Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘croia’,-‘laoch’-agus-‘feile’-–-na-hainmneacha-is-neamhghnaiche-a-tugadh-ar-phaisti-in-2019

‘Croía’, ‘Laoch’ agus ‘Féile’ – na hainmneacha is neamhghnáiche a tugadh ar pháistí in 2019

| Maitiu O Coimin |

D’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh eolas i dtaobh ainmneacha in Éirinn cúpla seachtain ó shin, agus cuireadh an-spéis san alt a foilsíodh ar NÓS faoi na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar ghasúir ár linne.

Chaith muid súil eile ar an mórliosta a sholáthar an Phríomh-Oifig Staidrimh dúinn agus tá anailís déanta againn ar na hainmneacha Gaeilge is neamhghnáiche agus is annaimhe a tugadh ar ghasúir in 2019.

Ní bhaineann an liosta seo le hainmneacha atá fadbhunaithe ach tite as úsáid — ainmneacha atá le fáil i seanchas agus i bhfinscéalaíocht na hÉireann, mar shampla, ná ainmneacha a tógadh ón mBíobla nó ó liodán na naomh — ach ainmneacha Gaeilge, nó ainmneacha atá bunaithe ar an nGaeilge, nach raibh le fáil roimhe seo. 

Ar na hainmneacha nua sin tá ‘Croíadha’ agus ‘Croía’ — leaganacha éagsúla den ainm a thug an trodaí MMA Conor McGregor ar a iníon an bhliain seo caite. Is minic a bhíonn tionchar ag daoine mór le rá ar thuismitheoirí agus iad ag ainmniú a ngasúr — go deimhin bhí cúpla ‘Idris’ agus ‘Saoirse’ ar liosta na bliana seo, agus bhí ‘Dany’ agus ‘Arya’ ann an bhliain seo caite — ach is annamh a bhíonn ainm ‘Gaeilge’ i mbéal an phobail. 

Ní fhéadfá a rá gur ‘ainmeacha Gaeilge’ iad ‘Croíodha’ agus ‘Croía’, ach deir McGregor féin gur ‘bunaithe ar an nGaeilge’ atá an t-ainm a roghnaigh sé féin agus a bhean chéile dá n-iníon agus gurbh é an focal ‘croí’ bunús an ainm. 

Tá an t-ainm ‘Croí’ féin ar liosta na mbuachaillí agus na cailíní araon i mbliana — tugadh an t-ainm sin ar sheachtar buachaillí agus ar thriúr cailíní in 2019. 

Is iomaí ainmhí a thug a ainm do dhuine daonna — Fiach, Broc, Damhnait, Oisín agus Art — ach tá dhá ainmhí ar liosta na bliana seo nach n-úsáidtí mar ainmneacha daoine roimhe seo: bradán agus cadán. 

Ar ndóigh is iasc dúchais in Éirinn é an bradán agus taithí mhaith againne orthu sna haibhneacha agus ar an bpláta. Tá cáil na gaoise ar an mBradán Feasa ar ndóigh, agus tá an bradán ar cheann de na héisc is mó a shamhlaítear leis an bhfolláine agus an neart in uiscí na hÉireann — ní haon iontas mór é go dtabharfaí an t-ainm ar bhuachaill óg.

Scéal eile ar fad é an cadán. Is cuil é an cadán (Trichoptera), cuil a úsáidtear mar bhaoite iascaireachta go minic. Deacair an fáth a dtabharfaí ainm ainmhí chomh beag suarach leis ar pháiste beag! 

Mar a tuairiscíodh cheana, ba é Fiadh an t-ainm ba choitianta a tugadh ar chailíní anuraidh. Ar ndóigh, is ainmhí eile é Fiadh, an litriú réamhchaighdeáin ar an bhfocal ‘fia’. Cé go bhfuil an t-ainm an-choitianta go deo anois, is le blianta beaga anuas a tháinig sé chun cinn mar ainm do chailíní. Is beag Fiadh a bhí ar an saol 20-30 bliain ó shin nach raibh ina cónaí i gcoill sléibhe éigin.

Tá an t-ainm ‘Éirinn’ agus leaganacha malartacha de á thabhairt ar chailíní le breis agus céad bliain anuas — go háirithe i Meiriceá. Bhí an t-ainm neamhchoitianta go leor in Éirinn go dtí cúpla bliain ó shin, ach is iomaí Éirinn, Erin, Éirin agus eile atá sa tír seo anois. Ainm níos teirce is ea ‘Éire’, ach cláraíodh triúr faoin ainm sin anuraidh — cailíní uilig. 

Is maith le tuismitheoirí ainmneacha a thugann láidreacht, neart agus cumhacht chun cuimhne go minic agus tá ainmneacha go leor i dtraidisiún Gaelach na tíre seo a dhéananna amhlaidh — Aodh, Buadhnait, Cathal — ach bheartaigh cúpla tuismitheoir a bheidh níos soiléire fós ná sin agus a mic á n-ainmniú acu agus ‘Laoch a thabhairt ar cheathrar buachaillí anuraidh. 

Tá an t-ainm ‘Ruaidhrí’, agus an t-ainm ‘Ruadhán’ againn le blianta fada. Ba Ruaidhrí é an tArd-Rí deireanach ar Éirinn, go deimhin, ach chinn cúpla duine gan bacadh leis na hiarmhíreanna traidisiúnta sin agus an aidiacht lom a bhaisteadh ar a mic anuraidh — tá ‘Rua’ agus ‘Ruadh’ araon ar an liosta.

Ar na hainmneacha neamhghnácha eile a tugadh ar bhuachaillí anuraidh bhí ‘Shéa’ agus ‘Sé’, ‘Gael’, ‘Teidí’ agus ‘Anas’ — ainm a chiallaíonn ‘cairdeas san Araibis ach a bhfuil brí eile leis sa nGaeilge. 

I measc na gcailíní bhí rogha níos leithne fós ainmneacha neamhghnácha — rudaí ar nós ‘Féile’, ‘Seoidín’, ‘Eala’ agus ‘Céala’ — ainm nach léir a bhrí ach a bhfuil cuma Ghaelach air. Bhí leaganacha éagsúla d’ainmneacha traidisiúnta ar nós Aodh agus Aoibhinn in ‘Aodhla’ agus ‘Aibhín’ agus iarrachtaí ar ainmneacha Béarla a Ghaelú in ainmneacha ar nós ‘Nainsí’ (bhí an litriú Gaelach ‘Neansaí’ ar an liosta freisin.

Níos mó