Deir TG4 gur teachtaireachtaí moltacha is mó a fuair siad faoi chlár cainte dá gcuid a bhí i mBéarla amháin a bheag nó a mhór.
Deir lucht an stáisiúin nach bhfuair siad oiread is gearán foirmeálta amháin faoina laghad Gaeilge a bhí sa chlár, Hector Anseo, cé go raibh “cúpla tvuít dhiúltach” ann faoi.
As an 14 duine a cuireadh faoi agallamh ar an gcéad eagrán de Hector Anseo, ba i mBéarla a labhair siad ar fad seachas beirt.
Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie nár fhág cur chuige Hector Anseo go raibh aon athrú tagtha ar pholasaí teanga TG4, polasaí a dúirt sí a thugann “tús áite” i gcónaí don Ghaeilge.
Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur tugadh “treoir” don chomhlacht léiriúcháin a rinne Hector Anseo gur gá “cóimheas níos fearr a aimsiú sna cláir eile sa tsraith” agus gur gá “go mbeadh breis scéalta ann ó phobal na Gaeilge atá spéisiúil don lucht féachana”.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh níos mó cainteoirí Gaeilge le cloisteáil ar an gclár ó shin.
Dúirt sí gur léir ón méid atá ráite faoin gclár ar na meáin shóisialta go dtaitníonn na míreanna Gaeilge le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ach go bhfuil tóir freisin ar agallaimh i mBéarla leis na haíonna eile a bhfuil scéal sainiúil ar leith le hinsint acu”.
“Is é an polasaí teanga atá ag TG4 ná go mbeadh an Ghaeilge i dtús áite i ngach clár, agus gur i nGaeilge a labhrófaí le haíonna agus le rannpháirtithe. Ach sa chás nach bhfuil Gaeilge ag aoi ar leith, ach go bhfuil scéal suimiúil le hinsint acu, gur féidir agallamh as Béarla a chur ar an aoi sin.
Tá Hector ar ais, ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann?
“Sa tsraith seo le Hector, tá léargas á fháil ar shaol phobal na tíre agus iad ag dul i ngleic le srianta Covid-19. Tá réimse leathan aíonna ann, idir chosmhuintir na tíre agus aíonna cáiliúla. Tá stíl an chláir taitneamhach agus réalaíoch don saol mar atá faoi láthair,” a dúradh.
De réir an eolais atá curtha amach ag TG4 faoi eagrán na hoíche anocht de Hector Anseo, níl aon chainteoir Gaeilge i measc na bpríomh-aíonna a bheidh faoi agallamh ag Hector Ó hEochagáín. Is iad na daoine atá luaite le clár na hoíche anocht, Kieran Donaghy, an t-iarpheileadóir, Johnny Logan, an t-amhránaí, David McWilliams, an t-eacnamaí, agus Franics Brennan, an t-óstlannaí.
Beidh an t-amhránaí Gaeltachta Sibéal Ní Chasaide agus a muintir i mbun ceoil ar chlár na hoíche anocht chomh maith.
Thug urlabhraí TG4 le fios do Tuairisc.ie go mbeadh agallaimh i nGaeilge ar chlár na hoíche anocht le Micheál Ó Curraighín, tiománaí leoraí as Teileann, agus le Caitlín Uí hAodha ó Ghaeltacht na nDéise.
Chuir Tuairisc.ie sraith ceisteanna ar TG4 faoi chur chuige Hector Anseo ó thaobh na teanga de. Mar fhreagra ar cheann de na ceisteanna sin, tugadh le fios nach raibh aon amhras ar TG4 faoi chlár cainte dá leithéid a bheith bunoscionn leis na cúiseanna gurb ann don stáisiún.
“Bunaíodh TG4 do phobal na Gaeilge agus chun doras chun na teanga a oscailt dóibh siúd ar bheagán Gaeilge. Tugtar tús áite don Ghaeilge i gcónaí i ngach gné de straitéis agus obair TG4. Tugann TG4 faoi fhreastal ar phobail na tíre, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus pobail eile a bhfuil suim acu i réimse na gclár a chraoltar ar TG4,” a dúradh.