Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘idir-measartha-agus-mor’-ata-an-baol-go-mbuailfidh-an-coroinvireas-nios-mo-daoine-in-eirinn

‘Idir measartha agus mór’ atá an baol go mbuailfidh an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn

| Tuairisc.ie | ,

Idir measartha agus mór atá an baol go mbuailfidh an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn, de réir an ráitis is déanaí ón Rialtas faoin ngalar a bhfuil tíortha ar fud an domhain buailte aige.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go mb’fhéidir go dtiocfadh an lá gur dírithe ar an ngalar a mhaolú seachas é a shrianadh a bheifí ach nach raibh an lá sin tagtha fós. 

Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoi cheiliúradh na Féile Pádraig ach go raibh súil á coinneáil ar an scéal i gcónaí. Níorbh é comhairle an Rialtais faoi láthair ócáidí móra a chur ar ceal ach d’fhéadfadh athrú teacht air sin, a dúirt sé.

Thug an Taoiseach le fios go mbeadh treoirlínte nua maidir le tionól ollchruinnithe á n-eisiúint inniu nó amárach ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Tá na treoirlínte sin le heisiúint tráth a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, WHO, nach fios cad atá amach roimh an domhan maidir leis an ngalar.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu chun plé a dhéanamh ar bheartais éagsúla i leith an choróinvíris. 

Tá a naoi n-oiread cásanna nua den víreas anois á n-aimsiú lasmuigh den tSín ná mar atá á n-aimsiú sa tSín féin. 

Tá an galar tolgtha ag breis is 90,000 duine ar fud an domhain agus tá seisear básaithe leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

An Iodáil, an Chóiré Theas agus an Iaráin na tíortha is measa atá buailte ag an ngalar.

Dúirt ceannasaí an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus “nach léir dúinn cad atá amach romhainn” maidir leis an ngalar.

“Ní fhacamar riamh cheana pataigin riospráide a bhfuil ar a cumas scaipeadh i measc an phobail ach gur féidir, ag an am céanna, srian a chur léi ach na bearta cuí a chur i gcrích.”

Is ionann scaipeadh i measc an phobail agus scaipeadh ó dhuine go duine sa phobal seachas scaipeadh thar dúiche isteach.  

Meastar go bhfuil sé i gceist ag an bhfoireann saineolaithe sa Roinn Sláinte a mholadh chomh maith go ndéanfaí tástálacha áirithe don ghalar in áiteanna eile seachas in ospidéil, sa bhaile, mar shampla. 

Bhí cruinniú aréir le saineolaithe ón HSE ag tuismitheoirí na scoile i mBaile Átha Cliath a dúnadh nuair a fuarthas toradh dearfach don ghalar ar dhuine de dhaltaí na scoile.

Dúradh gur deimhníodh cé hiad na daoine go léir a raibh gartheagmháil acu leis an dalta, buachaill sna déaga. Is ionann ‘gartheagmhálaí’ ag na saineolaithe leighis agus duine a bhí i ngartheagmháil leis an othar ar feadh 15 nóiméad nó níos mó.

Dúradh le tuismitheoirí chomh maith go ndéanfar an scoil i mBaile Átha Cliath a ghlanadh ó bhun go barr sula n-osclófar arís í. 

Tá iarrtha ar dhaltaí agus foireann na scoile coinneáil amach ó dhaoine eile ar fead coicíse. Tá iarrtha chomh maith ar bhaill de bhanna ceoil a raibh a bhí ag cleachtadh ceoil in éineacht leis an othar ag an deireadh seachtaine iad féin a choinneáil amach ó dhaoine ar feadh coicíse.

Chuir an tAire Sláinte Simon Harris a chomhghleacaithe rialtais ar an eolas ar maidin faoi na treoirlínte is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoi ollchruinnithe.

Tá fochoiste rialtais nua bunaithe, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, chun plé leis an gcoróinvíreas.

Níos mó