Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-a-chur-le-triail-tainsimh-donald-trump-sa-seanad

Tús á chur le triail táinsimh Donald Trump sa Seanad

Cuirfear tús inniu sna Stáit Aontaithe le hargóintí tosaigh le triail táinsimh Donald Trump sa, an tríú huair i stair na tíre gur tharla a leithéid.

Ar an 18 Nollaig, ghlac Teach na nIonadaithe le rún ag moladh dhá chúis a chur i leith Donald Trump – mí-úsáid chumhachta agus bac a chur ar obair Theach na Comhdhála. Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán i mí Mheán Fhómhair nuair a foilsíodh na taifid a bhain le glaoch teileafóin idir Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mí iúil seo caite. Le linn an chomhrá sin d’iarr Trump ‘gar’ ar an Uachtarán Zelensky.

Go bunúsach, tá sé curtha i leith Trump gur chuir sé brú ar cheannaire na hÚcráine fiosrúchán a bhunú faoin iarLeas-Uachtarán Joe Biden agus a mhac Hunter a bhí ag obair le comhlacht gáis san Úcráin ar feadh tréimhse. Deir na Daonlathaigh gur bhagair Trump airgead fóirithinte míleata a choinneáil ón Úcráin mura mbunófaí an fiosrúchán. Bhí na líomhaintí sách tromchúiseach le Trump a tháinseamh, de réir lucht Theach na nIonadaithe. Is leis an Seanad anois breithiúnas a thabhairt ar na cúiseanna.

Ní minic a tháinsítear Uachtarán. Bhí imní ar bhunaitheoirí na tíre nua agus údair an bhunreachta san ochtú haois déag i Meiriceá go mbainfeadh daoine aimhleas as a gcumhacht mar Uachtarán. Ar an gcuntar sin cinneadh próiseas táinsimh a chruthú; bealach le smacht a choinneáil ar an rialtas.

Níl sé tarlaithe ach cúpla babhta ó shin – den chéad uair in 1868 nuair a rinneadh Andrew Johnson a tháinseamh agus i 1999 nuair a cuireadh Bill Clinton ar a thriail. Nuair a thuig sé go raibh tacaíocht a pháirtí caillte aige d’éirigh Richard Nixon as sula bhféadfaí é a tháinseamh faoi scannal Watergate. Tá údar sóláis amháin do Trump sólás a ghlacadh sna heachtraí sin.

Níor cuireadh aon uachtarán as oifig fós. Níor daoradh sa Seanad Johnson ná Clinton, mar a dteastaíonn dhá thrian de na vótaí chun uachtarán a tháinseamh. Ó tharla go bhfuil 53 as 100 suíochán ag na Poblachtánaigh sa Seanad, is dóichí ná a mhalairt go dtabharfaidh Trump na cosa leis freisin.

Cuirfidh an dá thaobh a gcuid argóintí i láthair an tSeanaid inniu. Tá seachtar ainmnithe ag Nancy Pelosi le cás na comhdhála a dhéanamh. Is é Pat Cipollone, dlíodóir an Tí Bháin a chuirfidh cás an Uachtaráin i láthair agus ina measc siúd a bheidh ag feidhmiú thar a cheann beidh Ken Starr a bhí lárnach i gcás Clinton agus Alan Dershowitz, dlíodóir a d’oibrigh do leithéidí OJ Simpson agus Jeffrey Epstein.

An cheist mhór ag tús an phróisis ná an nglacfar le fianaise agus cé hiad na finnéithe a gcuirfear fios orthu. Móramh simplí a theastaíonn chun an cheist sin a fhreagairt – meastar go bhféadfadh leithéidí Mitt Romney nó Susan Collins (Poblachtánaigh nach bhfuil chomh diongbháilte ina gcuid tacaíochta do Trump le Seanadóirí eile) tacú leis na hiarrachtaí fianaise a ghlacadh.

Tá an lucht an Tí Bháin dóchasach go dtiocfaidh siad slán ón bpróiseas ar fad agus go mbeidh an scéal ar fad críochnaithe taobh istigh de choicís. Cé go ndeir an tUachtarán Trump gur cur i gcéill atá sa scéal ar fad, tuairiscítear go bhfuil imní air faoin dochar a dhéanfar dá oidhreacht.

Is í an cheist mhór i mbliain toghcháin, áfach, ná cén tionchar a bheidh ag an rud ar fad ar bhreithiúnas an phobail ar Donald Trump anois. Tá difríocht mhór idir an cás seo agus cásanna eile táinsimh mar go bhfuil sé ag tarlú i bhfoisceacht deich mí do thoghchán uachtaránachta. Bhí Nixon agus Clinton ina ndara téarma oifige sular tháinig táinseamh i gceist.

D’fhéadfadh an próiseas cur as do phróiseas ainmniúcháin na nDaonlathach freisin. Deir lucht a chúisithe gurb í sin an aidhm a bhí ag Trump ó thús deireadh. Tá Biden sáite sa gconspóid faoin Úcráin agus tá roinnt Poblachtánach den tuairim gur chóir fios a chur air le fianaise a thabhairt le linn na trialach as seo go ceann coicíse.

Beidh ceathrar díobh sin atá fós san áireamh d’ainmniúchán na nDaonlathach – Elizabeth Warren, Bernie Sanders, Michael Bennet agus Amy Klobuchar – sáinnithe in Washington le linn na trialach seachas a bheith ag díriú ar an bhfeachtasaíocht in Iowa roimh an réamhthoghchán ansin ar an 3 Feabhra.

D’fhéadfadh gur chun leasa Joe Biden agus Pete Buttigieg é sin agus is cinnte go mbeidh siad ag géarú ar a bhfeachtas féin fad is atá na Seanadóirí sáinnithe sa Seanad.

Ach mbeidh tionchar ag táinseamh Donald Trump ar na vótóirí i mí na Samhna agus an tUachtarán sa tóir ar an dara téarma? Bhí a lucht tacaíocht dílis dó go dtí seo in ainneoin eachtraí go leor le trí bliana a tharraing míchlú air féin agus ar an uachtaránacht. Go deimhin, tá roinnt tráchtairí sna Stáit Aontaithe den tuairim gurb amhlaidh go neartóidh an triail seo an tacaíocht do Trump ina measc siúd a chreideann ann.

Mar sin féin, bhí a laghad d’fharasbarr ag Trump in go leor stát sa toghchán deiridh go dteastóidh chuile vóta a gheobhaidh sé uaidh i mí na Samhna agus má bhíonn tionchar dá laghad, bíodh sé diúltach nó dearfach, ag scéal an táinsimh ar phobal na stát sin d’fhéadfadh sé cúrsa an toghcháin a athrú.

Níos mó