Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-an-dochas-tuillte-againn-aris’-–-dlus-curtha-le-plean-athoscailte-na-tire

‘Tá an dóchas tuillte againn arís’ – dlús curtha le plean athoscailte na tíre

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil dlús á chur leis an bplean d’athsocailt na tíre agus plean ceithre thréimhse déanta den phlean díchuibhrithe cúig thréimhse a fógraíodh an mhí seo caite.

Dúirt an Taoiseach go mbeifear ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 den phlean Dé Luain seo chugainn ach go mbeadh níos mó srianta ná mar a bhí beartaithe á scaoileadh. 

‘Céim 2 Plus’ a thug sé ar an tréimhse trí seachtaine romhainn. Cuirfear tús le Céim 3 ar an 29 Meitheamh, tosóidh Céim 4 ar an 20 Iúil agus tá Céim 5 a bhí le tosú ar an 10 Lúnasa caite i dtraipisí.

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeidh gá le cuid de na rialacha faoi ollchruinnithe go dtí mí Lúnasa.

In áit ‘Fan sa mBaile’ is í an chomhairle feasta ‘Fan sa Cheantar’ mar tá deireadh leis an teorainn 5 chiliméadar agus idir seo agu Lá’l Peadar is Pól, an 29 Meitheamh, féadfaidh tú dul aon áit i do chontae féin nó go dtí contae eile má tá sé i ngiorracht 20 ciliméadar de do bhaile.

Tugadh le fios chomh maith go mbeidh cead taisteal aon áit sa tír ar an 29 Meitheamh, saoirse nach raibh in ainm is a bheith ann go dtí an 20 Iúil. 

Dúirt an Taoiseach gurb é inniu lá an dóchais.

“Le cúpla mí anuas bhí an eagla ár dtarraingt anuas ach féach go bhfuil an dóchas ár n-ardú anois arís. Le linn na hÉigeandála, d’fhulaing muid sa tír seo, fuair ár muintir gheanúil bás, agus d’athraíomar an chaoi a gcaitheann muid ár saol agus a ndéanaimid ar gcuid oibre.  Tá dul chun cinn á dhéanamh. Táimid ag dul sa treo ceart. Tá sé tuillte againn dóchas a bheith againn arís.”

Ón Luan ar aghaidh, féadfaidh suas le seisear cuairt ghearr thabhairt ar theaghlach eile ach fanacht dhá mhéadar amach uathu.

Daoine atá i gcontúirt mhór ón víreas de bharr aoise, cóir leighis nó éalang eile, féadfaidh líon beag daoine cuairt a thabhairt orthu ina dteach féin. Caithfidh na cuairteoirí sin miotóga agus mascanna a chaitheamh agus fanacht dhá mhéadar amach ón té a bhí cuibhrithe. 

Iarrfar ar na siopaí am ar leith a chur i leataobh go speisialta do na seandaoine agus aon duine eile atá goilliúnach agus miotóga a chur ar fáil. Ba cheart do chustaiméirí masc nó clúdach éadain a chaitheamh sa siopa. 

Féadfaidh siopaí a bhfuil doras amach ar an tsráid acu oscailt Dé Luain ach caithfear srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh istigh ag aon am. Beidh cead oscailte ag marglanna agus siopaí earraí tí freisin ach iad a bheith ábalta an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. Beidh cead na hionaid siopadóireachta a oscailt ar an 15 Meitheamh ach ní bheidh cead ag daoine bailiú le chéile aon áit iontu.

Déanfar ardú ar an líon daoine a cheadófar ag sochraidí i gCéim 2. 

Beidh cead ag 25 duine freastal feasta in áit an 10 a bhí ceadaithe ó tugadh isteach na srianta ach caithfear an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. 

Féadfaidh daoine páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt agus aclaíochta. 

Beidh foirne beaga in ann dul ag traenáil más féidir leo an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a chur i bhfeidhm ach ní bheidh cead cluichí a imirt. 

Beidh cead campaí samhraidh a eagrú ach gan níos mó na 15 duine a bheith in aon ghrúpa amháin. Osclófar páirceanna spraoi chomh maith Dé Luain ach caithfear maoirseacht agus glanadh a dhéanamh orthu. 

Leanfar le Scéim Shealadach an Fhóirdheontais Phá faoina n-íocann an Stát cuid de chostais phá an fhostóra go dtí deireadh Lúnasa. Beidh Liúntas Dífhostaíochta na Paindéime €350 le fáil ag fostaithe lán-aimseartha a chaill a bpost ach bainfear cuid den liúntas ar fhostaithe páirt-aimseartha a chaill a bpost.

Beidh cead oscailte ag lucht na n-óstán ag deireadh na míosa agus is amhlaidh an cás ag tithe ósta a bhfuil ceadúnas bialainne acu. Ag an mbord amháin a dhéanfar freastal ar chustaiméirí agus caithfidh an scoitheadh sóisialta a bheith i réim.

Ar an 20 Iúil a bheidh cead oscailte ag gruagairí. 

Dúirt Leo Varadkar go raibh an cinneadh  an plean díchuibhrithe athraithe ó bhonn bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. 

Bheadh scaoileadh na srianta ag brath ar an ngalar a bheith coinnithe faoi chois, a dúirt sé.

Chaithfí cloí i gcónaí, a dúirt sé, leis na beartais a raibh ár leas déanta acu go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámha agus an féinleithlisiú. 

Dúirt sé chomh maith gur chóir do dhuine masca chaitheamh agus é ar bhus, tram nó traein.

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar buíochas le muintir na hÉireann as a gcuid íobairtí ó thús na paindéime agus tharraing sé chuige féin ráiteas ó Lord of the Rings.

“An tráthnóna seo, lig dom críochnú le briathra dóchais, ‘Ar deireadh thiar, ní sheasfaidh an scamall ach tamall, an dorchadas féin glanfaidh sé. Tiocfaidh lá eile agus nuair a scalfaidh an ghrian, is gile a bheidh sí.’

“A bhuíochas don obair chrua agus na roghanna a rinne sibhse go buanseasmhach, tá an lá nua sin ag teacht.”

Níos mó