Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deanfaidh-mcnamara-agus-crowe-an-t-aicsean-i-gcontae-an-chlair

Déanfaidh McNamara agus Crowe an t-aicsean i gcontae an Chláir

Dáilcheantar: An Clár

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae an Chláir ar fad. Tá cuid de chontae an Chláir a bhí le cathair Luimnigh curtha ar ais sa Dáilcheantar

Teachtaí Dála ag seasamh: Pat Breen (FG), Joe Carey (FG) agus Timmy Dooley (FF). Níl Michael Harty (NS) ag seasamh

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 30.8 39
Fine Gael 25.8 32
Lucht Oibre 7.8 1
Sinn Féin 7.4 5
Glas 3 4
Nspl/Eile 25.1 20



Anailís: Fuair Fine Gael dhá shuíochán in 2016 le 26% den vóta. Beirt iarrthóirí a bhí acu agus roinneadh an vóta go cothrom eatarthu agus bhí an lá le Joe Carey (FG) agus Pat Breen (FG), gan an cuóta a bhaint amach. Tá triúr iarrthóirí ag Fine Gael an babhta seo, mar atá ag Fianna Fáil. Beidh sé deacair ar Fhine Gael an dá shuíochán a choinneáil. Coinneoidh Timmy Dooley (FF) a shuíochán agus tá seans an mhaith ag Cathal Crowe (FF) an dara suíochán a fháil dá pháirtí. Toghadh Crowe (FF) ar an gcomhairle contae anuraidh le 2,575 vóta, an dara vóta ab airde i gcontae an Chláir. Gaeilgeoir é Crowe atá ina mhéara ar an gcontae faoi láthair agus ní dhearna sé aon dochar dhó féin nuair a dhiúltaigh sé mar mhéara an Chláir don chuireadh páirt a ghlacadh sa searmanas comórtha a bhí beartaithe ag an rialtas don RIC. Is as Míleac dó, gar do chathair Luimnigh.

Feilfidh sé dó go bhfuil an-chuid den dáilcheantar thart ar a cheantar féin, ar imeall cathair Luimnigh, curtha ar ais sa Dáilcheantar.

Ó tharla nach bhfuil an Michael Harty (NS), a bhí ina Theachta Dála sa 32ú Dáil, san iomaíocht, tá seans ag Fine Gael an dá shuíochán a thógáil. Braithfidh sé sin ar cé duine is mó a bhainfidh tairbhe as vótaí aistrithe an Seanadóra Martin Conway (FG). Carey (FG) ab fhearr chun vótaí aistrithe a fháil in 2016. Is mac é Joe Carey le Dónal Carey (FG) a bhí ina aire Gaeltachta uair dá raibh. Is as Droichead an Chláir dó, in aice le hInis. Is as ceantar tuaithe, gar do Inis, Pat Breen (FG), atá ina aire stáit, gradam a thugann buntáiste áirithe dó agus próifíl níos airde dá réir.

Ach ní féidir Michael McNamara (NS) a chur as an áireamh. Is abhcóide agus feirmeoir é as An Scairbh in iarthar an Chláir. Toghadh é ina Theachta Dála do Pháirtí an Lucht Oibre in 2011, ach baineadh ceangal aoireachta an pháirtí de nuair a vótáil sé sa Dáil in aghaidh chinneadh an chomhrialtais scaireanna an stáit in Aer Lingus a dhíol. Cuireadh fáilte ar ais sa bpáirtí roimhe ina dhiaidh sin agus fuair sé 4,472 vóta mar iarrthóir de chuid am Lucht Oibre in 2016. Tá sé suntasach gur eisean ba mhó, as na hiarrthóirí a bhí fágtha sa rása, a fuair vótaí aistrithe ón bhfarasbarr a bhí ag Michael Harty (NS) in 2016 agus ó na vótaí breise a bhí ag Noeleen Moran, iarrthóir Sinn Féin. Mar sin, má fhanann Michael McNamara (NS) chun tosaigh ar iarrthóir Chomhaontas Glas, Róisín Garvey, beidh sé san iomaíocht don cheathrú suíochán le Joe Carey (FG), sa gcás go mbeidh Pat Breen (FG) tofa cheana. Bheadh seans an-mhaith ag McNamara an suíochán a bhuachan.

Níl mórán tacaíochta ag Sinn Féin sa Dáilcheantar seo agus gan ach 5% acu sna toghcháin áitiúla anuraidh. Ní bhfuair an t-iarrthóir atá roghnaithe, Violet-Anne Wynne (SF), ach 385 vóta agus í ag seasamh i ceantar Chill Rois anuraidh.

Ar na hiarrthóirí eile tá Michael Leahy, Irish Freedom Party, Conor O’Brien, Renua, agus Theresa O’ Donoghue, Pobal Roimh Bhrabús/Neart le Chéile. Chomh maith le Michael Mc Namara (NS) tá triúr eile iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: David Barrett, Trudy Ann Leyden agus Joseph Woulfe, a fuair 1,034 vótaí sna toghcháin áitiúla anuraidh i gceantar Chill Rois.

TUAR: Dooley (FF), Crowe (FF), Breen (FG) agus McNamara (NS)

Níos mó