Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ardu-faoi-bhun-an-mheain-tagtha-ar-lion-na-gcasanna-covid-19-sna-contaetha-gaeltachta-o-thus-na-bealtaine

Ardú faoi bhun an mheáin tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 sna contaetha Gaeltachta ó thús na Bealtaine

Aimsíodh 207 cás nua den ghalar Covid-19 sna contaetha Gaeltachta ag tús na míosa seo de réir na staitisticí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

Tháinig ardú 5.7% ar líon na gcásanna i gCorcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge trí chéile idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine.

D’fhág an 207 cás breise go raibh 3,824 cás don choróinvíreas aimsithe sna contaetha Gaeltachta ó thús na paindéime, ach ardú an-bheag a bhí i gceist i gcás Dhún na nGall agus Chiarraí.

É sin ráite, bhí an t-ardú sin sna contaetha Gaeltachta faoi bhun an mheáin i gcomparáid leis an ardú a tháinig ar líon na gcásanna sa tír uile sa tréimhse chéanna.

De réir fhigiúirí na Roinne Sláinte, fógraíodh 1,830 cás nua den ghalar Covid-19 ó dheas den teorainn idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine. Ardú 8.7% a bhí ansin ar an 21,064 cás a bhí deimhnithe sa stát ag tús na míosa.

Léirigh anailís Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go raibh titim 33% ar líon na gcásanna Covid-19 sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht le cúpla seachtain anuas agus is léir nach bhfuil an víreas ag scaipeadh chomh forleathan céanna sna contaetha Gaeltachta faoi láthair.

Is é contae na Mí an contae Gaeltachta is mó ar tháinig ardú ar líon na gcásanna ó thaobh céatadáin de ó thús na míosa.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, aimsíodh 61 cás nua sa chontae idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine. D’fhág sé sin gur ardaigh líon na gcásanna sa Mhí 8.7% le linn na tréimhse sin. 760 cás don choróinvíreas a deimhníodh sa chontae ó thús na paindéime.

Bhí ardú 7.4% ar líon na gcásanna i nGaillimh sa tréimhse chéanna. 392 cás atá anois deimhnithe sa chontae agus 27 cás nua a deimhníodh sa chéad naoi lá den mhí seo.

As na contaetha Gaeltachta, is i gCorcaigh is mó atá cásanna den choróinvíreas ach níor tháinig ach 5.8% d’ardú ar líon na gcásanna sa chontae sin idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine. Bhí Corcaigh ar an dara contae is measa a bhí buailte ag an ngalar sa tír ar feadh i bhfad ach tá sé anois sa tríú háit taobh thiar de Chill Dara agus Baile Átha Cliath.

Deimhníodh 62 cás nua den ghalar idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine i gCorcaigh agus 1,232 cás atá deimhnithe ann san iomlán.

I Maigh Eo, bhí 28 cás breise ann sa chéad naoi lá den mhí, ardú 5.7% ar líon iomlán na gcásanna. Tá an galar Covid-19 anois tolgtha ag 522 duine sa chontae, de réir fhigiúirí na Roinne Sláinte.

Ocht gcás nua a bhí i gCiarraí le linn na tréimhse sin, ardú 2.7% ó 295 cás go dtí 303 cás.

Bhí Dún na nGall ar cheann de na contaetha Gaeltachta ba mheasa ar feadh tamaill, ach níor deimhníodh ach 11 cás nua sa chontae idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine. Ardú 2.4% a bhí i gceist agus 472 cás a bhí deimhnithe i nDún na nGall ar an 9 Bealtaine..

I bPort Láirge, níor deimhníodh ach ceithre chás nua den choróinvíreas sa chéad naoi lá den mhí seo. D’ardaigh líon na gcásanna ó 139 go dtí 143.

Fógraíodh bás 143 duine ón ngalar Covid-19 sa stát idir an 1 Bealtaine agus an 9 Bealtaine ach tháinig titim shuntasach ar líon na n-othar a bhí ag fáil cóir leighis don ghalar sna hospidéil ó dheas sa tréimhse chéanna. Thit an figiúir sin ó 706 othar ar an gcéad lá den mhí seo go dtí 543 othar ar an 9 Bealtaine, titim 23%.

Níos mó