Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-hiarrthoiri-ar-a-mine-gheire-ag-lorg-na-votai-deireanacha-roimh-la-na-cinniuna

Na hiarrthóirí ar a mine ghéire ag lorg na vótaí deireanacha roimh lá na cinniúna

| Tuairisc.ie | , ,

Inniu an lá deireanach stocaireachta ag an 516 iarrthóir a bhfuil súil acu suíochán a fháil sa 33ú Dáil.

Agus níos lú ná 24 uair a chloig fágtha acu chun a gcás a dhéanamh, is fearr buille a chuirfidh abhaile tú ná dhá bhuille ar an mbealach an port atá ag na fir agus na mná atá san iomaíocht d’Olltoghchán 2020.

Inniu a chaithfear vóta ar na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall, ar oileáin Ghaeltachta seacht gcinn acu.

Bhíothas ag súil gur ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír a bheadh muintir na n-oileán ag vótáil sa toghchán seo nuair a ghlac an Rialtas anuraidh le reachtaíocht a thabharfadh an deis sin dóibh.

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dhréachtaigh an reachtaíocht ar glacadh leis ag cruinniú rialtais ach nár cuireadh tríd in am í.

De réir na bpobalbhreitheanna deireanacha a rinneadh roimh lá na cinniúna, tá rabharta tacaíochta ag teacht i dtreo Shinn Féin agus tá tacaíocht Fhine Gael ag trá.

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna céanna is ag Fianna Fáil a bheidh an líon is mó suíochán ach a mbeidh clabhsúr curtha ar an gcomhaireamh sna 39 dáilcheantar.

Beidh an Comhaontas Glas ag súil le dul chun cinn a dhéanamh agus tógáil ar an mborradh a bhí fúthu sna toghcháin áitiúla.

Beidh Páirtí an Lucht Oibre ag súil le comharthaí téarnaimh a fheiceáil agus le toradh níos fearr a fháil ná mar a fuair siad in 2016 nuair a fágadh i dtaobh le seacht suíochán iad.

Ó tharla nach mbeidh móramh, 80 suíochán, ag aon pháirtí is é is dóichí ná a mhalairt go leanfaidh cainteanna fada comhrialtais comhaireamh na vótaí.

70 lá i ndiaidh na vótála in 2016 a bunaíodh rialtas mionlaigh Fhine Gael le tacaíocht an tsocraithe muiníne agus soláthair a rinne siad le Fianna Fáil.

Beidh na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir ar a seacht ndícheall inniu ag iarraidh cor chun feabhais a chur ina gcinniúint féin agus buille nó dhó eile a bhualadh ar a gcéilí comhraic.

Cúrsaí sláinte agus cúrsaí tithíochta na hábhair mhóra cainte le linn an fheachtais.

In ainneoin iarrachtaí Fhine Gael aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí Breatimeachta agus cúrsaí eacnamaíochta níor deineadh oiread céanna cainte faoi na hábhair sin agus ba mhaith leo.

Is ar éigean gur luadh cás na Gaeilge ná na Gaeltachta le linn an fheachtais cé go raibh geallúintí móra faoin teanga i measc an liodáin geallúintí a rinneadh le roinnt seachtainí anuas.

Thug cuid de na hiarrthóirí tacaíocht chomh maith do cheithre phríomhéileamh Chonradh na Gaeilge, aire sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí díomá ar lucht feachtais, áfach, nár thacaigh Fianna Fáil ná Fine Gael leis an éileamh ar aire sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Sa phobalbhreith náisiúnta dheireanach a foilsíodh le linn an fheachtais, tugadh le fios go raibh Sinn Féin imithe chun cinn ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil den chéad uair.

Dá mba amhlaidh an scéal amárach ba bhua stairiúil a bheadh ann do Shinn Féin, cé nach bhfuil dóthain iarrthóirí acu chun dul chun cinn ar na páirtithe eile ó thaobh líon a suíochán.

Tá sé curtha as an áireamh ag Fianna Fáil agus Fine Gael go rachaidís i gcomhrialtas le Sinn Féin, ach ráineodh go gcuirfí tástáil ar an ngeallúint sin ag brath ar thorthaí an toghcháin.

Beidh an dá mhórpháirtí ag súil gur baineadh tuisle as Sinn Féin le roinnt laethanta anuas i bhfianaise na conspóide faoin ráiteas a rinne a n-aire airgeadais ó thuaidh Conor Murphy faoi dhúnmharú an fhir óig Paul Quinn.

Beidh Sinn Féin ag súil go bhfuil a n-intinn déanta suas ag daoine agus gur éirigh lena dteachtaireacht gur beirt ar aon scéal agus iad ag troid iad Fianna Fáil agus Fine Gael. Beidh imní áirithe ar pháirtí Mary Lou McDonald áfach go leáfadh a dtacaíocht léi, mar a tharla i dtoghcháin eile roimhe seo.

Ar an dtaobh eile den scéal, beidh Fianna Fáil ag súil go gcruthóidh siad níos fearr ná mar a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna, mar a tharla ina gcás siúd cheana.

Beidh dóchas ag Fine Gael gur éirigh leo cuid dá lucht tacaíochta a mhealladh ar ais i laethanta deireanacha an fheachtais.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag breis agus trí scór de na hiarrthóirí toghcháin. Tá Gaeilge ag 59 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag neamhspleáigh, dream nach raibh san áireamh sa suirbhé sin.

Táthar den tuairim go mbeidh sé ina chogadh dearg do chuid de na suíocháin sna toghcheantair Ghaeltachta.

De réir phobalbhreith TG4 beidh iomaíocht ghéar ann do thrí cinn de na cúig shuíochán i nGaillimh Thiar, mar a bhfuil na Daonlathaigh Shóisialta agus an Comhaontas Glas tar éis guailleáil isteach i measc na mboc mór agus caint ann go bhfuil aire stáit na Gaeltachta féin, Seán Kyne, i mbaol a shuíochán a chailliúint.

De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI do TG4 i nDún na nGall, bheadh 39% de vótaí céadrogha ag Sinn Féin agus cuóta go leith ag Pearse Doherty.

De réir na pobalbhreithe a rinneadh sa tsraith chéanna i gCiarraí,  20% an duine ag Pa Daly Shinn Féin agus Michael Healy-Rae agus tá Danny Healy-Rae i mbaol a shuíochán a chailliúint.

Níos mó