Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-talmhaiocht-agus-ithir-a-saibhriu-ag-culra-creafoige-i-ngaeltacht-dhun-na-ngall

Talmhaíocht agus ithir á saibhriú ag Cúlra Créafóige i nGaeltacht Dhún na nGall

| Tuairisc.ie | ,

Tá an togra Cúlra Créafóige ar an bhfód anois le bliain ar an bhFál Carrach i nDún na nGall agus é mar aidhm aige glasraí a fhás agus an talamh feirme a athghiniúint.

Deir urlabhraí an togra go bhfuil  “na daoine atá páirteach san togra EIP le bliain anuas an-sásta leis”.

Deir sí chomh maith gur léir go bhfuil an “ceangal leis an talamh go fóill beo i muintir na háite”. Níl tithe gloine mar chuid den togra EIP toisc é a bheith “dírithe ar an mbithéagsúlacht” agus ar shláinte agus “saibhreas na créafóige”.

Sprioc de chuid Cúlra Créafóige suim úr a spreagadh i measc na n-úinéirí talaimh san áit le tabhairt faoin talmhaíocht inbhuanaithe nach scriosfaidh an comhshaol ach a thabharfaidh slí bheatha dóibh chomh maith. Chuige sin tá sé mar sprioc acu 12 acra a shaothrú sa bhliain, rud a d’fhágfadh go mbeadh 60 acra faoi thalmhaíocht inbhuanaithe ag deireadh 2023.

Eagrófar sraith ceardlann do na feirmeoirí a bheidh rannpháirteach sa togra i mbliana chun buanna agus scileanna na feirmeoireachta inbhuanaithe a bhí ag ár sinsir a phlé agus feirmeoirí a spreagadh chun tabhairt faoi athbheochan na mbealaí sin ionas go mbeidh an talmhaíocht i gceantar Chloch Cheann Fhaola inbhuanaithe agus nach scriosfar an bhithéagsúlacht atá riachtanach do shláinte na créafóige agus an chomhshaoil.

Díreofar chomh maith ar thionscail tí a bheadh ar chumas úinéirí talún a thosú agus a chuirfeadh borradh faoin gceantar.

Togra de chuid an Aontais Eorpaigh é seo a bhfuil sé mar aidhm aige táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta a chothú agus a fheabhsú agus tá an scéim á cómhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sa tír seo. Tá 23 togra éagsúil á maoiniú ar fud na tíre seo – ina measc feirmeoireacht chnoic i dTuaisceart Chonamara agus Cúlra Créafóige i gCloch Cheann Fhaola i nDún na nGall a bhfuil buiséad €583,000 aige do na cúig bliana ó 2019-2023.

Is mian le Cúlra Créafóige cultúr na feirmeoireachta sa cheantar a chaomhnú agus an pobal a spreagadh leis an margadh atá ann do bharraí éagsúla a scrúdú. Feirmeacha beaga den chuid is mó atá sa cheantar seo agus go leor den talamh díomhaoin agus na sean-nósanna feirmeoireachta agus curaíochta á dtréigean le fada.

Mar chuid den togra Cúlra Créafóige, rinneadh páirceanna a réiteach in 2019 agus cuireadh barraí i gCloch Cheann Fhaola. Bhí an talamh sin bán, díomhaoin agus neamhthorthúil le suas le leathchéad bliain.

Díríodh ar bharraí a bhíodh á bhfás go traidisiúnta sa cheantar, líon agus coirce, agus triaileadh gairleog chomh maith mar go bhfásann sí go maith i dtalamh bocht agus in áiteanna nach mbíonn an aimsir róchineálta. Deir an t-urlabhraí linn go bhfuil “taighde á dhéanamh ar mhargadh do na barraí seo” faoi láthair.

Obair cheannródaíoch eile atá ar siúl ag Cúlra Créafóige ná tástáil a dhéanamh ar leasú talún glas nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht mar a dhéanann go leor den leasú saorga a úsáidtear go minic. Tá an neantóg, an meacan compair (lus na gcnámh briste) agus an siocaire agus meascán díobh sin á scrúdú acu faoi láthair mar leasú glas. Tá sé de cháil ar na plandaí dúchais seo go bhfuil siad go maith chun an ithir a chothú agus í a fheabhsú dá réir. Ar ndóigh tugann na plandaí sin foscadh agus baile d’fheithidí agus don fhiadhúlra eile a bhíonn ag síorthreabhadh na gcuibhreann agus is foráiste nó beatha iad do na hainmhithe feirme chomh maith.

Tá an taighde seo ag teacht leis an tuiscint a bhí ag ár sinsir gur i dteannta a chéile is fearr a oibríonn an talmhaíocht, na plandaí agus na hainmhithe agus nach mór don talmhaíocht a bheith i dtiúin le nádúr agus srianta na timpeallachta feirme.

Mar chuid den chomhoibriú sin, déanfaidh Cúlra Créafóige scagthástáil agus monatóireacht ar an mbithéagsúlacht agus an dúlra dúchais ag tráthanna éagsúla le linn na gcúig bliana a mbeidh an togra ar siúl le súil a choinneáil ar an mbithdhúlra dúchasach.

Tá Cúlra Créafóige ag lorg daoine anois a bhfuil cónaí orthu i gceantar Chloch Cheann Fhaola agus a bhfuil píosa talaimh acu nach bhfuil in úsáid faoi láthair.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seo, téigh i dteagmháil le Cúlra Créafóige ar an Fhál Carrach ag laneipculra@gmail.com.

Níos mó