Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-fianna-fail-a-bhainfidh-buntaiste-as-deacrachtai-danny-healy-rae

TOGHCHÁN 2020: Fianna Fáil a bhainfidh buntáiste as deacrachtaí Danny Healy-Rae

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Chiarraí ar fad

Teachtaí Dála an 32ú Dáil ag seasamh: Brendan Griffin (FG),  Michael Healy-Rae (NS), Danny Healy-Rae (NS) agus John Brassil (FF). Níl Martin Ferris (SF) ag seasamh

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016, i dtoghcháin áitiúla 2019 agus i dtorthaí phobalbhreith TG4

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) Pobal Bhreith TG4(%)
Fianna Fáil 15.8 26 23
Fine Gael 21.4 22 23
Lucht Oibre 6.1 4
Sinn Féin 11.9 13 20
Glas 1.3 3 9
Healy-Rae* 41.4 13 23
Eile 2.1 19 3

*Tá Danny agus Michael Healy-Rae san áireamh sna figiúirí seo

Anailís: Toghadh beirt mhac leis an iarTheachta Dála Jackie Healy-Rae i gCiarraí in 2016. Toghadh Michael, a bhí ina Theachta Dála roimhe sin, le 20,378 vóta agus bhí a dheartháir Danny sa dara háit le 9,991 vóta. Nuair a aistríodh an farasbarr a bhí ag Michael toghadh Danny agus bhí farasbarr beag aige féin le roinnt. An cheist mhór sa dáilcheantar seo ná an mbeidh an bheirt dearthár in ann an t-éacht céanna a dhéanamh arís? Léiríonn pobalbhreith TG4 go dtoghfar Michael Healy-Rae (NS) gan stró ach go mbeidh Danny ag brath cuid mhaith ar vótaí aistrithe óna dheartháir le fanacht sa rás.

Bhí an tuairim ann go bhféadfadh sé a bheith sách deacair ar Shinn Féin an suíochán a bhí ag Martin Ferris (SF) anseo a choinneáil, go háirithe ó tharraing a iníon Toiréasa siar a hainm. Ach má tá bunús leis na pobalbhreitheanna beidh suíochán Ferris ag an gComhairleoir Pa Daly (SF) agus beidh vótaí le spáráil aige.  Toghadh é ar Chomhairle Chontae Ciarraí mí Bealtaine seo caite le 1,123 vóta.

Chaill an Lucht Oibre an suíochán a bhíodh ag muintir Spring i gCiarraí ag dul siar go 1943 agus níl aon iarrthóir acu sa toghchán seo ar chor ar bith. Is léiriú é sin ar na deacrachtaí atá ag an bpáirtí is sine sa tír, fiú amháin sna dáilcheantair ina mbíodh sé láidir.

Fuair Fianna Fáil suíochán amháin in 2016, nuair a fuair John Brassil (FF) an cúigiú suíochán ó Jimmy Deenihan (FG) agus 3,000 vóta le spáráil aige.  Tá triúr iarrthóirí ag seasamh an uair seo d’Fhianna Fáil: John Brassil (FF) ó thuaisceart Chiarraí, an Comhairleoir Norma Foley (FF), a toghadh i mbaile Thrá Lí sna toghcháin áitiúla le 2,106 vóta, agus an Comhairleoir Norma Moriarty (FF), a toghadh le 1,966 vóta do cheantar Neidín. Sa gcás nach n-éireodh go maith le Danny Healy-Rae (NS) agus dá ndíbreofaí é roimh Norma Moriarty (FF), d’fhéadfadh bean Fhianna Fáil go leor vótaí aistrithe a fháil uaidh ar bhonn tíreolaíochta.

Is as Uíbh Ráthach Moriarty, tá cónaí uirthi ar an gCoireán agus í ag obair i bPobalscoil Neidín.

Coinneoidh Brendan Griffin (FG) an suíochán a bhain sé in 2016 ach de réir phobalbhreith TG4 bheadh Mike Kennelly (FG) ró-íseal chun go mbeadh aon seans ag Fine Gael ar an dara suíochán.  Is as Ciarraí Thuaidh do Mike Kennelly (FG) agus bhí 2,084 vóta aige nuair a toghadh ina chomhairleoir contae é mí Bealtaine seo caite. Dá bhféadfadh sé fanacht chun cinn ar John Brassil (FF), bheadh seans aige ar shuíochán ach le 9% ag Brassil agus 6% ag Kennelly (FG), is beag seans go dtarlóidh sin.

Tá seans an-mhaith ag Fianna Fáil dhá shuíochán a fháil sa dáilcheantar seo. Le 10% ag Norma Foley (FF) agus 9% ag John Brassil (FF) sa phobalbhreith, ba cheart go mbeadh an vóta roinnte cothrom go maith eatarthu. Beidh vótaí aistrithe le fáil acu ó Norma Moriarty (FF) atá ar 4%.

Ní féidir iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, Cleo Murphy (CG) a chur as an áireamh. Bhí 9% aici sa phobalbhreith agus beidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh. An fhadhb a bheadh aici ná dóthain vótaí aistrithe a fháil.

Mar sin beidh suíochán ag Michael Healy-Rae, Pa Daly (SF) agus Brendan Griffin (FG) agus tá an chuma air go mbeidh an ceathrú is an cúigiú suíochán idir Danny Healy-Rae (NS), Norma Foley (FF), John Brassil (FF), Mike Kennelly (FG) agus iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, Cleo Murphy (CG). Agus titim ar vótaí mhuintir Healy-Rae, tá Danny i gcontúirt a shuíochán a chailliúint. Is as Trá Lí do Norma Foley (FF), áit a raibh sí ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 2,106 vóta, agus má bhíonn farasbarr ag Pa Daly (SF) fanfaidh sciar maith de i dTrá Lí, rud a chuideoidh léi. D’fhéadfadh an méid sin Norma Foley (FF) a chur chun cinn ar John Brassil (FF).  Seans maith mar sin gurb í a bhainfidh an chéad suíochán d’Fhianna Fáil agus go bhfaighidh John Brassil (FF) suíochán eile don pháirtí sin le cuidiú vótaí aistrithe Norma Moriarty (FF) sa gcomhaireamh deireanach.

Tá John Bowler ag seasamh don Irish Freedom Party agus tá Sonny Foran, a fuair 782 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh d’Aontú. Chomh maith le muintir Healy-Rae tá beirt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht, Seán O’Leary (NS), atá ag seasamh in 11 dáilcheantar, agus Ted Cronin (NS).

Tuar: Michael Healy-Rae (NS), Pa Daly (SF), Norma Foley (FF), John Brassil (FF) agus Brendan Griffin (FG)

Níos mó