Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-oireachtas-na-samhna-curtha-ar-ceal-den-chead-uair-le-85-bliain

Oireachtas na Samhna curtha ar ceal den chéad uair le 85 bliain

| Tuairisc.ie | ,

Tá Oireachtas na Samhna curtha ar ceal, an chéad uair gur tharla a leithéid do mhórfhéile na nGael ó rinneadh athbheochan uirthi 85 bliain ó shin.

Bhí Oireachtas na Gaeilge in ainm is a bheith ar siúl mar chuid de Ghaillimh 2020, ach tá sé deimhnithe nach mbeidh an fhéile a mbíonn na mílte Gael ag freastal uirthi gach bliain ar siúl i mbliana de dheasca na paindéime Covid-19

Dúradh gur cinneadh gan an fhéile a reáchtáil mar gheall ar “na dúshláin a bhaineann le tionóil mhóra i gcomhthéacs rialacháin an Rialtais maidir le scaradh sóisialta”.

“Ní gan dua ná doicheall a glacadh an cinneadh seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “ach tá sláinte, sábháilteacht agus leas phobal an Oireachtais, agus an mhórphobail, níos tábhachtaí ná cúram ar bith eile ag an tráth corrach seo inár saol.”

“Níl sé indéanta féile Oireachtais mar is eol dúinn é a reáchtáil i mbliana ach táimid diongbháilte de go leanfaimid ar aghaidh le linn thréimhse an Oireachtais le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe agus le freastal ar an bpobal a bhí dílis i gcónaí don Oireachtas, más go fíorúil féin a dhéanfaimid é,” a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne in 2021 agus in 2022 “mar a bhí socraithe” agus tá aontaithe “i bprionsabal” ag Oireachtas na Gaeilge le Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidh féile 2023 á reáchtáil i nGaillimh.

Tá sé i gceist ag lucht stiúrtha an Oireachtais roinnt imeachtaí a reáchtáil ar líne agus roinnt imeachtaí a chraoladh ar theilifís agus ar raidió.

“Tá plé ar siúl faoi láthair le Foras na Gaeilge, leis na ceanneagraíochtaí eile agus leis na páirtithe ar fad a reáchtálann imeachtaí ag féile an Oireachtais go bliantúil chun brat na féile a choinneáil in airde um Shamhain agus chun freastal i slite nua ar na Gaeil a bhfuil sé de nós acu cruinniú le chéile ag an bhféile,” a dúradh.

Ghabh Liam Ó Maolaodha buíochas le gach dream a bhí “ag tacú |le reáchtáil Oireachtas 2020 “go speisialta Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge agus foireann Ghaillimh 2020”.

Ag deireadh mhí Aibreáin, dúirt gur beag dóchas a bhí aige go mbeadh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i mbliana.

 Seo an chéad uair go raibh Oireachtas na Gaeilge le bheith ar siúl sa Ghaillimh ó 1993 agus an chéad uair ó 2008 go raibh an fhéile le bheith ar siúl aon áit eile seachas Baile Átha Cliath, Cill Airne agus Leitir Ceanainn.

Tá cosc fógartha ar mhórócáidí ag a mbíonn níos mó ná 5,000 duine i láthair acu go dtí deireadh mhí Lúnasa ar a laghad, ach fiú dá mbeadh an cosc sin imithe faoi mhí na Samhna seans go mbeadh an dochar déanta, a dúirt Liam Ó Maolaodha.

Dúirt sé an uair sin go gcaithfí cinneadh a dhéanamh faoina raibh i ndán don fhéile ar an gcéad lá de mhí Lúnasa ar a dhéanaí.

Níos mó