Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-glacaimis-le-‘caitheamh’-toitini-nios-mo

Ná glacaimis le ‘caitheamh’ toitíní níos mó

| An Gael Glas |

Ar an gcéad dul síos ní mór dom a rá go bhfuil caitheamh an tobac ar cheann de na nósanna is gránna amuigh, déanann sé dochar do do shláinte féin agus do shláinte na ndaoine atá i gcónaí leat nó a chaitheann go leor ama timpeall ort, agus tá na comhlachtaí déanta toitíní ar na comhlachtaí is measa ar domhan.

Mar sin féin, ní thógaim ar aon Ghael atá gafa le toitíní — fiú mura bhfuil aon rún acu iad a chaitheamh in air anois ná choíche. Tuigim gur iomaí duine a d’éirigh gafa leo le linn na hóige agus nach féidir scarúint anois uathu, agus ní mian liom caitheamh anuas ar chaiteoirí tobac san alt seo. Deirim an méid thuas le nach spreagfar aon duine eile tosú ar na feaigeanna!

Is ar dhaoine a chaitheann tobac atá an t-alt seo dírithe. Feictear dom gurb iad na toitíní an t-aon bhruscar atáthar fós sásta a chaitheamh ar thaobh an bhóthair sa lá atá inniu ann. D’éirigh go han-mhaith leis na feachtais in aghaidh an bhruscair atá á gcur i bhfeidhm sna scoileanna ó na 1980idí i leith, agus a bhuí le rudaí eile ar nós an táille ar mhálaí plaisteacha a tugadh isteach breis agus 15 bliain ó shin, tá Éire i bhfad níos glaine ná mar a bhíodh. 

Ach feicim an toitín beag salach gach aon áit a dtéim — i lár na gcathracha móra, ar shráideanna na mbailte beaga, ar bhóithre tuaithe, ar thaobh an mhótarbhealaigh, i bpáirceanna poiblí agus amuigh sna cnoic. Táthar sásta an toitín a chaitheamh san áit a gcríochnaítear é agus ní thugtar mórán airde air ina dhiaidh sin. 

Bíonn go leor cainte ann faoina hábhair chontúirteacha ghránna atá le fáil i dtoitín agus an comhrá dírithe ar shláinte an chaiteora ach shílfeá go n-imíonn na ceimicí sin ón toitín a luaithe is a chaitear ar an talamh é. Feicim ainmhithe agus éanacha ag ithe toitíní agus ag déanamh neadacha leo go minic, agus nuair a thagann an bháisteach scuabtar isteach sna srutháin agus na haibhneacha iad. 

Céard is féidir a dhéanamh, mar sin? An rud is fearr, ar ndóigh, ná éirí as na toitíní ar fad — ach ní féidir le gach aon duine é sin a dhéanamh ar an bpointe boise.

Tá cairde agam ar an Mór-Roinn a chaitheann go leor leor toitíní, ach tá na daoine seo thar a bheith airdeallach ar an gcomhshaol chomh maith. Tá bosca beag miotail ag gach duine acu agus bíonn sé sa phóca i gcónaí. Tá cuid acu maisithe go healaíonta agus cuid acu an-simplí ar fad. Nuair a bhíonn an toitín caite, múchtar ar thaobh an bosca é (bíonn painéal ann lena aghaidh) agus cuirtear tóin an toitín isteach ann. Nuair a théitear abhaile, nó go háit eile a bhfuil bosca ceart bruscair ann, caitear a bhfuil sa bhosca beag miotail isteach ansin.

Ní bhíonn bailiúchán gránna toitíní ag doras an árasáin, faoi bhinsí páirce, ná ag stáisiún na traenach timpeall an bhaile ina bhfuil cónaí ar mo chairde ann agus, cé gurbh fhearr liom i bhfad dá dtabharfaidís aire níos fearr dóibh féin, tá mé sásta go dtugann siad aire dá n-áit chónaithe agus do na neacha eile atá ina gcónaí ann. 

Níos mó