Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-434-cas-de-covid-19-deimhnithe-anois-in-eirinn

434 cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn

434 cás de Covid-19 atá anois in Éirinn agus 74 cás nua deimhnithe ó dheas den teorainn. Sé chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh, mar a bhfuil 68 cás deimhnithe ar fad.

Beirt atá básaithe in Éirinn de bharr an ghalair.

Tá os cionn 200,000 cás den choróinvíreas deimhnithe ar fud an domhain agus breis is 8,000 duine curtha den saol aige, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhnda Sláinte.

475 duine eile atá básaithe san Iodáil de thoradh Covid-19, an líon is mó daoine a fuair bás den ghalar in aon tír amháin in aon lá amháin

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh 80% de na cásanna sin san Eoraip agus i dtíortha an Aigéin Chiúin agus gurb é an cur chuige is fearr i gcoinne an ghalair ná “scaraigí, tástálaigí, leigheasaigí agus cuardaigí”.

Dúirt ardstiúrthóir an WHO go raibh go leor tíortha “ag éisteacht” leis an gcomhairle sin ach go raibh roinnt tíortha nach raibh agus gur bac é sin ar an iarracht moill a chur le scaipeadh an ghalair.

Dúirt sé gur léirigh cás na Cóiré Theas, tír “nár ghéill don ghalar”, go n-éiríonn le cur chuige atá bunaithe ar go leor tástála agus an scoitheadh sóisialta.

Dúirt sé gur dúshlán nach bhfacthas a leithéid cheana a bhí i scaipeadh Covid-19 ach gur “deis nach bhfacthas a leithéid cheana a bhí ann teacht le chéile chun namhaid don chine daonna a chloí”.

Mhol Tedros Adhanom Ghebreyesus do mhuintir na hAfraice “ullmhú don chás is measa agus tosú ag ullmhú inniu”.

Tá lorg á fhágáil ag Covid-19 ar thíortha ar fud an domhain agus an saol curtha bunoscionn aige.

Tuairiscítear go bhfuil os cionn 300 duine eile básaithe in Lombardia na hIodáile de bharr an ghalair agus os cionn 100 duine atá básaithe sa Ríocht Aontaithe.

Bhásaigh 116 duine de bharr an ghalair sa bhFrainc le lá anuas agus tá 264 duine básaithe anois sa tír.

Idir an dá linn, dúirt Méara Nua- Eabhrac Bill de Blasio go  bhfuil a mhacnamh á dhéanamh aige ar pholasaí nua ‘shelter-in-place’ a thabhairt isteach faoina bhfanfadh daoine ag baile.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir gur “ag tarraingt a hanála atá an stoirm” fad is a bhain sé le scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

I ráiteas speisialta teilifíse,  dúirt sé go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh, i bhfad i ndiaidh an 29 Márta.

Dúirt sé gurb í “fírinne an scéil” nach “eol dúinn go fóill” cén fhad a mhairfeadh an ghéarchéim agus na srianta atá á gcur i bhfeidhm in iarracht moill a chuir ar scaipeadh an ghalair.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine “cur le chéile trí fanacht amach óna chéile” agus an scoitheadh sóisialta a chleachtadh.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí sa tréimhse amach romhainn ar dhaoine atá amach san aois agus daoine a bhfuil tinnis eile orthu fanacht ag baile ar fad ar feadh roinnt seachtainí, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa agus go dtiocfadh ardú arís ar líon na gcásanna ina dhiaidh sin. Ní bheidh gá ag formhór de na daoine a bheidh buailte ag an ngalar le cúram san ospidéal, ach beidh dianchúram leighis ag teastáil ó roinnt acu agus gheobhaidh cuid acu bás, a dúirt sé.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte le dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain na mílte curtha den saol aige.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Níos mó