Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gearan-ar-bith-faighte-ag-tg4-faoi-chlar-cainte-a-bhi-i-mbearla-amhain-nach-mor

Gearán ar bith faighte ag TG4 faoi chlár cainte a bhí i mBéarla amháin nach mór

| Tuairisc.ie |

Deir TG4 gur teachtaireachtaí moltacha is mó a fuair siad faoi chlár cainte dá gcuid a bhí i mBéarla amháin a bheag nó a mhór.

Deir lucht an stáisiúin nach bhfuair siad oiread is gearán foirmeálta amháin faoina laghad Gaeilge a bhí sa chlár, Hector Anseo, cé go raibh “cúpla tvuít dhiúltach” ann faoi.

As an 14 duine a cuireadh faoi agallamh ar an gcéad eagrán de Hector Anseo, ba i mBéarla a labhair siad ar fad seachas beirt. 

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie nár fhág cur chuige Hector Anseo go raibh aon athrú tagtha ar pholasaí teanga TG4, polasaí a dúirt sí a thugann “tús áite” i gcónaí don Ghaeilge.

Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur tugadh “treoir” don chomhlacht léiriúcháin a rinne Hector Anseo gur gá “cóimheas níos fearr a aimsiú sna cláir eile sa tsraith” agus gur gá “go mbeadh breis scéalta ann ó phobal na Gaeilge atá spéisiúil don lucht féachana”.  

Dúirt an t-urlabhraí go raibh níos mó cainteoirí Gaeilge le cloisteáil ar an gclár ó shin.

Dúirt sí gur léir ón méid atá ráite faoin gclár ar na meáin shóisialta go dtaitníonn na míreanna Gaeilge le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ach go bhfuil tóir freisin ar agallaimh i mBéarla leis na haíonna eile a bhfuil scéal sainiúil ar leith le hinsint acu”. 

“Is é an polasaí teanga atá ag TG4 ná go mbeadh an Ghaeilge i dtús áite i ngach clár, agus gur i nGaeilge a labhrófaí le haíonna agus le rannpháirtithe.  Ach sa chás nach bhfuil Gaeilge ag aoi ar leith, ach go bhfuil scéal suimiúil le hinsint acu, gur féidir agallamh as Béarla a chur ar an aoi sin. 

Tá Hector ar ais, ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann?

 “Sa tsraith seo le Hector, tá léargas á fháil ar shaol phobal na tíre agus iad ag dul i ngleic le srianta Covid-19.  Tá réimse leathan aíonna ann, idir chosmhuintir na tíre agus aíonna cáiliúla. Tá stíl an chláir taitneamhach agus réalaíoch don saol mar atá faoi láthair,” a dúradh. 

De réir an eolais atá curtha amach ag TG4 faoi eagrán na hoíche anocht de Hector Anseo, níl aon chainteoir Gaeilge i measc na bpríomh-aíonna a bheidh faoi agallamh ag Hector Ó hEochagáín. Is iad na daoine atá luaite le clár na hoíche anocht, Kieran Donaghy, an t-iarpheileadóir, Johnny Logan, an t-amhránaí, David McWilliams, an t-eacnamaí, agus Franics Brennan, an t-óstlannaí.

Beidh an t-amhránaí Gaeltachta Sibéal Ní Chasaide agus a muintir i mbun ceoil ar chlár na hoíche anocht chomh maith.

Thug urlabhraí TG4 le fios do Tuairisc.ie go mbeadh agallaimh i nGaeilge ar chlár na hoíche anocht le Micheál Ó Curraighín, tiománaí leoraí as Teileann, agus le Caitlín Uí hAodha ó Ghaeltacht na nDéise.  

Chuir Tuairisc.ie sraith ceisteanna ar TG4 faoi chur chuige Hector Anseo ó thaobh na teanga de. Mar fhreagra ar cheann de na ceisteanna sin, tugadh le fios nach raibh aon amhras ar TG4 faoi chlár cainte dá leithéid a bheith bunoscionn leis na cúiseanna gurb ann don stáisiún.  

 “Bunaíodh TG4 do phobal na Gaeilge agus chun doras chun na teanga a oscailt dóibh siúd ar bheagán Gaeilge.  Tugtar tús áite don Ghaeilge i gcónaí i ngach gné de straitéis agus obair TG4.  Tugann TG4 faoi fhreastal ar phobail na tíre, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus pobail eile a bhfuil suim acu i réimse na gclár a chraoltar ar TG4,” a dúradh.

Níos mó