Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tabharfaidh-martin-na-cosa-leis-do-chomhaontas-glas-i-gcill-dara-thuaidh

Tabharfaidh Martin na cosa leis do Chomhaontas Glas i gCill Dara Thuaidh

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Tuaisceart an chontae, na bailte Cill Droichid, Maigh Nuad, Léim an Bhradáin agus Nás na Rí agus ag síneadh siar go teorainn Uíbh Fhailí.

Teachtaí Dála sa 32ú Dáil atá ag seasamh: Catherine Murphy (SD), Bernard Durkan (FG), James Lawless (FF), agus Frank O’Rourke (FF). 

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019.

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 28.2 23
Fine Gael 23.6 25
Lucht Oibre 8.4 10
Sinn Féin 6.5 4
C Glas 3 10
Clé 24.3 10
Eile 6 19




Anailís
: Rinne Fianna Fáil go maith dhá shuíochán a fháil anseo in 2016 le 28% den vóta. Bhí na vótaí roinnte réasúnta cothrom idir an bheirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil agus toghadh an bheirt acu, James Lawless agus Frank O’Rourke, gan an cuóta a shroicheadh. Tá siad beirt ag seasamh arís. Toghfar duine acu ach is beag seans go dtoghfar an bheirt. Sna toghcháin áitiúla bhí Fine Gael beagáinín chun cinn ar Fhianna Fáil agus tabharfaidh sé sin dóchas d’Anthony Lawlor (FG) go mbeidh sé in ann an suíochán a chaill sé in 2016 a fháil ar ais. Má éiríonn leis is é Lawless (FF), arb as Nás na Rí é chomh maith, a bheadh i gcontúirt.

Bhíodh vóta láidir ag Páirtí an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo agus eagraíocht dá réir acu le vótaí a bhailiú d’Emmet Stagg (LO).  B’in mar a bhíodh ach tá an taoille tráite ar Stagg i gCill Dara agus is í Catherine Murphy (SD) ó na Daonlathaigh Shóisialta is mó a fhaigheann vóta na heite clé. Toghadh í ar an gcéad chomhaireamh in 2016 agus 1,300 vóta le spáráil aici. Is aici atá an suíochán is sábháilte.

Ní raibh ach 4% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla agus ar an gcaoi sin is beag seans atá ag an iarrthóir atá acu, Réada Cronin (SF) a chaill a suíochán ar an gComhairle Contae. Fós féin d’fhéadfadh idir 3,000-4,000 vóta a bheith aici le haistriú. San olltoghchán in 2016 chuaigh na vótaí aistrithe ó Shinn Féin i dtreo Fhianna Fáil seachas Fine Gael, cóimheas 3:1 beagnach.

Is seanfhondúir de chuid Fhine Gael é Bernard Durkan (FG), arb as Maigh Eo ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i Maigh Nuad.  Ceithre bliana ó shin fuair sé beagnach 2,000 vóta aistrithe ó Emmet Stagg (LO), arb as Maigh Eo dhó chomh maith, agus seans go mbeidh an vóta aistrithe mór céanna le fáil aige an babhta seo. An t-aon cheo ina aghaidh ná a aois. Ag 74 bhliain d’aois, an mbeidh fonn ar dhaoine i bhFine Gael a vótaí céadrogha a thabhairt don Seanadóir Anthony Lawlor?

Tá tacaíocht láidir ag Anthony Lawlor (FG) thart ar Nás na Rí. Bhí  bearna de 1,000 vóta idir é féin agus James Lawless (FF) in 2016 agus bheadh air a bheith chun tosaigh ar Lawless (FF) le go mbeadh seans aige.

Ag seasamh do Chomhaontas Glas tá Vincent Martin (CG) agus is iarrthóir láidir é. Toghadh é ar an gComhairle Contae agus é ar bharr an chomhairimh i Nás na Rí le 1,462 vóta. Is deartháir é le Catherine Martin (CG), leascheannaire an pháirtí a toghadh ina Teachta Dála in 2016. Sa dáilcheantar seo, toghadh triúr ó Chomhaontas Glas ar an gComhairle Contae mí Bealtaine seo caite. Bhí beagnach 4,000 vóta ag iarrthóirí Chomhaontas Glas sna toghcháin áitiúla sin. Dá n-éireodh le Martin (CG) 1,000 vóta eile a chur leis an gcarn sin, bheadh sé san iomaíocht don suíochán deireanach leis an Seanadóir Anthony Lawlor (FG) agus an Teachta Dála James Lawless (FF).  Mar go mbeidh sé ag fáil vótaí aistrithe ó chuile thaobh, is mó seans ná a mhalairt gurb eisean a gheobhaidh an suíochán. 

Ag seasamh chomh maith tá Paul Mahon atá ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús agus tá Séamus Ó Riain ag seasamh do Renua. Ag rith chomh maith tá Wayne Swords (NS) agus David Monaghan (NS).

Tuar: Murphy (DS), Durkan (FG), Martin (CG) agus Lawless (FF)

Níos mó