Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-bealai-glasa-riachtanach-do-shaol-na-gaeltachta’

‘Tá bealaí glasa riachtanach do shaol na Gaeltachta’

| Maitiu O Coimin |

Rinneadh scéal mór de inné gur luadh go gcaithfear “milliún euro sa ló ar an rothaíocht” sa gClár Rialtais a chuir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas amach inné. Ar ndóigh, ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, ach bun agus barr an scéil ná go bhfuil sé sa bplean ag an trí pháirtí atá ag súil le rialtas a chur le chéile €360m sa mbliain a chaitheamh ar an ‘taisteal glas’ — is é sin le rá, bealaí agus áiseanna rothaíochta agus siúil. 

Tá deis le tapú sa méid sin ag muintir na Gaeltachta. 

Chonaic mé féin cúpla duine ag tabhairt amach ar na meáin shóisialta inné go ligfear ceantracha tuaithe — ceantracha Gaeltachta ina measc —  ar an ngannchuid nuair a dhíreofar ar an rothaíocht agus an siúl, agus go ndéanfar diabhal beag den charr.  Ach is deis iontach atá i bhfógra na bpáirtithe go bhfuil spéis acu an rothaíocht agus an siúl a fhorbairt ar fud an stáit. 

Tá geilleagar na Gaeltachta ag braith go mór mór ar an turasóireacht — ag braith an iomarca dar liom, ach sin scéal eile — agus tá cruthaithe cheana féin ní hamháin sa tír seo ach ar fud na hEorpa go mbíonn éileamh ag turasóirí ar bhealaí sábháilte rothaíochta. 

In Acaill, i nGaeltacht Mhaigh Eo, tá ceann de na Glasbhealaí is aitheanta sa tír, Glasbhealach Mór an Iarthair, raon fada rothar ar shean-iarnród, a shíneann ó Chathair na Mart go Gob an Choire. Ó osclaíodh an Glasbhealach cúpla bliain ó shin, tá na mílte turasóirí tar éis teacht go hiarthar Mhaigh Eo leis an turas 42km a dhéanamh.

Tá Glasbhealach eile (nó ‘Bealach Glas’ mar a thugtar air ar chomharthaí na nDéise) ann a thugann an rothaí ó chathair Phort Láirge go Dún Garbhán in iarthar an chontae, ar bhruach na Gaeltachta. Arís eile, is áis iontach turasóireachta é Bealach Glas na nDéise, agus tá go leor gnólachtaí — idir shiopaí rothar agus chaiféanna do na rothaithe — tar éis oscailt san áit agus fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na háite. 

Dá bhféadfaí aon mhilliún amháin den “mhilliún euro sa ló” sin a thabhairt do mhuintir na nDéise, d’fhéadfaí Gaeltacht na Rinne agus an Seanphobail a nascadh le cathair Phort Láirge ar bhealach glas, glan agus sábháilte.

Is amhlaidh an scéal ar fud na Gaeltachta, agus níl deireadh leis na féidearthachtaí atá ann áiseanna fóillíochta agus turasóireachta mar iad a thógáil ó Leitir Ceanainn go Gaoth Dobhair, ó Thrá Lí go Dún Chaoin, agus ó chathair na Gaillimhe go Carna. Áiseanna a thabharfadh an t-uafás daoine isteach le ham — agus airgead —  a chaitheamh sa nGaeltacht. 

Ach ní ar mhaithe le cúrsaí turasóireachta amháin a bheadh na bealaí rothaíochta seo á dtógáil, ach ar mhaithe le muintir na háite iad féin. Tá bealaí glasa riachtanach do shaol na Gaeltachta, agus fiche bliain i ndiaidh a dtógála, déanfaidh muid iontas de gur mhair muid dá n-uireasa chomh fada sin. 

Is é Bealach Glas na nDéise an sampla is fearr atá feicthe agamsa den bhealach glas ina áis phobail. Ceanglaíonn sé bailte beaga, ceantracha tuaithe, agus cathair mhór Phort Láirge le chéile, chomh maith leis an Institiúide Teicneolaíochta. Fágann sé seo gur féidir é a úsáid mar mhodh ceart taistil le dul chun na hoibre, ag siopadóireacht, nó ar ollscoil. Is rogha shláintiúil ghlas é do na céadta daoine idir Dún Garbhán agus Port Láirge a chaithfidh gnáthchúraimí an lae a chur díobh, agus fágann sé na bóithre móra níos foilmhe do na daoine ar gá dóibh a bheith i gcarranna.

Agus Ré na Rothar Leictreach ar an tairseach againn, beidh na bealaí glasa seo ina ndlúthchuid de shaol na tuaithe. Ar rothar leictreach, d’fhéadfá; dul ón Spidéal go lár chathair na Gaillimhe in 35 nóiméad; nó dul ó Dhún Chaoin go dtí an Daingean in 30 nóiméad, gan braon allais a chur díot.

Chruthódh raon rothar atá scoite amach ón mórbhealach tráchta, bealach cosanta, sábháilte do ghasúir dul ar scoil nó ar cuairt ar a chéile i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ach an deis a thapú, níl údar ar bith faoin spéir nach bhféadfadh Gaoth Dobhair, Múscraí, Cois Fharraige ná Tuar Mhic Éadaigh a bheith cosúil le ceantracha tuaithe na Beilge, na hÍsiltíre, agus na Gearmáine.

Chuaigh mé féin ar rothar ó Bhaile Átha Cliath go Sliabh Oilimpeas na Gréige dhá bhliain ó shin, agus taibhsíodh todhchaí na Gaeltachta, agus na hÉireann trí chéile, dom ar na raonta glasa rothar a shíneann fud fad na hEorpa, idir chathair agus thuath. 

Níos mó