Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cainteanna-comhrialtais-le-sinn-fein-curtha-as-an-aireamh-ag-fianna-fail

Cainteanna comhrialtais le Sinn Féin curtha as an áireamh ag Fianna Fáil

| Tuairisc.ie | ,

Fuair ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin beannacht a pháirtí parlaiminte inniu dul chun cainte le gach páirtí seachas Sinn Féin maidir le bunú comhrialtais.

Thug ceannaire Fhianna Fáil le fios do bhaill a pháirtí parlaiminte tráthnóna nach rachadh sé siar ar a gheallúint maidir le gan dul i isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Dúirt an Teachta Dála Niall Collins i ndiaidh an chruinnithe go raibh an páirtí aontaithe mar gheall ar an gcur chuige sin.

Tuairiscítear nár chuir aon duine ag an gcruinniú i gcoinne Martin a rinne cáineadh géar ar Shinn Féin.

Bhí a gcéad chruinniú ón olltoghchán inniu ag páirtí parlaiminte Fhianna Fáil, mar ar pléadh toradh an toghcháin, inar chaill siad seacht suíocháin, agus cad ba chóir don pháirtí a dhéanamh anois.

Níos túisce inniu thug ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald dúshlán cheannaire Fhianna Fáil nuair a dúirt sí gurbh ionann comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael agus “sonc san aghaidh” don phobal.

Dheimhnigh McDonald gur chuir sí litir chuig ceannaire Fhianna Fáil aréir ag lorg cruinniú leis chun ceisteanna a bhaineann le bunú rialtais a phlé

Dúirt sí inniu gur chóir d’Fhianna Fáil tacú leis an “rialtas ar son athraithe” atá á mholadh ag Sinn Féin.

“Dúshlán mór a bheidh ann dóibh tacú le clár rialtais den chineál sin ach deir Micheál Martin gur daonlathaí é, go mbíonn sé ag éisteacht leis an bpobal agus go bhfuil meas aige ar rogha an phobail agus mar sin tá a fhios aige gur athrú a theastaíonn ón bpobal,” arsa Mary Lou McDonald.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, go minic nach rachadh sé i gcomhrialtas le Sinn Féin ná le Fine Gael, ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh nuair a ceistíodh é lá an chomhairimh.

Bhí beirt óna bhinse tosaigh Jim O’Callaghan agus Michael McGrath níos diongbháilte faoi gan dul i mbun cainte le Sinn Féin, seasamh ar thacaigh baill eile den pháirtí leis le roinnt laethanta anuas. Dúirt Niall Collins, Pádraig O’Sullivan, Cathal Crowe, Cormac Devlin agus Niall Collins roimh chruinniú an lae inniu go rabhadar i gcoinne aon socrú a dhéanamh le Sinn Féin agus nach raibh aon mhandáid acu a leithéid a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Dála as Luimneach Willie O’Dea gurb amhlaidh go mb’fhearr leis a bheith i rialtas le Donald Trump nó Vladimir Putin ná Sinn Féin.

Cuireadh tús inné le cainteanna maidir le bunú an chéad rialtais eile, ach ní raibh aon chainteanna fós ag na mórpháirtithe lena chéile.

Níos mó