Gan aon chinneadh déanta go fóill ag RTÉ faoi chiorruithe do Nuacht TG4
Tá ráite ag RTÉ nach bhfuil aon chinneadh déanta acu fós maidir le ciorruithe a chur i bhfeidhm ar Nuacht TG4.
Mar a tuairiscíodh anseo le déanaí tá imní agus fearg mhór i measc bhaill foirne de chuid Nuacht TG4 faoi shocrú nua a d’fhágfadh go mbeadh ceamaraí á roinnt i mBaile Átha Cliath ag an tseirbhís nuachta Gaeilge le nuacht an Bhéarla.
Tá an scéal pléite ag lucht ceardchumainn i Nuacht TG4, ach dúirt Rúnaí na hÉireann ar an NUJ Séamus Dooley nach raibh “aon rud le rá” ag an gceardchumann faoin scéal “ag an bpointe seo”.
Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc.ie go rabhthas “ag fiosrú bealaí nua oibre agus sineirge ar fud na heagraíochta” mar chuid de na ciorruithe atá á gcur i bhfeidhm sa stáisiún.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh “raon leathan réimsí san eagraíocht á scrúdú de bharr na ndúshlán airgeadais reatha atá roimh RTÉ”.
Chuirfí baill foirne ar an eolas ar dtús sula ndéanfaí aon athruithe, arsa an t-urlabhraí.
“Níl aon chinntí tugtha chun críche faoi láthair maidir le Nuacht RTÉ/TG4,” a dúirt sé.
Tá baill foirne i Nuacht TG4 buartha gurb í fírinne an scéil ná gurbh ionann criúnna a bheith á roinnt idir an dá sheirbhís agus Nuacht TG4 a bheith ag leanúint chlár oibre nuacht an Bhéarla seachas a bheith ag cur ‘Súil Eile’ ar fáil don phobal.
Táthar buartha chomh maith go dtabharfar tús áite i gcónaí do riachtanais na seirbhíse Béarla agus nach mbeidh ar bun ag iriseoirí Gaeilge RTÉ ach ‘aistriúchán’ le cur le seatanna iriseoirí Six One agus nuacht an Bhéarla ag 9pm.
Tá sé ina imní go bhfágfadh a leithéid de chiorrú a lorg ar sheirbhís Nuacht TG4 taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin ó tharla gur minic iriseoirí in áiteanna eile a bheith ag brath ar chriú i mBaile Átha Cliath d’agallaimh dá dtuairiscí.
Tá baill foirne den tuairim láidir nach roinnfí na hacmhainní go cothrom is cuma cad a déarfadh lucht bainistíochta na nuachta in RTÉ.
Dúirt foinse amháin le Tuairisc.ie go rabhthas buartha go mbeadh iriseoirí Gaeilge “ag brath ar cead a fháil ceamara a fháil ar iasacht ó iriseoirí an Bhéarla”.