Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-deis-ag-pairti-an-lucht-oibre-agus-na-glasaigh-i-gcuan-bhaile-atha-cliath-thuaidh

TOGHCHÁN 2020: Deis ag Páirtí an Lucht Oibre agus na Glasaigh i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan Amach an dáilcheantair: Ag síneadh cois cósta ó Chluain Tarbh, trí Ráth Eanaigh, chomh fada ó thuaidh le Binn Éadair, Ard Aidhin, Darndál agus An Chúlóg ina lár.

Teachtaí Dála an 32ú Dála atá ag seasamh: Richard Bruton (FG), Denise Mitchell (SF) agus Seán Haughey (FF). Tá Tommy Broughan (NS) agus Finian McGrath (NS) ag éirí as

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019 (Binn Éadair, Cluain Tarbh agus Ard Aidhin curtha le chéile)

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 15.4 22
Fine Gael 19.7 17
Lucht Oibre 7.7 11
Sinn Féin 11.6 9
C Glas 1.4 11
Clé 29.3 16
Eile 14.9 14

Anailís: Seo ceann de na dáilcheantair is spéisiúla agus is deacra maidir le tuar a dhéanamh faoi. Bhíodh páirtí an Lucht Oibre an-láidir sa gceantar seo agus cé nach bhfuil aon suíochán ag an bpáirtí faoi láthair seans maith go mbeidh tar éis an toghcháin. Tá beirt neamhspleách ón eite chlé, a toghadh in 2016, ag éirí as; Tommy Broughan, a d’imigh ó Pháirtí an Lucht Oibre mar go ndeachaigh siad i gcomhrialtas le Fine Gael in 2011 agus Finian McGrath a bhí ina aire stáit sa rialtas deireanach. Fágann an bhearna atá fágtha ag an mbeirt acu deis ag an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin (LO) suíochán a fháil do Pháirtí an Lucht Oibre arís. Coinneoidh an tAire Richard Bruton (FG) a shuíochán gan stró ach is beag seans atá ag Fine Gael an dara suíochán a fháil. Níor chabhraigh sé leis an Seanadóir Catherine Noone (FG) gur labhair sí gan mórán discréide faoi cheannaire a páirtí, Leo Varadkar, agus í ag canbhasáil agus tuairisceoir ina teannta. Chomh maith leis sin, ní as an dáilcheantar seo í. Sheas sí i mBaile Átha Cliath Thiar in 2016, an dáilcheantar céanna le Leo Varadkar. Naoise Ó Muirí, iarmhéara ar Bhaile Átha Cliath arb as Cois Fharraige ó dhúchas dó, a sheas anseo in 2016 le Richard Bruton (FG) ach shocraigh Ardoifig Fhine Gael Catherine Noone a bhogadh ó dháilcheantar an Taoisigh go dáilcheantar Richard Bruton (FG).

Beidh suíochán amháin ag Seán Haughey (FF) nó ag an gComhairleoir Deirdre Heney (FF) agus dá roinnfidís an vóta eatarthu go cothrom d’fhéadfadh seans a bheith ag Fianna Fáil ar phéire a thabhairt leo. Rinne Haughey (FF) an-mhaith in 2016 nuair a tháinig sé sa dara háit, taobh thiar de Richard Bruton (FG), agus is dócha go dtógfaidh sé suíochán. Is iarrthóir maith í Deirdre Heney atá ag saothrú le píosa sa gceantar ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath. Fuair sí 2,680 vóta i gceantar Chluain Tarbh sna toghcháin áitiúla. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht go deireadh.

Cé nach ndearna Sinn Féin go maith sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo, agus gan ach 9% den vóta acu, tá cóir na gaoithe leo sna pobalbhreitheanna agus ba cheart go gcabhróidh sin le Denise Mitchell (SF) a suíochán a choinneáil.

Fuair an Comhairleoir David Healy (CG) ón gComhaontas Glas 3,422 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh i gceantar Bhinn Éadair-Mullach Íde. Bhí 11% den vóta ag an gComhaontas Glas sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar. Ar an mbonn sin ba cheart go bhfaigheadh Healy (CG) suíochán.

Beidh troid spéisiúil ann don chúigiú suíochán idir Deirdre Heney (FF) agus triúr iarrthóirí ón eite chlé: Aodhán Ó Ríordáin (LO), Cian O’Callaghan (DS) a bhíodh tráth sa Lucht Oibre ach atá anois leis na Daonlathaigh Shóisialta agus John Lyons (NS), a bhíodh le Pobal Roimh Bhrabús ach a d’éirigh as roimh na toghcháin áitiúla anuraidh.

Má thoghtar David Healy (CG) beidh deacracht ag O’Callaghan (DS), a bhfuil a cheantar tacaíochta thart ar Bhinn Éadair chomh maith. Má chuirtear O’Callaghan (DS) as an áireamh ba cheart go rachadh an chuid is mó dá vótaí i dtreo Uí Ríordáin (LO). Chomh maith leis sin, ag glacadh leis go mbeidh Ó Ríordáin (LO) chun tosaigh ar Catherine Noone (FG), gheobhaidh sé slám maith vótaí aistrithe uaithi, má bhíonn Richard Bruton (FG) tofa faoin tráth sin. Ní bheidh mórán vótaí aistrithe le fáil ag DeirdreHeney (FF) ó cheachtar acu.

Ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha tá Linda McEvoy (NS), Michael Burke (NS), Conor Creaven (NS), Brian Garrigan (NS) agus Sean O’Leary (NS). Tá Ben Gilroy (IFP) ag seasamh don Irish Freedom Party agus tá Proinsias Ó Conaráin (Aon) ag seasamh d’Aontú.

Tuar: Bruton (FG), Haughey (FF), Healy (CG), Mitchell (SF) agus Ó Riordáin (LO)

Níos mó