Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nil-aon-chuis-mhaith-a-thuilleadh-le-cuid-de-na-srianta-dianghlasala-–-micheal-martin

Níl aon chúis mhaith a thuilleadh le cuid de na srianta dianghlasála – Micheál Martin

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, nach bhfuil aon chúis mhaith a thuilleadh leis an gcosc taistil 5km ná le cuid eile de na srianta dianghlasála.

Chaith Martin amhras sa Dáil inniu chomh maith ar an gcomhairle gur cheart fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile seachas méadar amháin agus ar chur chuige an Rialtais maidir le siopaí áirithe a choinneáil iata.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur údar scoilte sa phobal faoin tráth seo cuid de na srianta. Dúirt sé go raibh eagla ar dhaoine áirithe faoi cad a tharlódh dá scaoilfí iad ach go raibh daoine eile ann agus fearg orthu toisc gan aon chúis, dar leo, a bheith le cuid de na beartais.

“I mo thuairimse, níl aon chúis bhailí a thuilleadh leis an teorainn 5km. Is é an t-údar imní atá ann ó thaobh na sláinte poiblí ná iompar daoine agus daoine eile timpeall orthu, seachas cé chomh fada ó bhaile a théann daoine.

“Is é fírinne an scéil, go léiríonn an taighde go mb’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an cosc seo ag brú daoine i gceantair uirbeacha isteach in áiteanna níos plódaithe.”  

Cheistigh Martin chomh maith an bunús a bhí le rialacha difriúla a bheith ann do chineálacha éagsúla siopaí.

“Ar an gcuma chéanna, an rud is cineálta a d’fhéadfaí a rá faoin idirdhealú atá á dhéanamh idir cineálacha éagsúla siopaí ná gur bunús fánach atá leis.

“Tá na hollmhargaí oscailte ó thús na paindéime agus beartais scoite sóisialta agus sláinteachais i bhfeidhm acu. Léiríonn na figiúirí faoi scaipeadh an ghalair sa phobal nach raibh baint ag na hollmhargaí le scaipeadh an víris.”

Dúirt Martin go gcaithfeadh an Dáil tús áite a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr an choróinvíris agus don iarracht atá ar bun an galar a choimeád faoi chois agus tús a chur ag an am céanna leis an saol sóisialta agus eacnamaíochta a luaithe agus a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh.

Maidir leis an bplé atá ar siúl cé acu méadar nó dhá mhéadar ba chóir do dhaoine fanacht óna chéile, dúirt Martin nár theastaigh dhá mhéadar “de réir na heolaíochta” agus nár chóir don treoir sin a bheith ina bac roimh scaoileadh srianta áirithe a bhí scaoilte cheana i dtíortha eile gan aon dochar a dhéanamh.

Bhí cruinniú ag airí rialtais leis an bPríomh-Oifigeach Leighis inniu faoi cheist na comhairle dhá mhéadar agus cuid de na hairí ag iarraidh go ndéanfaí an chomhairle sin a leasú. Meastar go ndéanfar cinneadh faoin scéal ag cruinniú Rialtais Dé hAoine.

Más fíor, a dúirt Micheál Martin inniu, gur bhfuil mearchóras tástála, cuardaigh agus leithlisithe anois againn, ba chóir tosú ar scaoileadh cuid de na beartais a tugadh isteach mar nach raibh a leithéid de chóras againn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach mbeadh aon chinneadh á dhéanamh faoi scaoileadh srianta ná beartais a leasú go dtí an tseachtain seo chugainn.

“Dé Luain, bhaineamar cloch mhíle thábhachtach amach nuair nach raibh aon bhás nua le fógairt againn. Táimse ag iarraidh go mbeadh a thuilleadh laethanta dóchais mar sin. Seas an fód, an teachtaireacht atá inniu againn. Leanaimis orainn ag déanamh na n-íobairtí le cinntiú go bhfanfaimid ar an mbóthar ceart.

“Aon fhógra a dhéanfar faoi dhul go dtí Céim 2, nó faoi aon athrú a dhéanamh ar an bplean, fanfaimid go dtí an 5 Meitheamh dó sin. Fanfaimid go bhfuil níos mó fianaise againn agus tuilleadh comhairle againn ó shaineolaithe. Idir an dá linn, seasfaimid an fód agus éireoidh linn,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Thug an Taoiseach le fios chomh maith sa Dáil gur dócha nach ndéanfar aon chinneadh go dtí an tseachtain seo chugainn faoi cén fhad eile a mhairfidh na híocaíochtaí speisialta Covid-19.

Idir an dá linn, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 26 cás nua den ghalar a deimhníodh.

2,131 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,615  duine ó dheas den teorainn agus 516 ó thuaidh di.

29,398 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,735 cás ó dheas den teorainn agus 4,663 cás ó thuaidh.



Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, inniu go raibh an “ruaig” curtha againn ar Covid-19 amach ó “shráideanna ár mbailte agus ár gcathrachta” agus gur i dteaghlaigh amháin a bhí an galar anois den chuid is mó.

Ba mhór an íobairt a rinne muintir na hÉireann chun an méid sin a bhaint amach agus chaithfí a chinntiú nach ar gcúl a rachaimid arís, arsa an Dr Colm Henry.

Níos mó