Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-arm-nua-ag-‘reply-guys’-twitter-agus-iontais-eile-an-tsaoil-ar-line

Arm nua ag ‘Reply Guys’ Twitter agus iontais eile an tsaoil ar line

Tá srianta dianghlasála an rialtais á mbaint de réir a chéile, agus inniu ar lá a 71 den choraintín (ach cé atá ag cuntas?) agus an aimsir, ar an drochuair, ag dul in olcas, tá muid teolaí inár gcroí agus muid ag ceiliúradh cúig bliana ón vóta #Tá4Grá sa reifreann ar son an chomhionannais pósta in 2015 sa stát ó dheas.

Chomh maith leis sin, an tseachtain seo tá sé trí bliana ó bhí an Lá Dearg ann ar an 20 Bealtaine 2017, áit ar ghlac na mílte Gael seilbh ar shráideanna Bhéal Feirste, ar son cearta teanga agus Acht Gaeilge sna Sé Chontae. Mar sin, is féidir linn smaoineamh siar agus súil a leagan ar an am amach romhainn, agus idir an dá linn, thig linn claibín a bhaint de bhuidéil le scian chistine. 

Cuntas Instagram na Seachtaine

Is grúpa cairde iad na Gael Gals a bhíonn ag roinnt a gcuid scéalta agus ag comhrá ar scéalta Instagram faoi pé rud faoin spéir a bhfuil suim acu ann. Bíonn siad ag roinnt moltaí faoin gcúram craicinn agus smideadh, faisean, an gharraíodóireacht, agus go leor eile.

Is í an aidhm atá ag Róisín, Clíodhna, Sinéad, Alswyn, Dúlra, Aoife, agus Rachel ná a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge le daoine a spreagadh agus le craic agus a dtaithí ar an saol a roinnt le daoine eile. Tá siad bliain ar an fhód anois agus tá mé cinnte go mbeidh siad ag dul ó neart go neart i mbliana.

Giolc na Seachtaine

Is beag duine nár chuala an ghearrthóg íocónach seo as an chlár Come Dine With Me ar Channel 4, agus is mír í a théann thart ar mo chloigeann féin ar bhonn laethúil. Mar sin, bhí mé ar bís nuair a chonaic mé go raibh leagan Gaeilge aistrithe ag Síomha Ní Ruairc, agus tá sé lán chomh greannmhar leis an bhunleagan. 

Nós TikTok na seachtaine

Ar chuala sibh riamh faoin nós a bhí ag an bourgeoisie a gcuid Champagne a oscailt le claíomh? Bhuel tá daoine ar TikTok anois ag baint triail as buidéil beorach a oscailt le scian. Thosaigh an nós seo nuair a chuir @thatpineapplegirl, bean a bhfuil sé de nós aici buidéil beoracha a oscailt ar bhealaigh éagsúla suas físeán di féin ag sciorradh clár de bhuidéal Coronita ar a TikTok agus anois is nós é an #bottlecapchallenge atá á scaipeadh ina loscadh sléibhe. Ar bhain tú triail as go fóill? Tá an deireadh seachtaine linn!

@thatpineapplegirl

straight up having a really good day ##fyp ##bottlecapchallenge ##lifehacks ##tutorial

♬ original sound – thatpineapplegirl

@shannonshelbyd

It actually worked 😂##bottlecapchallenge ##fyp ##foryoupage ##foryou ##viral ##daily ##isolation

♬ original sound – shannondriscoll6

Conspóid na Seachtaine 

Tá gné úr curtha i bhfeidhm ag Twitter, ina dtig le húsáideoirí roghnú cé hiad na daoine gur féidir leo freagra a thabhairt ar a gcuid giolcacha. Chuir Twitter daoine ar an eolas faoi seo leis an ghiolc seo: 

agus gan aon duine ábalta freagra a thabhairt ar a ngiolc. Ha ha. 

Tá roinnt daoine ag moladh an athruithe agus ag cur fáilte roimhe, ina measc mná oilte atá tinn tuirseach de na Reply Guys, fir a bhíonn ag tabhairt freagra ar a gcuid giolcacha uilig, ag piocadh ar a dtaithí agus an uile rud a deir siad. 

Ach is léir go bhfuil imní ar i bhfad níos mó daoine faoi impleachtaí na gné úr seo, i dtaobh na bréagaisnéise agus na freagrachta agus toisc go mbeidh brandaí, comhlachtaí móra, agus gnáthdhaoine ábalta aon rud a scríobh gan cheistiú, gan a bheith thíos le toradh a gcainte. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh teacht aniar sa ghné seo, nó an mbeidh Twitter faoi bhrú réiteach a fháil dó. 

Leag Súil Ar:

Ar Leac Mo Dhorais, podchraoladh úr de chuid Raidió na Life. 

Seoladh sraith podchraoltaí le Raidió na Life maidin inniu, ag roinnt scéalta na nGael le linn na paindéime agus iad ag taiscéalaíocht timpeall a gceantair féin agus iad faoi na srianta dianghlasála in Éirinn. Sa chéad eagrán tá aistí agus smaointe le John Prendergast ó Chontae Chiarraí, Tess Cassin i gCo an Chláir, Anna Ní Chathail sa gCarraig Dhubh agus Niamh Ní Chróinín i nDroim Chonrach. Tá an phodchraoladh ar fáil ar Spotify.

Níos mó