Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceithre-‘dhushlan-carghais’-do-ghaeil-ghlasa

Ceithre ‘Dhúshlán Carghais’ do Ghaeil Ghlasa

| An Gael Glas |

Inniu an chéad lá den Charghas agus cé go bhfuil go leor de mhuintir na hÉireann tar éis an Caitliceachas a thréigean, maireann a lorg ar shochaí na hÉireann agus táthar ag tapú na deise casadh nua a bhaint as an tseantréimhse throscaidh. 

Taitníonn coincheap an Charghais le go leor daoine sa lá atá inniu ann ar chúpla údar: is saintréimhse ar leith atá ann (an 40 lá), tá cead agat sos a thógáil ar laethanta áirithe (Lá Fhéile Pádraig agus an Domhnach más maith leat), agus bítear ag súil le ceiliúradh agus craos ag an deireadh. 

Is deis iontach an Carghas beart a dhéanamh ar son an chomhshaoil freisin, agus dúshlán a thabhairt duit féin athruithe saoil atá ar leas an domhain a thriail.

Seo duit ceithre rud is féidir le Gael Glas a dhéanamh i rith an Charghais:

Veigeanáir — Babhta a Dó!

Bíonn sé deacair Veigeanáir a dhéanamh díreach i ndiaidh na Nollag agus an teach lán go béal le milseáin, cácaí agus seacláid. Go deimhin, theip ar an nGael Glas féin an fhéile a cheiliúradh! Tá sé i bhfad níos éasca tús a chur le haiste nua bia i lár an earraigh. Tá an t-uafás suíomhanna idirlín ann anois a bhfuil pleananna ’30 Lá’ don veigeánachas agus is furasta iad a leanacht. 

Éirigh as an bplaisteach 

Tá sé ionann is dodhéanta gan plaisteach a cheannach nó a úsáid in Éirinn. Tá muid timpeallaithe ag an stuif gach áit a dtéann muid. Dúshlán mór a bheidh sa cheann seo, agus is fiú go mór é a thriail mar sin féin. 

Tá buidéal buan agam féin a úsáidim le haghaidh uisce gach lá, ach mo léan, géillimh agus ceannaím buidéil phlaisteacha nuair a bhíonn sú oráiste nó 7Up uaim. Tá beagnach gach deoch ar fáil i gcanna, ach níos fearr fós, d’fhéadfá éirí as a leithéid a cheannach ar fad — sábhálfaidh tú an domhan agus airgead! Tá siopaí i go leor bailte agus cathracha anois a dhiúltaíonn don phlaisteach — aimsigh ceann atá gar duitse agus ceannaigh leat. 

Seachain an Faisean Sciobtha 

Ná taobhaigh Penny’s, Zara, ná River Island idir seo agus Domhnach Cásca! Ach an oiread leis an té a thabharfaidh faoi aiste bia veigeánach as seo go ceann 40 lá, beidh do sparán agus an domhan níos fearr as má sheachnóidh tú na siopaí damanta sin go deireadh an Charghais. Ar ndóigh, bheadh sé níos fearr fós mura gceannódh tú rud ar bith nua idir seo agus sin, fiú éadaí a dhéantar ar bhealach inbhuanaithe. 

Más maith leat dúshlán sa bhreis a chur ort féin i gcaitheamh an ama, d’fhéadfadh iarracht a dhéanamh do chuid éadaí féin a dhéanamh sa bhaile. Geansaí, léine, hata, nó sciorta — beidh neart ama agat agus sráid mhór na siopaí á seachaint agat le snas a chur ar do scileanna fuála nó cniotála. Céard a déarfá le boinéad deas Cásca?

Fág an carr sa bhaile 

Beidh sé seo deacair ar léitheoirí NÓS atá ina gcónaí amuigh faoin tuath, ach is féidir é a dhéanamh mar sin féin. Tá córas iompair poiblí na hÉireann go hainnis i gcomparáid le tíortha eile, ach níl sé uafásach amach is amach. Má tá tú i ngiorracht trí chiliméadar den áit a bhfuil tú ag dul ann, d’fhéadfá é sin a shiúil i 45 nóiméad, nó an turas céanna a dhéanamh ar rothar i 15 nóiméad.

Tá go leor bealaí eile ann leis an gcarr a sheachaint — an úsáideann tú seirbhísí seachadta na n-ollmhargaí? Tá sé i bhfad níos fearr don chomhshaol go mbeadh veain amháin ar na bóithre ná deich gcarr. Má tá tú i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath nó Gaillimh, tá córas roinnte rothar i bhfeidhm sna cathracha sin le fada, agus tá an córas iompair poiblí réasúnta sa dá mhórchathair. 

Níos mó