Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cosnaimis-ar-bpaisti’-–-imni-faoi-thionchar-‘tubaisteach’-na-paindeime-ar-leanai

‘Cosnaímis ár bpáistí’ – imní faoi thionchar ‘tubaisteach’ na paindéime ar leanaí

| Tuairisc.ie | ,

D’fhéadfadh iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíochta an choróinvíris a bheith tubaisteach do na milliúin de pháistí na cruinne, a mhaítear i dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe.

Maítear gur géarchéim ó thaobh chearta an linbh atá sa ghéarchéim Covid-19 faoin tráth seo.

Rinne Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, achainí go ndéanfaí gníomh go práinneach chun cuidiú le páistí, tráth a bhfuil sé ina ghéarchéim ar fud an domhain.

António Guterres

“Ar an dea-uair, is cosúil nach bhfuil páistí buailte go dona ag na siomptóim is measa den ghalar, ach tá a saol ar fad curtha bunoscionn,” a dúirt Guterres.

“Impím ar theaghlaigh agus ar cheannairí an domhain pé áit a bhfuil siad ár bpáistí a chosaint.”

Tugtar sonraí sa tuarascáil faoin gcaoi a bhfuil an ghéarchéim seo ag cur beatha daoine óga i mbaol i réimsí tábhachtacha dá saol – oideachas, bia, sábháilteacht agus sláinte.

Tá scoileanna dúnta i mbeagnach 190 tír agus 1.5 billiún páiste agus duine óg d’uireasa seirbhís oideachais.

Dúirt an tArd-Rúnaí go raibh daoine óga a bhí ina gcónaí i dtíortha ina raibh an tseirbhís idirlín mall agus costasach faoi mhíbhuntáiste mhillteanach.

Údar mór imní eile is ea cothú leanaí, a deirtear sa tuarascáil. Dúirt an tArd-Rúnaí go raibh géarchéim ann maidir le míchothú páistí agus iad faoi bhun a bhfáis dá bharr fiú sular tháinig an phaindéim seo in aon chor.

Ó tharla scoileanna a bheith dúnta faoi láthair, tá suas le 310 milliún páiste a bhíodh i dtuilleamaí béilí scoile ag déanamh d’uireasa cothú cuí.

Cé go raibh rátaí ionfhabhtaithe an choróinvíris i bhfad ‘níos ísle’ i measc leanaí go dtí seo, cuirtear in iúl sa tuarascáil go bhfuil an-tionchar ag an ngéarchéim ar a sláinte.

Tá ospidéil agus seirbhísí leighis faoi bhrú mór rud a fhágann gur deacair do leanaí an gnáthchúram leighis agus vacsaíní a fháil.

“Agus cúlú domhanda eacnamaíochta ar na bacáin, d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé na mílte páiste eile chun báis in 2020,” an fhainic a bhí ag an Ard-Rúnaí.

Más amhlaidh a bheidh an scéal, cuirfidh sé an dul chun cinn a rinneadh le dó nó trí de bhlianta ó thaobh leanaí a shábháil ón mbás ar ceal, a deirtear.

Iarrtar ar rialtais bearta a thabhairt isteach chun drochthionchar na géarchéime ar leanaí a mhaolú trí chúnamh breise a thabhairt do theaghlaigh, agus tosaíocht a thabhairt don scolaíocht agus do scéimeanna cothaithe agus cúram máithreacha agus páistí nua-shaolaithe. 

“Agus an oiread sin de pháistí an domhain i mbaol, impím arís oraibh: cosnaímis ár bpáistí agus tugaimis aire dá sláinte,” a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres.

Idir an dá linn, deir údaráis na Gearmáine go bhfuil an ráig faoi smacht acu sa tír agus nach bhfuil an galar á scaipeadh ag duine a bhfuil sé air ach go dtí níos lú ná duine amháin, ar an meán.

Jens Spahn

Dúirt Aire Sláinte na tíre, Jens Spahn, go raibh dóthain fianaise anois ann go bhféadfaí a rá gur éirigh leis an dianghlasáil.

Ardú eile a bhí aréir ar an líon daoine a fuair bás sa Spáinn ón gcoróinvíreas, 585 a bhásaigh aréir, 34 níos mó ná a bhásaigh Déardaoin. Is mór an feabhas é sin, áfach, ar a raibh ag tarlú ag tús na míosa seo nuair a chuir an galar 900 duine den saol in aon lá amháin.

Tá údaráis na Síne ag séanadh i gcónaí go ndearnadh aon cheilt ar scála na ráige in Wuhan, an áit ar thosaigh an phaindéim.

Tá na húdaráis in Wuhan tar éis 50% breise a chur leis na figiúirí maidir leis an líon daoine a bhásaigh sa gcathair agus deir anois gur 3869 duine, agus nach 2579 duine mar a tuairiscíodh roimhe seo, a cuireadh den saol ansin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron é féin anois ag cur ceisteanna faoin scéal. An líon mór a chuir an galar seo den saol i dtíortha eile a tharraing amhras ar an líon básanna a bhí á thuairisciú ag an tSín.

Sna Stáit Aontaithe is measa atá an phaindéim faoi láthair agus breis is 32,000 duine básaithe dá barr. D’fhógair an tUachtarán Trump plean trí chéim aréir faoin dtosófaí ar an eacnamaíocht a chur ag obair arís ach go bhfanfadh go leor de na srianta agus an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm ar feadh cúpla mí eile.   

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, tá breis agus 2.2 milliún cás den Covid-19 deimhnithe ar fud an domhain faoin tráth seo agus tá 150,000 duine curtha den saol aige.

Níos mó