Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-teip-na-roinne-oideachais-maidir-le-gaeilge-ar-shuiomh-ardteiste-a-scrudu

Teip na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge ar shuíomh Ardteiste á scrúdú

| Tuairisc.ie |

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill faoin scéala nár thug an Roinn Oideachais aon rogha do dhaltaí clárú i nGaeilge do scrúduithe Ardteiste na bliana seo.

Tá teip an chórais nua ó thaobh na Gaeilge cáinte go láidir ag polaiteoirí a deir go bhfuil dímheas léirithe ag an Roinn ar an nGaeilge agus ar chearta teanga na ndaltaí.

Dheimhnigh Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc.ie go raibh dualgas de réir dlí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhísí taca a sholáthar i nGaeilge do scoileanna a chuireann teagasc ar fáil trí Ghaeilge.

Ina theannta sin, tá dualgas reachtúil ar an Roinn, faoin Scéim Teanga a d’aontaigh siad féin le hAire na Gaeltachta, aon seirbhísí idirghníomhacha nua a bhíonn acu a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

Ag labhairt dó ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir, dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh nach bhféadfaí aon “leithscéal” a dhéanamh faoin scéala nach an rogha Ghaeilge ar fáil agus mhaígh sé go gcuirfí an scéal ina cheart.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Choimisinéara Teanga nach mbeadh sé “cuí” aon rud eile a rá faoin gcás, toisc go raibh teagmháil déanta “mar ábhar práinne” ag an gCoimisinéir leis an Roinn Oideachais faoin scéal agus gearáin a fuair sé faoi á bhfiosrú aige.

Tuigtear go bhfuil gearáin déanta le hOifig an Choimisinéara Teanga gur i mBéarla amháin atá fáil ar Thairseach na Mac Léinn do Ghráid Ríofa don Ardteistiméireacht (Calculated Grades Student Portal).

Tá gearáin déanta chomh maith le hoifig an Choimisinéara toisc gur i mBéarla amháin a bhí na treoracha maidir le húsáid na tairsí curtha ar fáil d’iar-bhunscoileanna uile na tíre, scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge san áireamh.

Deir an Comhaontas Glas go bhfuil “dímheas” á léiriú do dhaltaí Ardteiste i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge toisc gan aon rogha a bheith acu clárú do na scrúduithe i nGaeilge.

Is i mBéarla amháin is féidir le daltaí a gcuid ábhar agus leibhéal a chlárú ar shuíomh na Roinne Oideachais a seoladh maidin inné.

Tá éileamh déanta ag leascheannaire agus urlabhraí oideachais an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin, ar an Aire Oideachais, Joe McHugh, a chinntiú go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil láithreach den tairseach ar líne ina gcláraíonn daltaí Ardteiste do na scrúduithe.

Tá an “an-díomá” ar Shinn Féin chomh maith gur i mBéarla amháin atá an suíomh.

Dúirt urlabhraí Oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire gur “ceart bunúsach dochloíte é do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn” agus seirbhísí poiblí a fháil i nGaeilge.

Dúírt Donnchadh Ó Laoghaire go raibh sé i gceist ag Sinn Féin brú a chur ar an Aire Oideachais Joe McHugh an scéal a réiteach.

D’fhógair an tAire Oideachais ar Twitter tráthnóna go raibh breis is 30,000 dalta cláraithe cheana féin ar shuíomh a roinne d’Ardteist na bliana seo a bheidh bunaithe ar ghráid réamh-mheasta.

Is feidir linn! #LeavingCert2020 https://t.co/swTMYFaYoz

— Joe McHugh (@McHughJoeTD) May 26, 2020

Maidin inné a seoladh an tairseach ar líne agus tá go dtí an Déardaoin beag seo, an 28 Bealtaine, ag daltaí na trí scrúdú ardteistiméireachta – an Ardteist thraidisiúnta, an Ardteist fheidhmeach agus gairmchlár na hArdteiste – a gcuid ábhar agus leibhéal don scrúdú measta a chlárú.

Dúirt leascheannaire an Chomhaontais Ghlais an Teachta Dála Catherine Martin go bhfuil éagóir á déanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil orthu clárú do na scrúduithe i mBéarla.

“Níl sé cóir ná cothrom in aon chor go bhfuil iachall ar dhaltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí tairseach Bhéarla a úsáid agus is comhartha é den dímheas a léirítear ar an nGaeilge mar theanga labhartha laethúil do na mílte duine.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil dóibh siúd atá ag dul tríd an gcóras oideachais sa teanga sin, agus tá litir curtha agam chuig an Aire Joe McHugh chun é seo a éileamh,” a dúirt sí.

Dúirt an Comhairleoir Contae Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais, nach raibh sé inghlactha go mbeadh séanadh á dhéanamh ag an rialtas ar a gcuid dualgas i leith na teanga.

“Mar iardhalta sa chóras Gaeloideachais, tá a fhios agam go mbeinn i gcruachás dá mbeadh rialacha an chluiche athraithe ag an nóiméad deireanach. Tuigimid an brú atá ar an Roinn Oideachais, ach do na mílte dalta ar fud na tíre, ní rud sa bhreis í an Ghaeilge ach teanga na scoile, teanga tí agus teanga riaracháin an oideachais go dtí seo. Níl sé inghlactha go séanfadh an Stáit a cuid dualgas ag an bpointe cinniúnach seo.”

Dúirt an Roinn Oideachais gur “brú ama” ba chúis le gan an tseirbhís chlárúcháin a bheith ar fáil i nGaeilge agus go raibh sé i gceist acu go mbeadh an tseirbhís ar fáil sa dá theanga oifigiúil.

Níos mó