Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deireadh-le-teacht-leis-an-gcomhairle-‘fan-sa-bhaile’

Deireadh le teacht leis an gcomhairle ‘Fan sa Bhaile’

| Tuairisc.ie |

Beagnach trí mhí ó cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm, tá deireadh le teacht leis an gcomhairle ‘Fan sa Bhaile’, an phríomhtheachtaireacht san fheachtas i gcoinne an choróinvíris.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gurb é an Rialtas a shocróidh inniu na céad chéimeanna sa phlean d’athoscailt na tíre, ach ghéill sé go mbeadh gá leis an gcomhairle ‘Fan sa Bhaile’ a leasú nó a athrú.

Tabharfaidh an Rialtas a mbeannacht inniu do scaoileadh na srianta faoi Chéim 2 den phlean díchuibhrithe Dé Luain seo chugainn.

Meastar go bhfógrófar chomh maith inniu go bhfuil dlús le cur le roinnt de na beartais nach raibh le tarlú go ceann trí seachtaine eile, ar an 29 Meitheamh. Ar na beartais sin, tá oscailt siopaí móra agus páirceanna spraoi.

Beartais maidir le taisteal, gnó agus cuairteanna is mó a thabharfaidh ar NPHET agus an Rialtas an chomhairle ‘Fan sa Bhaile’ a leasú chun go mbeadh sí ag teacht le scaoileadh na srianta ar shaol sóisialta agus tráchtála an stáit.

Ó Dé Luain seo chugainn beidh cead ag daoine taisteal 20 ciliméadar óna dteach baile féin.

Chomh maith leis sin féadfaidh suas le ceathrar cuairt ghearr a thabhairt ar theaghlach eile ach cloí go docht leis an scoitheadh sóisialta. 

Beidh cead ag líon beag daoine cuairt ghearr a thabhairt ar dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois, nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte, ina dtithe féin.

Moltar do chuairteoirí clúdaigh éadain a chaitheamh agus cloí go docht leis an scoitheadh sóisialta le linn a gcuairte. 

Bhí sé beartaithe cheana féin go mbeadh cead athoscailte ag siopaí beaga nach bhfuil go leor daoine ag obair iontu.

Beidh cead ag na marglanna athoscailt más féidir leo an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm agus beidh cead ag na leabharlanna poiblí oscailt ach srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh istigh le chéile.

Ón Luan seo chugainn beidh cead chomh maith ag daoine páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt agus aclaíochta amuigh faoin aer, beidh cead ag foirne beaga spóirt traenáil a dhéanamh ach ní bheidh cead acu cluichí a imirt.

Fogróidh an Rialtas scaoileadh na srianta, tráth a bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí den tuairim nach raibh aon tionchar ag scaoileadh na gcéad srianta trí seachtaine ó shin ar ráta scaipthe an ghalair.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 38 cás nua nua den ghalar deimhnithe.

2,199 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,664 duine ó dheas den teorainn agus 535 ó thuaidh di.

29,915 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,142 cás ó dheas den teorainn agus 4,773 cás ó thuaidh.

Tháinig ardú eile ar líon na ndaoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais a fuair bás.

D’fhógair an (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,056 den 1,664 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.5%.

Bhain 924 de na cásanna sin, nó 55.5% acu, le tithe altranais.

Níos mó