Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-mholfainn-do-dhuine-og-dul-leis-an-iriseoireacht

Ní mholfainn do dhuine óg dul leis an iriseoireacht

| Sinead Ni Uallachain |

Bhí mé lá mall ag scríobh an ailt seo agus tá mé ag cur an mhilleáin ar fad ar an am den bhliain. Ní mar gheall go raibh mé amuigh ag ragairne ag ócáid mhór ghalánta agus gradam bainisteoir na bliana á bhronnadh cosúil le gach iriseoir spóirt eile na tíre inné, ach mar gheall ar an mbrú atá orm staidéar a dhéanamh agus mo dhóthain oibre a dhéanamh chomh maith chun an cíos a íoc. 

Fuair mé deis ar lá oibre inné, agus faoin am go raibh sé sin déanta agam, agus mo dhóthain staidéir déanta agam ar an mbuinneach agus na rudaí ar fad a chuireann an bhuinneach ort, ní raibh sé de chroí agam tosú ar alt, atá in ainm agus a bheith beagáinín mealltach. 

Ar aon chuma, bhí mé mall ag tosú ar an alt inniu mar go raibh mé ag freagairt cúig ríomhphost agus teachtaireachtaí a tháinig agam ar na meáin shóisialta le seachtain ó dhaoine óga a bhí ag iarraidh comhairle faoin saol mór agus spéis acu san iriseoireacht nó sa tsíceolaíocht spóirt. 

Agus chaith mé i bhfad an iomarca ama ag cuimhneamh orm féin. I ndáiríre, mura dtiocfaidh athrú mór ar rudaí, ní mholfainn do dhuine ar bith ceachtar den dá ghairm a dhéanamh. 

Féach ar na meáin chumarsáide. I bhfad rómhinic níl aon spéis ‘i ndáiríre’ ag daoine sa ngairm seo. Tá spéis acu a bheith suite sa gcúirt nuair atá cásanna móra ar bun, nó ba bhreá leo a bheith ag na cluichí móra ar fad, nó is éard atá uathu i ndáiríre ná go mbeadh daoine á n-aithint agus ag tógáil a bpictiúr. 

Ní mhaireann na daoine sin i bhfad san earnáil nuair a thuigeann siad go bhfuil obair na gcapall, go minic ar phá íseal, le déanamh sula dtiocfaidh tada den stuif mhaith sin. 

Is éard atá truamhéalach i ndáiríre, ná na daoine óga atá lán smaointe, samhlaíochta, spioraid agus fuinnimh, agus a dhéanfadh iriseoirí iontach amach anseo, ach nach mbeidh an deis acu mar gheall ar an mbail atá ar an earnáil faoi láthair. 

Tá an locht orainn ar fad leis an gceann seo. Níl muid sásta íoc as nuacht. B’fhearr linn é a fháil in áit eicínt saor in aisce. Tá an fios ag nuachtáin go ndearna siad botún nuair a scaoil siad a gcuid ábhar ar fad ar líne saor in aisce fadó, agus faraor, níl aon fhreagra faighte fós acu ar an gceist. 

Tá RTÉ ag iarraidh fáil réidh le daoine, tá eagraíochtaí eile á dhéanamh go rialta. Idir an dá linn, tá daoine óga á spreagadh le obair in aisce a dhéanamh, rud nach bhfuil mórán in acmhainn a dhéanamh.

 Má dhéanann siad é, tá daoine oilte, a bhfuil taithí acu á bhfágáil ar an trá fholamh agus ar deireadh imeoidh siadsan ón earnáil chomh maith, sa gcaoi agus go mbeidh an morgáiste íoctha.

Tá roinnt fostóirí ag baint brabúis as seo, ag saothrú oibre ó dhaoine óga nach bhfuil spéis an ghadhair acu post a thabhairt dóibh. Tá muidne, mar thomhaltóirí fágtha ar an trá fholamh freisin mar seans maith go bhfuil go leor daoine a bheadh iontach, imithe chuig earnáil eile agus níl fágtha ach daoine atá á dhéanamh go páirt-aimseartha, nó le easpa taithí. 

Mar sin, ní mholfainn é don té a bheidh ag braith ar an obair. Agus nach brónach an rud é sin. 

Níos mó