Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-crioch-iontach-le-sceal-corraitheach-lucais-ui-bhriain

Críoch iontach le scéal corraitheach Lúcáis Uí Bhriain

| Maitiu O Coimin |

Tá Liam Mac Cóil ar dhuine de na húdair is cumasaí in Éirinn i láthair na huaire agus tá an t-ádh orainne Gaeil gur inár dteanga bhinn féin a shaothraíonn sé. Foilsíodh Bealach na Spáinneach an mhí seo, an tríú leabhar agus an leabhar deireanach i ‘Sraith Lúcáis Uí Bhriain’, nó ‘Tríológ na Litreach’, agus cuirtear críoch bhríomhar, lán fuinnimh le heachtraíocht Lúcáis ann. 

Chuir muid aithne ar dtús ar an mBrianach in An Litir agus é ina scoláire ar coláiste i nGaillimh. Maraíodh a athair agus a uncail nuair a briseadh na Gaeil ag Cionn tSáile agus tá a dtaoiseach Aodh Mór Ó Néill imithe thar sáile chun na Róimhe. Déagóir soineanta aislingeach é Lúcás an uair sin, agus go leor cainte ann i measc a chairde faoi fhilleadh Uí Néill ar Éirinn agus fuascailt na nGael ó lámh láidir na Sasanach atá ag síneadh siar ó Bhaile Átha Cliath. 

Sa dara leabhar sa tsraith, I dTír Strainséartha, tá Lúcás ar a bhealach chun na Fraince agus litir thábhachtach don Niallach ina ghlac aige. Cuirtear ar mhalairt slí é agus tagann sé i dtír in iarthar Shasana. As sin déanann sé a bhealach ó dheas go Beer, gníomhairí agus spiairí Shasana ar a thóir ar feadh an bhealaigh, agus éalaíonn amach ar Mhuir nIocht i dtreo na Fraince.

Is ansin a fhaigheann muid é ag tús an leabhair seo, agus an scéal á leanacht ar aghaidh in Bealach na Spáinneach gan sos agus staonadh ó leathanach deireanach I dTír Strainséartha. Tá mé an-sásta gur bheartaigh mé an scéal a athléamh sular thug mé faoin leabhar nua seo, agus mholfainn do dhuine ar bith nár léigh é ó foilsíodh an dara leabhar in 2014 an t-athléamh céanna a dhéanamh. 

Tá os cionn 600 leathanach sa tríú leabhar, an cló i bhfad níos lú ná mar a bhí sa chéad phéire, agus an leagan amach athraithe sa gcaoi is go bhfuiltear in ann níos mó focal fós a bhrú isteach in aon leathanach amháin. Luaigh Liam Mac Cóil in agallamh tamall de bhlianta ó shin nach raibh sé cinnte cé acu tríológ nó teitrealóg a dhéanfadh sé de scéal Lúcáis — d’fhéadfaí a rá gur fhreastail sé ar an dá thrá agus chuir dhá leabhar in aon cheann amháin anseo. 

Ní haon cháineadh é sin áfach, agus tá méid agus toirt an leabhair seo ag teacht lena leithéid i dteangacha eile an domhain. Go deimhin, ba bhreá leabhair chomh tiubh céanna leis a fheiceáil níos minice ar leabhragáin Ghaeilge. 

Ropann an scéal ar luas lasrach ó bhailte ciúine tuaithe go cathracha glórmhaire na hEorpa, agus cor agus casadh sa scéal gach ré caibidil. Is máistir ar an gceird é Liam Mac Cóil a thugann an léitheoir go héasca siar go tús na 17ú hAoise agus radhairc, bolaithe agus fuaimeanna Eoraip na linne á gcur i láthair go cruinn paiteanta aige.

Is é Lúcás príomhcharachtar an scéil, ar ndóigh, agus is airsean a dhírítear den chuid is mó, cé is moite de chorrleathanach atá dírithe ar an scéalaí féin, cara le Lúcás an Dualtach Mac Fhirbhisigh. Ach tá cliar leathan carachtar ann atá chomh spéisiúil céanna leis an nGaillmheach óg, agus a ndéantar forbairt thuisceanach orthu ó thús deiridh an leabhair. 

Is é an fhorbairt seo carachtair ceann de bhuanna móra an leabhair. Ní hé an Lúcás céanna é atá sa leabhar seo agus a leag a chois ar an Bonaventura agus í ag déanamh ar Bhriostó sa chéad leabhar. Tá sé tar éis dul in inmhe, ní hamháin mar phionsóir agus mar eachtraí, ach mar dhuine freisin. Scoláire óg soineanta ab ea é agus é i rang pionsóireachta Jacques i nGaillimh — fear fásta glic agus trodaí cumasach atá ag déanamh a bhealaigh trasna na hEorpa in Bealach na Spáinneach

Is minic nach n-éiríonn le húdar an bheocht a bhí i dtríológ ag an tús a choinneáil ag imeacht go deireadh na sraithe, ach ní duine de na húdair sin Liam Mac Cóil. Coinneoidh an leabhar seo greim dhocht dhaingean ar an léitheoir agus cuirfidh preab ina chroí ó thús deireadh. 

Má choinnigh tú le Lúcás chomh fada le Beer Shasana in I dTír Strainséartha, is fiú go mór coinneáil leis trasna na hEorpa san eagrán seo, agus murar léigh tú An Litir go fóill — tapaigh anois an deis agus bí buíoch nach mbeidh fanacht deich mbliana ort le deireadh an scéil a fháil!

Níos mó