Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-1,000+-ioslodail-deanta-ar-riomhleabhair-a-chuir-clo-iar-chonnacht-ar-fail-saor-in-aisce

1,000+ íoslódáil déanta ar ríomhleabhair a chuir Cló Iar-Chonnacht ar fáil saor in aisce

| Maitiu O Coimin |

Tá os cionn 1,000 íoslódáil déanta ar na ríomhleabhair a chuir Cló Iar-Chonnacht ar fáil saor in aisce ó thús ráig an víris chorónaigh.

Mar a tuairiscíodh ar NÓS níos luaithe i mbliana, chinn lucht Chló Iar-Chonnacht rochtain a thabhairt dá gcustaiméirí saor in aisce ar roinnt ríomhleabhar i gcaitheamh na paindéime. Ba é Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain an chéad leabhar a cuireadh ar fáil go digiteach deich seachtaine ó shin, agus léirítear i bhfigiúirí a thug an comhlacht foilsitheoireachta leabhar do NÓS go bhfuil an-éileamh go deo ar na leabhair ó shin. 

“Bhí muid ag iarraidh cuimhneamh ar bhealach a d’fhéadfadh muid cabhrú le daoine le linn na tréimhse seo, agus thuig muid go mbeadh sé deacair ar dhaoine teacht ar leabhair ach go mbeadh go leor daoine sa mbaile agus i bhfad níos mó ama acu. Bhí daoine ag luí isteach ar an léitheoireacht agus ar na healaíona. 

“Thug muid faoi deara go raibh seónna agus ceolchoirmeacha ar siúl ar líne, agus ba dheis a bhí ann sna ríomhleabhair ábhar léitheoireachta a fháil go sciobtha. Chinn muid iad a chur amach agus gan aon chostas orthu. Bhí muid ag iarraidh go dtabharfadh sé spreagadh do léitheoireacht na Gaeilge,” a dúirt Bridget Bhreathnach ó Chló Iar-Chonnacht le NÓS. 

Cuireann an comhlacht ríomhleabhar amháin ar fáil saor in aisce gach seachtain, agus tá os cionn deich leabhar tugtha amach acu go dtí seo, idir fhicsean agus neamhfhicsean: Cré na Cille, Scread Mhaidne, I gCóngar I gCéin, Aileach, Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainín, Beirt Bhan Mhisniúla, Fourfront, Sna Fir, Sobalsaol, Rocky Ros Muc agus Sé an Saol an Máistir

Dúirt Bridget go raibh súil ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh an t-am ag daoine nach léann leabhar  i nGaeilge an nós a thosú, ach go rabhthas ag iarraidh díriú ar na spéiseanna a bheadh ag daoine a bhíonn ag léamh i nGaeilge go rialta freisin. 

“Thosaigh muid le Cré na Cille. Bhí an-éileamh air sin, agus bhí éileamh leanúnach ann ar na leabhair uilig a chuir muid amach ina dhiaidh sin freisin. Tá go leor daoine in Éirinn agus baint leas as an tseirbhís, ach tá go leor Meiriceánach agus daoine eile ar Mhór-Roinn na hEorpa á n-íoslódáil freisin, daoine nach gceannaíonn leabhar páipéir chomh minic sin mar gheall ar chostas postais is dóigh.

“Tá roinn teachtaireachtaí faighte againn ó dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, bhíodar in ann leas a bhaint as agus iad an-sásta leis na leabhair. D’éirigh go maith leis an smaoineamh, agus tá muid sásta gur rud é a thug cúnamh agus spreagadh do dhaoine,” a dúirt sí. 

Beidh Cló Iar-Chonnacht ag cur deireadh leis na ríomhleabhair saor in aisce ag deireadh na míosa seo, ó tharla go bhfuil níos mó rudaí le hoscailt ar an 29 Meitheamh agus go bhfuil a siopa leabhar féin ar an Spidéal oscailte arís. 

Dúirt Bridget le NÓS nach mbíonn “an oiread sin éilimh” ar ríomhleabhair ó Chló Iar-Chonnacht ach go ceapann sí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh siad ar an suíomh acu. 

“Tá socrú againn le dream a dhéanann dáileadh ar Amazon, agus suíomhanna eile mar sin, agus tá costas air sin. Is dóigh go n-íocann na ríomhleabhair astu féin, ach ní bheadh tada lena chois. Tá siad ann ar mhaithe le bheith thuas ar an ardán.

“Tá nós na léitheoireachta leabhar páipéir sa treis, agus na díolacháin ar leabhair chlóite i bhfad níos fearr ná mar atá ar na ríomhleabhair. Bíonn éileamh éigin ar leabhar atá ar chúrsa ollscoile ach de ghnáth bítear ag iarraidh an leagain clóite,” a dúirt sí. 

Sé an Saol an Máistir ar fáil an tseachtain seo, agus beidh leabhar amháin eile á gcur amach ag Cló Iar-Chonnacht an tseachtain seo chugainn. 

Níos mó