Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-61-cas-de-covid-19-deimhnithe-anois-in-eirinn

61 cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn

Deimhníodh 11 cás nua den ghalar Covid-19 in Éirinn inniu, naoi gcás ó dheas den teorainn agus dhá chás ó thuaidh. 61 cás ar fad atá anois deimhnithe in Éirinn, 43 cás ó dheas agus 18 cás ó thuaidh den teorainn.

Thart ar 2,300 duine a tástáladh don ghalar go dtí seo ó dheas agus 246 duine a tástáladh ó thuaidh.

I ndeisceart na tíre atá seisear de na daoine is déanaí atá buailte ag an ngalar. Cásanna a bhfuil baint acu le taisteal thar lear a bhí i gceist le ceathrar fear as deisceart na tíre. Bhí teagmháil ag bean agus fear eile i ndeisceart na tíre le hothar eile ar deimhníodh cheana an galar a bheith tolgtha acu.

Fir atá i gceist atá i gceist leis na trí chás nua eile a deimhníodh in oirthear na tíre tráthnóna. Baineann dhá chás acusan le taisteal thar lear agus bhí teagmháil ag an bhfear eile as oirthear na tíre le hothar eile ar deimhníodh cheana an galar a bheith tolgtha acu.

Deimhníodh tráthnóna go raibh duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19 in Éirinn.

Seo an chéad duine a bhásaigh de bharr an ghalair sa tír seo.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte:

“Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le gaolta agus cairde an othair seo. Táim ag iarraidh ar na meáin agus an pobal meas a léiriú ar a bpríobháideachas ag an am corrach seo.

“Táimid ag leanúint lenár gcuid iarrachtaí bac a chur ar scaipeadh an víris. Is gá dúinn ar fad gníomhú le chéile chun go n-éireoidh linn. Cloígí leis an gcomhairle sláinte phoiblí le bhur dtoil,” a dúirt an Dr Tony Holohan.

Bhásaigh an t-othar in ospidéal in oirthear na tíre inniu agus tuairiscítear gur bhean a bhí amach san aois agus a raibh fadhbanna eile sláinte aici a bhí i gceist.

Tuairiscítear gur tháinig an bhean chun an ospidéil agus fadhbanna anála aici agus go raibh toradh dearfach ar an tástáil don ghalar a cuireadh uirthi ina dhiaidh sin.

Dúirt an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda níos luaithe inniu go raibh Covid-19 anois ina phaindéim.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna go raibh an galar á scaipeadh chomh forleathan agus chomh tréan sin gur paindéim a bhí i gceist, cur síos nár úsaideadh roimhe seo.

Cloch mhíle eile i scéal scaipeadh an ghalair é ráiteas an WHO tráthnóna.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh breis is 118,000 cás de Covid-19 anois in 114 tír agus nach mór 3,000 duine curtha den saol aige.

Dúirt ardstiúrthóir an WHO:

“Ní mór a bheith cairéiseach agus an focal paindéim á úsáid agus ní focal é ba cheart a tharraingt chugat gan chúis. Focal é, má bhaintear mí-úsáid as, a chothaíonn imní mhíréasúnta nó d’fhéadfadh gurb amhlaidh go nglacfadh daoine leis go bhfuil an cath caillte, rud nach mbeadh de thoradh air ach fulaingt agus bás a d’fhéadfaí a chosc.

“Cé gur paindéim an cur síos atá anois againn air, is mar a chéile breith an WHO faoin mbagairt a bhaineann  leis an gcoróinvíreas. Ní athraíonn sé a bhfuil ar siúl ag an WHO ná an rud ba cheart do thíortha a dhéanamh.”

Dúirt an WHO gur údar mór imní don eagraíocht an scaipeadh “scanrúil” atá á dhéanamh ag an ngalar agus an “easpa gnímh scanrúil” atá á dhéanamh chun é a chosc.

Mhol Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna na dianbheartais i gcoinne an ghalair a bhí ar bun i dtíortha amhail an Iodáil, ach cháin sé siléig thíortha eile nár ainmnigh sé.

“Easpa acmhainní atá ag cur as do thíortha áirithe. Easpa áiseanna atá ag cur as do thíortha eile. Agus easpa diongbháilteachta atá ag cur as do thíortha eile,” arsa ardstiúrthóir an WHO.

Dheimhnigh Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge ar maidin go raibh an galar tolgtha ag othar ansin atá anois á choinneáil amach ó dhaoine eile.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid inniu go rabhthas anois ag dul isteach “i gcéim nua” den choróinvíreas.

De réir Ollscoil John Hopkins, tá breis is 121,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 4,400 duine curtha den saol aige. Tá téarnamh déanta go dtí seo ag 66,216 duine a bhí buailte ag Covid-19.

Níos mó