Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘re-nua-cumhachta’-bunaithe-ar-neart-na-gaoithe-a-tuar-don-ghaeltacht

‘Ré nua cumhachta’ bunaithe ar neart na gaoithe á tuar don Ghaeltacht

D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an scéala go bhfuil carraigreacha na Sceirde curtha san áireamh i straitéis fuinnimh an Rialtais tús le ré nua cumhachta a bheadh bunaithe ar neart na gaoithe amach ó chósta na Gaeltachta.

Sin é a deir Grattan Ó hÉalaí, duine de stiúrthóirí an chomhlachta Fuinneamh Sceirde Teoranta, atá gníomhach san iarracht le muileann gaoithe a lonnú ar na Sceirdí san Atlantach, naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.

D’ainmnigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Timpeallachta, Richard Bruton agus an tAire Stáit, Damian English na Sceirdí an tseachtain seo mar cheann de scéimeanna muilte gaoithe amach ón gcósta arbh fhiú iad a chur níos faide sa gcóras pleanála.

Tá an chuid eile de na scéimeanna a ainmníodh, cé is moite de charraigreacha na Sceirde, ar an gcósta thoir.

Tabharfar deis do lucht forbartha na scéimeanna seo céimeanna eile a thógáil i dtreo an chórais pleanála faoi reachtaíocht nua atá geallta, an Bille Pleanála Mara agus Forbartha Bainistíochta 2020 atá i gceist.

I ráiteas a d’eisigh na hAirí Bruton agus English dúradh gur tugadh aitheantas do na scéimeanna seo mar go raibh dreamanna ina mbun a fuair léas roimhe seo ar cheantair mhara faoi théarmaí an Achta Cladaigh, 1933.

D’fhéadfadh sé go raibh cuid acu gafa níos faide ná sin lena gcuid obair ullmhúcháin freisin. Dúirt na hairí go gcuideodh forbairtí ar nós scéim na Sceirde leis an aidhm náisiúnta go mbeadh 70% de chumhacht leictreachais na tíre bunaithe ar acmhainní ar nós na gaoithe faoin mbliain 2030.

Tá Seosamh Ó Laoi, ball de Bhord Údarás na Gaeltachta agus Grattan Ó hÉalaí, atá ina chónaí sa Spidéal, ina mbaill de bhord stiúrtha an chomhlachta Fuinneamh Sceirde Teoranta. In 2001 a bunaíodh an comhlacht seo. Thug Údarás na Gaeltachta deontais le haghaidh cuid den taighde a rinneadh i dtús aimsire.

Fuair Fuinneamh Sceirde Teo ceadúnais le réamhobair phleanála a dhéanamh.

Fuaireadar cead pleanála in imeacht na mblianta freisin le stáisiún beag fuinnimh a fhorbairt ar Eastát Údarás na Gaeltachta i Roisín na Mainiach i gCarna. Bhí sé seo ceaptha a bheith ina stáisiún tacaíochta leis an gcumhacht a threorú i dtreo an ghréasáin náisiúnta cumhachta.

De réir na gcáipéisí oifigiúla, fuair Máirtín Ó Malóid as Carna seilbh ar charraigreacha na Sceirde i dtús na 1950idí.

Áirítear na farraigí sa gceantar sin a bheith corrach agus contúirteach don té nach bhfuil ceird na bádóireachta go paiteanta aige.

Bhí roinnt iontais ar dhaoine nuair a chuala siad caint i dtosach ar an bplean go gcuirfí muilte gaoithe ar charraigreacha na Sceirde mar go mbeadh an áit chomh hanróiteach sin.

Ach, de réir an staidéir a rinneadh, agus an t-eolas a fuarthas, ceaptar go bhfuil cineálacha soithí i dtíortha eile, ar nós na Danmhairge, a thabharfadh trealamh amach ar na Sceirdí.

De réir na réamhphleananna a bhí i gceist, bheadh 20 crann gaoithe ar na carraigreacha agus san gcladach timpeall orthu. 140 méadar a bheadh idir íochtar an chrainn agus bior na sciathán a bheadh amach ón gcrann. Bheadh saothar ag baint leis an bhfeistiú ach dúradh go bhféadfaí é a dhéanamh. Coinníodh an comhlacht ag imeacht ach ba í tuairim na stiúrthóirí nárbh fhiú dóibh a dhul níos faide leis an iarracht sna blianta ó shin.

Theastódh, a dúradar, go mbeadh íocaíocht bhreise ar an aonad cumhachta as ionad farraige ar nós an Atlantaigh sa gcaoi agus go mbeadh luach saothair le baint acu as.

Chaithfí an costas a bhain le forbairt an mhuilinn ghaoithe amach ón gcósta a chur sa gcomhaireamh.

Dúirt Grattan Ó hÉalaí tráthnóna inné gur fógra mór agus tábhachtach a bhí i ráiteas na nAirí Bruton agus English. “Ní hé amháin go dtugann sé deis dúinn a dhul ar aghaidh leis an réamhullmhúchán a bhaineann leis na Sceirde ach silim gur comhartha é go mbainfear leas as aeráid chósta an iarthair le haghaidh giniúint mhór cumhachta amach anseo,” arsa Ó hÉalaí.

Feictear do Grattan Ó hÉalaí go dtiocfaidh an lá go mbeidh lear ollmhór leictreachais á ghiniúint amach ó chósta thiar an Atlantaigh. “Bheadh ciall leis,” a deir sé.

“Tá ropántacht gaoithe ann – níos fearr ná ar na cóstaí thoir. Cheapfainn go mbeidh muilte gaoithe go leor i bhfad amach san Atlantach agus iad feistithe ar sheastáin amach anseo.”

Dúradh sna chéad phleananna a bhain leis na Sceirde go mbeadh an oiread cumhachta á ghiniúint ann agus a thabharfadh soláthar cumhachta do 65,000 teach ach meastar anois go bhféadfaí níos mó ná sin a chur ar fáil.

Le cois na hoibre agus an chostais, na céadta milliún euro, a bhaineann le scéim na Sceirde, bheadh constaicí móra eile le sárú.

Chaithfí an chumhacht a thabhairt i dtír agus a sheoladh go dtí an gréasán náisiúnta cumhachta. Ní bheadh cuid ar bith den chóras i gConamara, mar atá sé faoi láthair, in ann an lear sin cumhachta a iompar

Ceisteanna iad sin a gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu, a deir Grattan Ó hÉalaí ach tá sé i gceist acu a dhul in éadan na pleanála arís, a deir sé.

Bhí riar daoine in Iorras Aithneach a chuir ceisteanna faoi chúrsaí timpeallachta nuair a tosaíodh ar phlean na Sceirde beagnach 20 bliain ó shin.

Dúradh go mbeadh na crainnte cumhachta le feiceáil ón gcósta. Sa tuarascáil timpeallachta a rinneadh faoin scéim glacadh leis go bhféadfadh amharc a bheith ar na crainnte as spotaí áirithe i gCarna agus i gCloch na Rón. Dúradh freisin go nginfí an oiread cumhachta sna Sceirde, ach a mbeadh an tionscnamh faoi lán seoil, agus a choinneodh 138,000 tonna gásanna as an aer – gásanna a bheadh ann de bharr giniúint leictreachais ar na seanbhealaí a úsáideann breosla iontaise.

Níos mó