I bhfad ó bhaile: tionchar COVID-19 san Astráil
Seo é an dara físeán sa tsraith ina labhraíonn Meon Eile leis an diaspóra Gaelach faoi thiochar COVID-19 ar shaol an uile lae ar fud an domhain agus faoin dóigh a mothaíonn siad agus iad i bhfad ó bhaile sa tréimhse chorraitheach seo.
Bhog Aodán Mag Uidhir go dtí an Astráil sa bhliain 2011 agus is ann atá cónaí air ó shin. Thosaigh sé 2020 le post nua, gealltanas pósta idir é féin agus a fear Nick agus aistriú go teach nua chomh maith. Ach i mí an Mhárta, scaipeadh COVID-19 san Astráil agus cé go bhfuil sí ar na tíortha is lú ráta báis, tá an víreas ag dul i bhfeidhm ar an ghnáthshaol ansin fosta.
Labhair Aodán faoi na himpleactaí a bhí ag an choróinvíreas ar a shaol go dtí seo agus faoi na rudaí atá ar siúl aige féin agus a chéile lena ndearcadh a choinneáil dearfach le linn na dianghlasála.