Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-na-gealai-ar-line-agus-imeachtai-eile-baile

Féile na Gealaí ar líne agus imeachtaí eile baile

| Sinead Ni Uallachain |

Féile na Gealaí, ar líne // Dé Sathairn, 13 Meitheamh óna 20:00

Mura mbeadh rian den víreas sa tír seo agus cead ár gcinn againn ár rogha rud a dhéanamh, tá gach seans ann go mbeadh cuid mhór de léitheoirí NÓS i Ráth Chairn. 

Sea, is é seo an deireadh seachtaine go raibh Féile na Gealaí le bheith ar siúl, ach beidh bliain eile ag an bPaorach! Idir an dá linn áfach, tá an lucht eagraithe tar éis imeacht na bliana seo a bhogadh ar-líne. Ar chainéal YouTube na féile, beidh na ceoltóirí JJ Ó Dochartaigh, Emma Ní Fhíoruisce, Clann Mhic Ruairí agus Tadhg ann óna 20:00!

Coirm ar líne le Liam Ó Maonlaí // Dé Sathairn 13 Meitheamh @ 20:00

Diail an fear é Liam Ó Maonlaí, amhránaí aoibhinn, cumasach. Beidh deis agatsa a bheith ag éisteacht leis amárach, más áil leat é. Tá coirm bheag le bheith aige ar líne, eagraithe ag NetGigs. Seinnfidh Liam cuid d’amhráin a bhanna Hothouse Flowers i rith na hócáide, agus níl ach costas €9.99 ar na ticéid. Suigh siar agus bain súp as an gceol ó do sheomra suite féin. Gach eolas faoi chlárú le fáil ar netgigs.com

Bunoscionn, ócáid de chuid ‘Borradh’ // Déardaoin 18 Meitheamh @ 13:00

Bunoscionn an teideal atá ar an gcéad imeacht eile atá eagraithe ag Borradh, líonra sóisialta nua do lucht gnó le Gaeilge. Is dírithe ar conas déileáil leis an strus i do shaol a bheidh an chaint seo, le réaltaí CLG, agus iad ag trácht ar chothromaíocht a aimsiú idir an obair, saol pearsanta agus spórt! Is iad Niamh Collins (peileadóir le foireann na mban Bhaile Átha Cliath) agus Séamus Kennedy (duine d’iománaithe Thiobraid Árann) a bheidh ag roinnt a gcuid eolais. Is ar-líne a bheidh sé ar siúl. Níl ach tuairim is 100 ticéad ar fáil don imeacht seo (gan aon chostas orthu), agus beidh tú in ann ceann a fháil ach cuairt a thabhairt ar Borradh.ie

Turas fíorúil ar thithe áille an domhain!

Tabhair cuairt ar chuid de na tithe agus foirgnimh is aitheanta agus is cáiliúla, gan do thigh féin a fhágaint! Sea, is féidir turas fíorúil a thabhairt ar Villa Savoye, a dhear Le Corbusier mar shampla, nó Studio Aalto le hAlvar Aalto, nó seo leat go Kansas áit a bhfuil an tigh Allen-Lambe, a chruthaigh Frank Lloyd Wright. Tá liosta le háireamh ar an leathanach sexo de chuid an Arch Daily. An t-aon rud a mholfainn, ná foighne agus tú ag iarraidh na mapaí Google a bhogadh!

Grianstad an tSamhraidh // cainéil Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé hAoine 18 Meitheamh @ 20:30

Tá lucht na Cultúrlainne i mBéal Feirste le moladh as an réimse imeachtaí atá eagraithe acu le linn aimsir seo an víris, agus gan stop leo! Tá Grianstad an tSamhraidh le bheith ar siúl acu seachtain ó inniu —  dáta don dialann! Is ar Facebook agus YouTube an ionaid a bheidh an choirm bheo seo ar siúl, le leithéidí Máiréad Ní Mhaonaigh, Barry Kerr & Síle Denvir, Tomaí Ó Conghaile, Bernadette Morris agus Máire Zepf i measc na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí a bheidh páirteach. Má tá fonn ort roinnt cúnaimh a thabhairt dóibh, téir chomh fada le paypal.me/culturlann

Gurb fada buan iad!

Níos mó