Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-mick-mulvaney-–-an-toscaire-gan-choinne

Mick Mulvaney – an toscaire gan choinne

Cúig bliana fichead ó ceapadh an chéad toscaire Meiriceánach go Tuaisceart Éireann, d’ainmnigh an tUachtarán Donald Trump an Gael-Mheiriceánach Mick Mulvaney mar thoscaire nua.

Tháinig an fógra, a rinneadh ar Twitter, aniar aduaidh ar an bhFeidhmeannas in Stormont, ar rialtas na hÉireann agus ar roinn rialtais na Breataine, Oifig Thuaisceart Éireann. Ní raibh toscaire chun an Tuaiscirt ag Meiriceá ó tháinig an tUachtarán reatha i gcumhacht. Cuireadh deireadh le téarma an duine deiridh, Gary Hart nuair a insealbhaíodh Donald Trump. Ní nach ionadh d’fháiltigh an Chéad agus LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill roimh an gceapachán mar a rinne an Taoiseach. Mhúscail an beart go leor ceisteanna áfach.

Cén fáth an tsuim i dTuaisceart Éireann anois? An comhtharlúint é go mbeidh toghchán na hUachtaránachta i Meiriceá faoi cheann ocht mí? An bhfuil aon bhaint aige le vóta na nÉireannach nó na nGael-Mheiriceánach? Nach bhfuil na sluaite díobh i gcampa Donald Trump cheana féin agus ionadaíocht acu ar an bhfoireann sa Teach Bán? An de sheans a rinneadh an fógra cúpla lá i ndiaidh chaithréim Joe Biden ar Super Tuesday na nDaonlathach?

Beirt fhear gur de bhunadh Mhaigh Eo a muintir ag déanamh tinnis don Uachtarán Trump! Bíonn sé tarcaisneach faoi Biden ach dóthain imní air faoi gur chuir a fheachtas toghchánaíochta leagan bréige, atheagraithe d’fhístéip de chuid an Daonlathaigh ar mheáin shóisialta. Bhí a fhios le tamall gur theastaigh uaidh Mulvaney a bhriseadh as a phost mar cheann foirne san Teach Bán. Aisteach go leor, d’fhéach sé leis an ngoimh a bhaint as an gcinneadh, rud nach dual dó. Tuairiscíodh as Washington gur labhair an tUachtarán le comharba Mulvaney sular inis sé dó go raibh bata agus bóthar á fháil aige ach le blas meala i bhfoirm an ghradaim mar thoscaire go Tuaisceart Éireann.

Bhí Mulvaney anseo cúpla seachtain ó shin nuair a bhuail sé leis na páirtithe in Stormont agus le hionadaithe pobail. Tá suim aige i ngnóthaí na hÉireann. Níl sé soiléir, áfach an mbeidh mórán airde sa Teach Bán ar a chuid tuairiscí ná a chuid aighneachtaí. Dúirt an Chéad-Aire, Arlene Foster, ceannaire an DUP go gcuideodh sé leis an dea-chaidreamh le Washington a threisiú; bheadh sí ag cur ar a shúile dó arís, a dúirt sí, gur fiú go mór do Mheiriceánaigh infheistiú i dTuaisceart Éireann. Dúirt an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, leas-uachtarán Shinn Féin go mbeadh deis ag an toscaire nua tógáil ar an obair a rinne a réamhtheachtaithe mar thaca leis an tsíocháin agus le Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhí sí ag tnúth lena chomhoibriú chun an Tuaisceart a chosaint i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ós geall le bolscaire i bhfabhar an Bhreatimeachta é an tUachtarán Trump is deacair a shamhlú go mbeidh tionchar mór ag Mulvaney air ar mhaithe leis an Tuaisceart a chosaint ó éifeacht diúltach ar bith a bheidh ag an mBreatimeacht. Tá ardmheas ag an Uachtarán Trump ar Boris Johnson agus ó tá seisean neartaithe go mór i ndiaidh olltoghchán Westminster is cosúil go bhfuil an Breatimeacht crua ar ais ar an gclár oibre. B’fhéidir nach bhfuil sa seasamh crua ach teaicticí margála ach ní údar dóchais do phobal an Tuaiscirt é ná do phobal na hÉireann ar fad. Cén ról dearfach a bheidh Mick Mulvaney in ann a imirt, a cheannaire an tUachtarán ar thaobh amháin agus Nancy Pelosi, Richie Neal agus ionadaithe cumhachtacha eile ar an taobh eile.

Seans maith go raibh níos mó údaráis ag a réamhtheachtaithe, nó cuid acu ar aon nós. Bhí cluas le héisteacht ag an Uachtarán Clinton don Seanadóir George Mitchell lá agus oíche. Ba é Mitchell an chéad toscaire, cheap Clinton é i 1995. Ghlac sé le cúraimí éagsúla ach ba é a chathaoirleacht ar na cainteanna ollpháirtí as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta a éacht. Thairis siúd ba iad an bheirt a tháinig ina dhiaidh ba mhó a d’imir tionchar. Cheap an tUachtarán George W Bush Richard Haass in 2001. Bhí sé i mbun oibre nuair a tharla ionsaithe 9/11 agus chuir sé brú ar ghluaiseacht na poblachta chun droim láimhe a thabhairt do gach gné den bhfeachtas foréigin. Tháinig Mitchell Reiss i gcomharbacht air ó 2003 go 2007. B’eisean faoi ndear an bac ar Shinn Fein ón Teach Bán Lá Fhéile Pádraig 2005 i ndiaidh mharú Robert McCartney agus robáil bhainc. Go gairid ina dhiaidh sin d’fhógair an tIRA go raibh siad chun díchoimisiúnú a dhéanamh. Toscairí trádála ab ea Paula Dobriansky agus Declan Kelly. Ba é Gary Hart an toscaire deiridh, idir 2014 -2017, agus níor léirigh an tUachtarán Trump aon suim i gceapachán a dhéanamh go dtí anois.

Níos mó