Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tadhg-o-grifin-sa-chlub-agus-imeachtai-eile

Tadhg Ó Grifín sa Chlub agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

Gatehouse // Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine, 6 Márta @ 20:00

An dtaitníonn ceol an bhanna Gatehouse libh? Má sea, bí ar an eolas go mbeidh siad le feiscint anocht i gCorcaigh, san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne. Sin iad na ceoltóirí John Wynne, Rachel Garvey agus Jacinta McEvoy, a bhfuil dhá albam eisithe acu go dtí seo, Tús Nua agus Heather Down the Moor. Cloisfear rianta ón dá dhlúthdhiosca sin, i gcaitheamh na hoíche, táim cinnte! Ina dteannta, beidh beirt aoi cheoltóirí, Alan Kelly agus Michael McCague.

An Feileacán agus an Rí // Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste; Dé Sathairn 7 Márta agus Dé Domhnaigh 8 Márta

Do chuala an t-údar Máire Zepf faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail le déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin seó An Féileacán agus an Rí; agus spreagadh mé ag a cuid cainte. Taispeántas úrchumtha é, atá bunaithe ar leabhar ó pheann an údair, le hathinsint aici ar sheanscéal aitheanta, ársa. Bunús an scéil ná go n-iompaítear Éadaoin ina féileacán chun í a scarúint óna grá geal, Mír; agus léireofar amhlaidh ar stáitse i bhfoirm focal, rince agus ealaíon, go luath.

Is iad Máire í féin, an cóiréagrafaí Clara Kerr agus an maisitheoir Shona Shirley MacDonald atá ag plé leis an tionscnamh seo, atá curtha i láthair i gcomhar le Young at Art, faoi bhráid Fhéile Bhéal Feirste na bPáistí. Léireofar é i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn beag seo @ 15:00 agus Dé Domhnaigh @ 14:30. Seolfaidh Máire, Shona Shirley agus an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata an leabhar roimh an taispeántais ar an Satharn, timpeall 14:00.

Tadhg Ó Grifín agus a bhanna, Na Gealta, Club an Chonartha, Dé Sathain 7 Márta @ 20:00

Cloisfear go leor faoi Thadhg Ó Grifín amach anseo – i mbliana, táim siúreáilte – agus sna blianta romhainn. Tá sé feicthe agam ag Gradaim NÓS, ag Féile na Gealaí agus ócáidí eile nach iad agus glac uaim é, tá cur i láthair faoi leith aige atá tarraingteach agus spleodrach. 

Beidh a bhanna Na Gealta ina theannta an deireadh seachtaine seo i gClub an Chonartha agus lucht eagraithe na háite i mbun ceiliúrtha ar Sheachtain na Gaeilge. Bí leo ar an Satharn  óna 20:00 agus léirigh do chuid tacaíochta

Lá Idirnáisiúnta na mBan, plé painéil, Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh 8 Márta @ 18:00

Ós ag scríobh faoi Sheachtain na Gaeilge atáim, ba dheas liom bhur n-aird a tharraingt ar ócáid eile. Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan á chomóradh Dé Domhnaigh agus painéal cainte eagraithe chun Spórt na mBan a phlé. Beidh painéal cainteoirí i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun tabhairt faoin gcaint. Sin iad ambasadóir na seachtaine, Eimear Considine, gur imreoir rugbaí í; eagarthóir spóirt TG4 Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus an t-iar pheileadóir le foireann Chorcaí, Valerie Mulcahy.

Is í Gráinne McElwain, ambasadóir eile na seachtaine agus craoltóir a bheidh i mbun cathaoirleachta ar an imeacht, atá eagraithe in éineacht leis an CLG. Má tá suim agat bheith i láthair, beidh ort nóta a sheoladh chuig orlaith@cnag.ie

Celebration of the Blaskets // An Taibhdhearc, Gaillimh Dé Céadaoin 11 Márta @ 20:00

Déanfar ceiliúradh ar na Blascaoidí ag imeacht a bheidh ar siúl i bhfad ó Dhún Chaoin Dé Céadaoin seo chugainn. Is i gCathair na dTreabh a bheidh ceoltóirí éagsúla ag teacht le chéile don oíche speisialta seo agus ina measc beidh bean Dhún Chaoin, Muireann Nic Amhlaoibh agus a banna, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne. Ciarraíoch eile a bheidh ann ná an ceoltóir cumasach, Niamh Ní Charra a bheidh le clos in éineacht le Noreen O’Donoghue agus ensemble téaduirlise, i dtaispeántas atá cumtha agus stiúrtha ag Colm Ó Foghlú, dar teideal Suantraí na hInise. Déanfar sé ana oíche Cois Coiribe. Gach eolas ó antaibhdhearc.com

Níos mó