Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-siomha,-gaelgairi-agus-eile-le-bheith-ag-‘half-moon-festival’-chorcai

Síomha, GaelGÁIRÍ agus eile le bheith ag ‘Half-Moon Festival’ Chorcaí

| Poilin Nic Geidigh |

Beidh an ceoltóir Síomha, an grúpa grinn Gaeilge GaelGÁIRÍ, an grúpa ceoil Cell agus go leor eile ag glacadh páirte i ‘bhFéile na Leathghealaí’, nó an Half-Moon Festival, a bheidh ar siúl ar líne ar feadh trí lá an tseachtain seo chugainn, an 26-28 Meitheamh. 

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don fhéile nua, beidh dráma leis an chomhlacht amharclannaíochta Mint Productions, ceol le Síomha, suiteán ealaíne closamhairc leis an ghrúpaCell, sruthú beo den phodchraoladh Dánta agus Duanta, seó grinn le fuirseoirí GhaelGÁÍRÍ agus imeachtaí sóisialta agus pobail eile ar siúl ón mheán lae gach lá, agus beidh cuid den ábhar ar fáil ar líne suas le deich lá i ndiaidh na féile.

Is iad an grúpa Tús Nua, an chéad dream mac léinn ar an MA i mBainistíocht Ealaíon agus Léiritheoireacht Chruthaitheach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a bheidh ag reáchtáil na féile. 

Bhunaigh Tús Nua an fhéile mar chuid dá gcúrsa ollscoile, agus bhí sé le bheith ar siúl ar feadh seachtaine ag deireadh mhí Aibreán. Cuireadh na himeachtaí éagsúla a bhí le tarlú sa Green Room in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí agus in ionaid eile a fud na cathrach ar ceal de bharr phaindéim Covid-19. Ní raibh an dara rogha acu ach an fhéile a chur ar ceal agus plean nua a chur le chéile.

“Bhí orainn athrú iomlán a dhéanamh ar leagan amach na féile, agus beidh gach rud á shruthú beo i bhfoirm dhigiteach ar líne. Mar sin, beidh leithéid GhaelGÁIRÍ ag déanamh sceitsí in áit an ghnáthchláir fuirseoirí a bhíonn acu, agus beidh ceoltóirí ag seinm gan lucht féachana os a gcomhair,” a dúirt Pax Ó Faoláin, ball den ghrúpa stiúrtha, le NÓS.

“Ba mhaith linn a léiriú gur féidir le healaíontóirí slí a aimsiú i gcónaí le bheith cruthaitheach, má thugtar ardán agus foláireamh dóibh. Beidh meascán fairsing imeachtaí ann idir cheol, phíosaí filíochta, agus gach gné eile de na healaíona thar thrí lá. Mar sin, is féile ildisciplíneach agus dhátheangach muid, agus beidh imeachtaí ann a fhreastalóidh ar gach suim agus spéis.

“Beidh imeacht againn bunaithe ar an Soláthar Díreach, dar teideal Direct Provision Experiences in Art, ina dtabharfar ardán d’ealaíontóirí atá sa chóras sin faoi láthair agus ina ndíreofar ar a saothair” a dúirt Pax. 

Dúirt sé go mbeidh “rud ann do gach duine” agus go mbeidh imeachtaí na féile “feiliúnach do dhaoine a bhfuil páistí acu, daoine ar sos lóin, ealaíontóirí agus gnáthdhaoine atá sáinnithe sa bhaile”.

“Tá gnéithe de gach saghas ealaíne mar pháirt den fhéile, agus ba mhaith linn deis a thabhairt do dhaoine ócáid cheiliúrtha a bheith acu, ach gan bualadh le cheile, agus creideann muid go bhfuil sin indéanta tríd na healaíona,” a dúirt sé.

Beidh an Half-Moon Festival ar siúl idir an 26 agus an 28 Meitheamh. Tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlíne www.halfmoonfest.com.

Níos mó