seanscannán sular dhíol sé le Disney iad. An t-athrú mór a rinne sé? Deireann an carachtar Greedo “Maclunkey” sula maraíonn Han Solo é. Athrú riachtanach is cosúil. Ach ní raibh ionadh ar dhuine ar bith, mar is ealaíontóir é George Lucas atá tógtha le bheith ag ealaíon lena chuid ealaíne. 

Is aisteach agus is spéisiúil an duine é Lucas. Stiúrthóir a bhfuil fís ar leith aige dá chuid scannán, agus cé go raibh na scannáin Star Wars ó thús na mílaoisego dona (agus ná déanaimis dearmad go raibh siad go dona, mar is go dona a bhí siad agus go fíordhona), ní féidir a rá nárbh iad fís Lucas. 

Ach an rud is aistí faoi Lucas, ná go bhfuil sé tógtha leis an smaoineamh go gcaithfidh sé rudaí a athrú. Bhí fadhbanna go leor aige agus é ag déanamh an scannáin A New Hope in 1977 agus nuair a fuair sé an chumhacht agus an t-airgead, is cosúil gur shíl sé go raibh sé in ann na “lochtanna” a bhí ann a shocrú.

Ach nuair a rinne sé é sin, bhain sé ó dhraíocht na scannán.  Tá mórchuid de na hathruithe beag bídeach, ach bhain siad ón taithí a bhíonn ag daoine leis na scannáin a chonaic siad agus iad óg. 

Agus tar éis chuile athrú a dhéanann sé, tagann an cheist chéanna chugam. Cé leis an ealaín? An t-ealaíontóir a rinne i dtosach é? Nó an lucht féachana a d’íoc airgead as é a fheiceáil? Bíonn éifeacht ag na hathruithe beaga seo ar an píosa ealaíne ina iomlán, go dtí nach féidir an píosa nua a aithint ón rud a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ó thús, rud a déarfainn nach n-aontaíonn Lucas leis. Ach nach bhfuil an cead sin aige? Is é a chruthaigh iad, ag deireadh an lae.

Sea is é Lucas a rinne na scannáin seo, ach agus iad amuigh os comhair an tsaoil, tá sé ródhéanach aon athrú a dhéanamh leo. Ní bhíonn ealaín foirfe. Tá brí agus fuinneamh na healaíne le fáil sna lochtanna agus sna botúin. Bhí spiorad Star Wars sna botúin.

Ach freisin, ar ndóigh, bhí airgead le déanamh as iad a athrú. Tá mé ag dul dearcadh ciniciúil a thógáil anseo ar feadh tamaill. Rinne Lucas go leor airgid as na scannáin chéanna a eisiúint chuile chúpla bliain le roinnt athraithe beaga bídeacha. 

Ansin dhíol sé le Disney iad in 2012, daoine dar leis, a chuir iallach air, agus comhlacht nach bhféadfadh bheith níos difriúla uaidh féin. Ach an bhfuil siad chomh difriúil sin óna chéile? Tá Disney iad féin tógtha le bréagáin agus cluichí a dhíol agus cosúil le Lucas, níl Disney sásta aon rud a fhágáil mar atá agus bogadh ar aghaidh go dtí rud éigin nua, mar tuigeann siad, mar a thuig George Lucas, go bhfuil airgead le déanamh as cuimhní na hóige. Agus ag deireadh an lae, nach shin é spiorad Star Wars i ndáiríre? 

Go mbaine sibh taitneamh as an scannán nua!

Níos mó