Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-amhran-an-bhonnain-bhui-sa-taibhdhearc-agus-imeachtai-eile

Amhrán an Bhonnáin Bhuí sa Taibhdhearc agus imeachtaí eile

| Maitiu O Coimin |

Ócáid don dteaghlach // Leabharlann an Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Sathairn 1 Feabhra @ 12:30

Tá súil agam féin freastal ar ócáid teaghlaigh i Leabharlann an Lexicon amárach, ar Lá Fhéile Bríde. Déanfar ceiliúradh ar scéalta, miotaseolaíocht agus ealaín leabhar atá foilsithe le tamall anuas ag Futa Fata. Beidh idir ealaíontóirí agus mhaisitheoirí i láthair amárach agus cloisfear sleachta as na leabhair seo a leanas:

An Féileacán agus an Rí le Máire Zepf & Shona Shirley Macdonald; Scúnc agus Smúirín le Muireann Ní Chíobháin & Paddy Donnelly; agus Ar Strae le Patricia Forde & John White. 

Beidh fear an chomhlachta foilsitheoireachta Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair chomh maith agus seans go mbeidh cúpla amhrán aige dúinn! 

Scoil Gheimhridh Merriman 2020 // Gaillimh 01-02 Feabhra 2020

Tá tús curtha le Scoil Gheimhridh Merriman 2020 agus tráthúil go maith is ag díriú ar an nGaillimh atá an lucht eagraithe i mbliana agus í roghnaithe mar chathair chultúrtha na hEorpa!

‘Gaillimh Abú! Saoithiúlacht agus Cultúr na nGael’ an teideal atá tugtha ar an tsraith d’imeachtaí, a bheidh ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá. Is faoi chathaoirleacht Mháire Ní Neachtain a bheidh siompóisiam an tSathairn, a bhfuil Gortsaothrú baistithe air. Ina teannta i mbun cainte beidh Freda Nic Giolla Chatháin ó Ghaillimh 2020; an t-ealaíontóir Ceara Conway agus fear an chomhlachta drámaíochta Fibín, Darach Ó Tuairisg. 

Tá turas eagraithe chuig an Spidéal chomh maith áit a mbeidh an lucht freastail in ann láthair Ros na Rún, Séipéal Chill Éinde, agus Ceardlann an Spidéil a fheiscint. 

Beidh ceol le clos ó Johnny Óg Connolly, Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus Pádraig Ó Dubhghaill istoíche Dé Sathairn agus iad ag díriú ar shaothar Mháirtín Uí Dhireáin agus Joe Steve Uí Neachtain, Beannacht Dé leo beirt. 

Ar an nDomhnach déanfar ceiliúradh ar an múinteoir, scríbhneoir agus amhránaí Sorcha Ní Ghuairim. @CumannMerriman atá orthu ar Twitter, lean iad do na sonraí ar fad, grianghraif srl!

Léacht leis an Ollamh Angela Bourke, faoi Sheán Éadhbhaird Ó Briain // An Leabharlann Náisiúnta, BÁC, Dé Luain 3 Feabhra @ 19:00

Ar chuala sibh trácht ar an scéalaí Seán Éadhbhaird Ó Briain ó Loch Conaortha? Níl puinn eolais agam féin faoin bhfear ar a thug an bailitheoir béaloidis Seámus Ó Duilearga, ‘The Finest Storyteller I have ever met’. Tabharfaidh an tOllamh Angela Bourke spléachadh dúinn air agus ar a shaothar sa léacht a thabharfaidh sí sa Leabharlann Náisiúnta, Dé Luain seo chugainn. Labhair Angela le Fionnuala Uí Neachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine agus is féidir éisteacht siar lena cuid cainte ach gliogáil ar an nasc seo.

Seoladh dhlúthdhiosca Chór Ban Chúil Aodha // Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, Dé Sathairn 01 Feabhra @ 20:00

Tá cáil le fada ar thraidisiún amhránaíochta Chúil Aodha! Go deimhin ó 2014 – 2018, d’éirigh le triúr ón dtaobh sin tíre an svae a thabhairt leo i gcomórtas Chorn Uí Riada, treise leo! Duine de mhuintir Uí Riada —  Peadar – a bhunaigh Cór Ban Chúil Aodha siar sna 1980idí nuair a d’aithin sé nach raibh a leithéid de chór ban sa cheantar agus chun cothrom na Féinne a thabhairt do na mná ceolmhara.

Buaileann siad le chéile na haon Chéadaoin sa Draighean i gCúil Aodha agus le tamall anuas táid cúramach i mbun oibre ar albam! Tá saothar na hoibre le seoladh anocht (Dé Sathairn) sa Ionad Cultúrtha. Comhghairdeas leo agus go n-éirí go geal leis an albam!

Amhrán an Bhonnáin Bhuí // An Taibhdhearc, Gaillimh 5-15 Feabhra (20:00 & 10:00 laethanta áirithe)

Tá dráma le Vincent Woods, Song of the Yellow Bittern, aistrithe go Gaeilge ag Tomás de Bhaldraithe and Eoghan Mac Giolla Bhríghde agus léireofar é ar stáitse Amharclann na Taibhdheirce an tseachtain seo chugainn. Amhrán an Bhonnáin Bhuí atá tugtha air as Gaeilge, agus liosta le háireamh d’aisteoirí agus cliar atá breá cumasach ag plé leis. Maelíosa Stafford atá i mbun léirithe agus tá Diarmuid de Faoite agus Tara Breathnach ar bheirt den mheitheal aisteoireachta, (i measc eile). Is i gContae Liatroma atá an dráma lonnaithe agus pléann an scéal le cás dlí athartha cáiliúil a thóg bean Phrotastúnach in aghaidh sagart Caitliceach i 1828. Beidh sé ar siúl ar feadh coicíse, go dtí an 15 Feabhra!

Níos mó