Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Covid-19
  • ‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘d’fheadfadh-go-mbeidh-paisti-in-ann-barrog-a-thabhairt-do-mhamo-agus-daideo-an-samhradh-seo’-–-varadkar

‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go mb’fhéidir go mbeidh páistí in ann cuairt a thabhairt ar a seantuismitheoirí an samhradh seo agus barróg a thabhairt dóibh.

D’fhéadfadh sin tarlú mar chuid de scaoileadh na srianta dianghlasála, ag brath ar chúrsaí a bheith ag dul sa treo ceart, arsa an Taoiseach.

Dúirt Varadkar go raibh fianaise ag teacht chun cinn go mbeadh athoscailt scoileanna agus ionaid chúraim leanaí ar na beartais is sábháilte a d’fhéadfaí a dhéanamh as seo go ceann cúpla mí.

Tháinig ráiteas an Taoisigh sna sála ar fhoilsiú tuarascála de chuid an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) a deir go bhfuil an chuma ar an scéal gur beag den choróinvíreas atá á scaipeadh ag leanaí, ina dtithe féin ná i scoileanna. 

Tugtar achoimre i dtuarascáil nua HIQA ar an taighde idirnáisiúnta is déanaí ar ról leanaí i scaipeadh Covid-19:

“Is beag eolas atá ann faoi láthair faoi ról leanaí i scaipeadh SARS-CoV-2. Níl ach fíorbheagán cásanna foilsithe go fóill inar deimhníodh gur ó leanaí a tolgadh an víreas.

“Ón líon beag staidéar a foilsíodh go dtí seo, tá an chuma air gur beag de SARS-CoV-2 atá á scaipeadh i dteaghlaigh ag leanaí go dtí seo. Tá staidéar amháin ann a léiríonn go bhfuil scaipeadh SARS-CoV-2 i measc leanaí ar scoil an-íseal chomh maith,” a deirtear i dtuarascáil  HIQA.

Cuireann HIQA an-bhéim ar a laghad taighde atá déanta go dtí seo faoin ngé sin den víreas.

Breis is 380 cás den Covid-19 a bhí ar leanaí faoi 14 bliain, ach níl sé soiléir cén ról a bhí ag na leanaí sin i scaipeadh an ghalair.

Dúirt an Dr Máirín Ryan, Leas-Phríomhfheidhmeannach HIQA agus Stiúrthóir Measúnú Teicneolaíochta Sláinte: “Rinneadh staidéar san Astráil ar 18 duine a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu (naonúr scoláirí agus naonúr foirne) agus ar 800 duine a raibh gartheagmháil acu leo i 15 scoil éagsúil agus fuarthas amach nár tholg aon mhúinteoir ná aon bhall foirne eile Covid-19 ó aon duine den 18 duine sin sna scoileanna.

“Tharlódh gur ó dhuine den 18 sin a tholg dalta bunscoile amháin agus dalta meánscoile amháin an galar ina scoil féin.” 

Tá saol oibre beagnach leath (47%) de dhaoine fásta an stáit seo buailte ag Covid-19.  Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh (CSO) go bhfuil níos mó ná aon trian (34%) den lucht saothair ag obair ón mbaile.

Tionchar ag COVID-19 ar stádas fostaíochta beagnach leath den daonra (15+ bliana d’aois)https://t.co/F3nzNAfLxM .EN#Covid19 #Éire #POStaidrimh #ÉifeachtaíSaoil #Fostaíocht #ScorSealadach #CailliúintPoist #Cianobair #SaolLaethúil #Folláine pic.twitter.com/4ET75eHwaX

— Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann (@POStaidrimh) May 13, 2020

Chaill 14% d’oibrithe a bpost agus tá 33% eile leagtha amach as obair go sealadach.

Is tráthúil mar a foilsíodh na torthaí sin ar shuirbhé lucht saothair an CSO agus thart ar  1,500 siopa ag réiteach le hoscailt ar an Luan seo chugainn, de réir Retail Excellence.

Beidh cead ag ionaid gharraíodóireachta, margaí feirmeoireachta, siopaí crua-earraí, siopaí táirgí oifige agus siopaí fóin athoscailt an tseachtain seo chugainn, tráth a mbeidh céim a 1 den scaoileadh ar na srianta ag teacht i bhfeidhm,   

Idir an dá linn, beirt eile atá básaithe de thoradh Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt. 60 cás nua a deimhníodh. 1,937 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,488 duine ó dheas den teorainn agus 449 ó thuaidh di.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge